Stór focal
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearachaTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
Céim 2Rang a haon agus a dóTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 3Rang a trí agus a ceathairTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 4Rang a cúig agus a séTrí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
|
éisteacht le cainteoir agus leideanna éagsúla ar nós geáitsí, fíorábhar, nó tuin chainte a úsáid chun teacht ar an bpríomhtheachtaireacht agus ar an tuiscint gur féidir cumarsáid a dhéanamh i dteangacha éagsúla. úsáid a bhaint, le linn spraoi agus comhrá as roinnt focail/frásaí Gaeilge bunúsacha a chloiseann siad go minic. |
ciall a bhaint as focail/frásaí nua trí úsáid a bhaint as réimse straitéisí ar nós gheáitsí agus thuin chainte an chainteora, focail ghaolmhara, pictiúr, gníomhaíochtaí, mímeanna nó ón gcomhthéacs nó trí éisteacht le cur síos ar an bhfocal. úsáid chuí a bhaint, le linn spraoi, comhrá agus tuairisciú, as stór focal/frásaí bunúsacha a bhaineann le topaicí a bhfuil cur amach acu orthu agus focail/frásaí Gaeilge a bhaineann leis an timpeallacht scoile agus le saol an pháiste, in abairt Bhéarla agus/nó Ghaeilge. |
beannachtaí, nathanna cainte, agus frásaí coitianta a úsáid le tuin agus le foghraíocht chuí. úsáid a bhaint as stór focal agus frásaí ó bhéal, ina measc teanga a bhaineann le téacs agus le topaic. straitéisí éagsúla a úsáid chun stór focal agus frásaí a shealbhú ó fhoinsí éagsúla. |
réimse leathan beannachtaí, nathanna cainte agus frásaí coitianta a úsáid le tuin agus le foghraíocht chuí. úsáid a bhaint as réimse níos leithne de stór focal agus de fhrásaí i réimse seánraí. straitéisí éagsúla a roghnú agus a úsáid chun stór focal agus frásaí a shealbhú ó fhoinsí éagsúla. |