Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ullmhúchán don Obair agus Gairmthreoir

Soláthraíonn an cúrsa seo raon taithí foghlama don scoláire a chuirfidh lena fhorbairt ghairme agus lena thuiscint ar an saol oibre. Tá sé d’aidhm leis scileanna tábhachtacha don ionad oibre a fhorbairt, ar nós pleanála, cumarsáide agus obair foirne. Féachann an cúrsa chomh maith lena chinntiú go mbaintear an oiread leas agus is féidir as na deiseanna foghlama a fhaightear ó thaithí phraiticiúil ar nós gníomhaíocht fiontraíochta, obair phobail agus taithí oibre. Cuideoidh an chuid gairmthreorach den chúrsa seo leis an scoláire feasacht a fhorbairt ar a chuid láidreachtaí pearsanta agus ar na spéiseanna atá aige i dtaca leis an saol oibre. Spreagtar an scoláire chomh maith lena phlean gnímh gairme féin a fhorbairt.