Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Creat

Is é  Aistear (2009) an creatchuraclam do gach páiste in Éirinn idir breith agus sé bliana. Déantar cur síos ann ar na cineálacha foghlama is tábhachtaí do pháistí ag an gcéim seo dá saoil.  Treoir is ea Aistear chun eispéiris spreagúla, spéisiúla, spraíúla a phleanáil do pháistí i seirbhísí cúram lae agus i seirbhísí seisiúnacha, i ranganna naíonán i mbunscoileanna agus i suíomhanna cúram leanaí. Tá raidhse smaointe praiticiúla ann do thuismitheoirí, leis, ar an tslí le cabhrú lena bpáistí rudaí tábhachtacha a fhoghlaim ó ghníomhaíochtaí agus nósanna laethúla. 

Déantar cur síos sa chreat ar fhoghlaim agus ar fhorbairt páistí i bhfoirm cheithre théama:

  • Folláine
  • Féiniúlacht agus muintearas
  • I mbun cumarsáide
  • Taiscéalaíocht agus smaointeoireacht

Tuilleadh eolais in Aistear: an Creatchuraclam Luath-Óige