Féiniúlacht agus muintearas Tá Féiniúlacht agus Muintearas ar cheann de na ceithre théama a úsáidtear in Aistear chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí sna chéad sé bliana. Baineann an téama seo le leanaí a bheith ag foghlaim fúthu féin, faoina muintir agus faoina bpobal, agus ag brath go bhfuil luach leo agus go bhfuil meas ag daoine eile orthu. Sa téama Féiniúlacht agus Muintearas féachtar le cabhrú le leanaí chun go mbeidh féiniúlacht láidir acu go mbraithfidh siad go mbaineann siad le grúpa go mbraithfidh siad gur foghlaimeoirí cumasacha iad go dtuigfidh siad an rud is ceart ann. Is iomaí smaoineamh agus moladh a gheofar in Aistear faoin tslí leis an modh foghlama agus forbartha tábhachtach seo a chur ar fáil do bhabaithe, do naíonáin agus do leanaí beaga. Féiniúlacht agus muintearas