Skip to content

3 Draft Leaving Certificate specifications consultations

3 Draft Leaving Certificate specifications consultations

View Info

Gaeilge Chumarsáideach

Is é atá i gceist leis an gclár seo ná cúrsa Gaeilge praiticiúil idirghníomhach ag leibhéal na hArdteistiméireachta a chur ar fáil. Is í an aidhm atá leis ná go mbeadh úire ag baint leis an gcúrsa agus go mbeadh an cúrsa oiriúnach don ghrúpa ar a bhfuil sé dírithe. Cúrsa bunaithe ar riachtanais agus ar mhianta teanga an lae inniu atá i gceist. Is í fealsúnacht an chúrsa gur linn ar fad an Ghaeilge agus go bhfuil sé de cheart ag gach scoláire an deis a fháil an teanga a fhoghlaim. Athrú béime agus ní ísliú caighdeáin atá i gceist. Is ar scoláirí i scoileanna nach scoileanna Gaeltachta ná scoileanna lán- Ghaeilge iad atá an cúrsa seo Gaeilge Chumarsáideach dírithe.