Foghlaim phearsantaithe Deartar Plean Oideachais don Dalta Aonair Shiobhán i gcomhar lena tuismitheoirí, a múinteoir ranga, na cúntóirí riachtanas speisialta agus aon teiripeoirí ábhartha. Deartar an Plean Oideachais don Dalta Aonair ag tús na bliana acadúla agus déantar athbhreithniú air gach téarma. Sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair, sainaithnítear láidreachtaí, riachtanais, spéiseanna agus buanna Shiobhán agus tá sé mar bhunús le clár foghlama pearsantaithe a chruthú atá ábhartha, bríoch agus spreagthach. Cáipéis chomhoibritheach agus scoláire-láraithe atá sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair agus tá deiseanna pleanáilte ann do Shiobhán chun cur lena Plean Oideachais don Dalta Aonair agus chun a smaointe agus tuairimí a chur in iúl agus machnamh a dhéanamh ar a dul chun cinn. Achoimre ar na spriocanna i bPlean Oideachais don Dalta Aonair Shiobhán Cumarsáid, teanga agus litearthacht Labhairt go cuí le haghaidh cuspóirí éagsúla Aird mar éisteoir a thaispeáint Iompar neamhbhriathartha a úsáid Léitheoireacht chun eolas bunúsach a fháil Foirmeacha scríofa a úsáid le tuairimí a chur in iúl Ealaíona mothúchánacha a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh Uimhearthacht Airgead a bhainistiú Feasacht faoi uimhreas Áireamhán a úsáid Feasacht faoi am Feasacht spásúil Feasacht faoi theocht Feasacht faoi mheáchan agus toilleadh Cúram pearsanta agus folláine Cinntí pearsanta a dhéanamh Gnéasacht Bainistíocht struis Cúram maith pearsanta laethúil a fhorbairt Eolas ar conas a bheith sábháilte A bheith rannpháirteach i bpobal Roghanna a dhéanamh agus áiseanna áitiúla á n-úsáid m.sh. caiféanna áitiúla Sástacht a chur in iúl i gcuideachta daoine eile Na healaíona Páirt a ghlacadh i saothar ealaíne a chruthú bunaithe ar fhíor-spreagthacha nó spreagthacha samhalta – Póstaer a chruthú do mhaidin caife Nollag Oibriú go neamhspleách agus/nó go comhoibritheach chun saothar ealaíne a tháirgeadh Corpoideachas An corp ar fad nó baill de a bhogadh go cruthaitheach mar fhreagairt ar spreagthach Feasacht a fhorbairt ar chonairí agus treo na gluaiseachta Achoimre ar chlár foghlama Shiobhán Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) Gnéithe Ábhair na sraithe sóisearaí/gníomhaíochtaí scoile ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt Béarla agus gach ábhar ATF 2: Uimhearthacht Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt Matamaitic, eacnamaíocht bhaile agus gach ábhar ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine Cúram pearsanta agus sláinteachas OSPS, corpoideachas, eacnamaíocht bhaile agus gach ábhar ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal Áiseanna áitiúla a úsáid OSPS, STOS, Béarla, matamaitic ATF 5: Na healaíona Na hAmharcealaíona Ceol, drámaíocht, na hamharcealaíona ATF 6: Corpoideachas Gluaiseacht chruthaitheach (damhsa) OSPS, STOS