Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Newgrange: A Search for Meaning

Sámpla 2

Na Gnéithe Cáilíochta: Tóraíocht bhrí an duine

Na Gnéithe Cáilíochta:

Tóraíocht bhrí an duine

Thar barr ar fad
 

Tá sárthaighde le feiceáil sa tuairisc chomh maith le tuiscint shoiléir ar mar atá creideamh reiligiúnach/tóraíocht bhrí an duine curtha in iúl ina ábhar roghnaithe.

Tá an tuairisc iontach láidir agus cuimsitheach ó thaobh mar a thaispeántar conas a bhaineann an t-ábhar a fiosraíodh le ceann amháin nó níos mó de cheisteanna móra an tsaoil.

Tá freagairt phearsanta ghéarchúiseach sa tuairisc lena dtaispeántar go ndeachaigh an scoláire i ngleic leis an ábhar agus gur tháinig sé ar a chonclúidí measta féin.

Os cionn na n-ionchas

Tá taighde agus tuiscint an-mhaith le feiceáil sa tuairisc ar mar atá creideamh reiligiúnach/tóraíocht bhrí an duine curtha in iúl ina ábhar roghnaithe.

Taispeántar go han-soiléir sa tuairisc conas a bhaineann an t-ábhar a fiosraíodh le ceann amháin nó níos mó de cheisteanna móra an tsaoil.

Tá freagairt phearsanta bharántúil sa tuairisc lena dtaispeántar go ndeachaigh an scoláire i ngleic leis an ábhar agus gur tháinig sé ar a chonclúidí measta féin.

Ag teacht leis na hionchais 

Tá taighde agus tuiscint réasúnta maith le feiceáil sa tuairisc ar mar atá creideamh reiligiúnach/tóraíocht bhrí an duine curtha in iúl ina ábhar roghnaithe

Taispeántar go réasúnta soiléir sa tuairisc conas a bhaineann an t-ábhar a fiosraíodh le ceann amháin nó níos mó de cheisteanna móra an tsaoil.

Tá roinnt freagartha pearsanta sa tuairisc, cé gur freagairt réasúnta teoranta atá ann, lena dtaispeántar go bhfuil roinnt iarrachta déanta ag an scoláire chun teacht ar a chonclúid mheasta féin.

Níor chomhlíon na hionchais go fóill

Tá taighde agus tuiscint theoranta le feiceáil sa tuairisc ar mar atá creideamh reiligiúnach/tóraíocht bhrí an duine curtha in iúl ina ábhar roghnaithe.

Taispeántar nasc teoranta nó ní thaispeántar nasc ach go beag idir an t-ábhar a fiosraíodh agus ceann amháin nó níos mó de cheisteanna móra an tsaoil.

Tá beagán fianaise nó níl aon fhianaise ar fhreagairt phearsanta sa tuairisc ná fianaise gur tháinig an scoláire ar a chonclúidí measta féin.