Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú

Ciallaíonn measúnú in Aistear eolas a bhailiú chun scéalta saibhre a chumadh faoi na páistí mar fhoghlaimeoirí ábalta cumasacha. Eolas a bhíonn ansin faoin méid a thuigeann an páiste, an tslí ina smaoiníonn siad, an méid is féidir leo a dhéanamh, agus faoina bpearsantacht agus a réimse spéiseanna. Baineann cleachtóirí úsáid as an eolas seo chun eispéiris spéisiúla dúshlánacha taitneamhacha a sholáthar do na páistí, chun tacaíochtaí oiriúnacha a roghnú dóibh, chun iad a spreagadh, chun an méid atá foghlamtha acu a dhoiciméadú agus a cheiliúradh, agus chun na chéad chéimeanna eile a phleanáil.

Faigh amach tuilleadh faoi mheasúnú in Aistear in Tacú leis an bhfoghlaim agus leis an bhforbairt tríd an mheasúnú

Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.

Déantar cur síos sa chreat ar fhoghlaim agus ar fhorbairt páistí i bhfoirm cheithre théama.