Stór focal
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearachaTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
Céim 2Rang a haon agus a dóTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 3Rang a trí agus a ceathairTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 4Rang a cúig agus a séTrí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
|
Úsáid a bhaint as stór focal níos leithne óna dtaithí phearsanta agus óna dtaithí ar phlé le téacs. Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach, le tacaíocht de réir mar is gá. |
Úsáid a bhaint as stór focal níos casta ó go leor foinsí agus gnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha na teanga a fhiosrú ina gcuid scríbhneoireachta. |
Teanga agus stór focal oiriúnach a fhiosrú agus a roghnú chun téacsanna a chruthú i réimse seánraíi dteangacha éagsúla nuair is cuí, ar mhaithe le cuspóirí agus luchtannaéisteachta/léite éagsúla. Údar/cúiseanna a thabhairt leis na roghanna sin. |
Teanga agus stór focal oiriúnach a fhiosrú agus a roghnú chun téacs níos casta a chruthú i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúla nuair is cuí, ar mhaithe le cuspóirí agus luchtanna éisteachta/léite éagsúla. Údar/cúiseanna a thabhairt leis na roghanna sin. Measúnú a dhéanamh ar ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha, samhlaíocha agus fáthchiallacha na teanga a úsáideann siad ina gcuid scríbhneoireachta. Measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann siad as stór focal ag brath ar chomhthéacsanna éagsúla. |