Am < Ar ais chuig Tomhais Am Céim 1 Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Céim 2 Rang 1 agus Rang 2 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 3 Rang 3 agus Rang 4 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 4 Rang 5 agus Rang 6 Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann tuiscint a fhorbairt ar am agus a úsáidí. tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéantar am a thomhas, a chur in iúl agus a thaispeáint. sloinn choibhéiseacha ama a fhiosrú. am a chur i gcomparáid, a gharmheas agus a thomhas trí úsáid a bhaint as na haonaid tomhais chuí. na coibhneasa idir aonaid agus léirithe éagsúla ama a shainaithint. tascanna praiticiúla a réiteach agus a chur a bhfuil léirmhíniú agus ríomh ama i gceist leo. Coincheapa Is féidir cur síos a déanamh ar imeachtaí i ngnáthchúrsaí an tsaoil agus is féidir iad a chur in ord. Is léaráid úsáideach é amchlár chun an uair a tharlóidh rudaí a thaispeáint. Caitear an t am go seasta. Is féidir am a chur in iúl ar bhealaí éagsúla. Tá achar nó spás ag gach uair ar an gclog analógach. Léiríonn féilirí na laethanta agus na míonna agus is féidir iad a úsáid chun aird a tharraingt ar amanna tábhachtacha. Déantar meas ar am ach úsáid a bhaint as aonaid uilechoiteanna, soicindí, nóiméid, uaireanta, laethanta, seachtainí, míonna, blianta, céadta agus araile. Tá caidrimh faoi leith idir na haonaid. Tomhaiseann aonaid ama an méid ama a mhaireann rud éigin. Bogann na lámha uaire agus nóiméid go deiseal de réir mar atá am á chaitheamh. Bogann an dá lámh (trí cinn in amanna) ar luasanna éagsúla, de réir na n aonad ama atá siad a thaispeáint. Is féidir am a chur in iúl i leaganacha amach analógacha agus digiteacha. Déantar seachtainí a ríomh in iolraí de sheacht lá. Is é 60 an bunús den chóras uimhrithe chun tiontú a dhéanamh ó nóiméid go huaireanta, agus ó shoicindí go nóiméid (agus a mhalairt). Cuirtear am in iúl de réir na huaire ach úsáid a bhaint as nóiméid nó eatraimh chodánacha de 60 nóiméad. Is féidir am a léiriú ach úsáid a bhaint as leaganacha amach 12 uair agus 24 uair. Léiríonn an leagan amach 24 uair an méid uaireanta agus nóiméad a caitheadh ó mheán-oíche. Is uirlisí iad amchláir agus sceidil i gcomhair am a bhainistiú agus a eagrú. Déantar laethanta a chomhaireamh ó mheán oíche an lae roimhe sin. Úsáidtear meán-am Greenwich (MAG) mar an t-am caighdeánach, agus déantar tagairt do na hamchriosanna ar fad eile la hais MAG. Meastar luas mar fhad a thaistealaítear in aghaidh gach aonad ama. Contanam Dul chun Cinn Cliceáil ar an íomhá chun teacht ar chontanam dul chun cinn an tsnáithaonad de ‘Am’ Ábhair tacaíochta do mhúinteoirí Am: Moltaí maidir le heispéiris foghlama Ábhar tacaíochta Am: Moltaí maidir le heispéiris foghlama Am: Moltaí don teagasc Ábhar tacaíochta Am: Moltaí don teagasc Am: Moltaí maidir le príomhtheanga Ábhar tacaíochta Am: Moltaí maidir le príomhtheanga Am: Moltaí don timpeallacht foghlama Ábhar tacaíochta Am: Moltaí don timpeallacht foghlama Am: Moltaí don fhoghlaim sa bhaile Ábhar tacaíochta Am: Moltaí don fhoghlaim sa bhaile Foghlaim faoi agus tuiscint a fháil ar ‘Am’ Ábhar tacaíochta Foghlaim faoi agus tuiscint a fháil ar ‘Am’ Straitéisí agus uirlisí le ‘hAm’ a theagasc Ábhar tacaíochta Straitéisí agus uirlisí le ‘hAm’ a theagasc