Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

Sa bhreis ar eolas sainiúil cothaíonn ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna chun raon príomhscileanna a fhorbairt. Tá féidearthachtaí ann tacú leis na príomhscileanna go léir le linn an chúrsa seo ach tá cuid díobh fíorthábhachtach. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

An phríomhscil Gné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire
A bheith uimheartha   Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil Is féidir leis an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar a ngaol idir na seanraí/stíleanna éagsúla agus cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint trí ghníomhaíochtaí éisteachta agus cumtha. 
A bheith liteartha  Scríobh ar son cuspóirí éagsúla Is féidir leis an scoláire ceol a chruthú mar fhreagairt ar spreagthaí éagsúla amhail íomhánna, téacsanna, smaointe/meonta/mothúcháin teibí nó foirmeacha agus píosaí binne eile.
Mé féin a bhainistiú A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin Foghlaimeoidh an scoláire láidreachtaí agus laigí pearsanta a shainaithint agus machnamh a dhéanamh orthu; breathnú ar a roghanna agus a chinntí; agus cuidiú a lorg agus bheith oscailte don aiseolas ar bhealach a éascaíonn athbhreithniú agus feabhsú. 
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú   Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt  Is féidir leis na scoláirí gléasanna digiteacha a úsáid lena léirithe aonair nó grúpa a thaifeadadh, an t-ábhar seo a roinnt lena chéile agus punann forbartha léirithe a fhorbairt.
A bheith cruthaitheach   Foghlaim go cruthaitheach Déanfaidh an scoláire iniúchadh ar chuir chuige nuálacha le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí an tseomra ranga; mar shampla trí phlé grúpa, gluaiseacht, smaointeoireacht amhairc, teagasc piaraí, úsáid chruthaitheach as teicneolaíocht agus dul sa seans. 
Cumarsáid 

Taibhiú agus cur i láthair

Gheobhaidh an scoláire deiseanna le mothúcháin a iniúchadh agus a chur in iúl trí léiriú nó trí chur i láthair. Déanfaidh sé cinntí faoi conas is fearr cumarsáid a dhéanamh lena lucht éisteachta/féachana. 

Trí bheith ag éisteacht le daoine eile agus ag breathnú orthu ag déanamh cumarsáide, is féidir leis an scoláire tuiscint a fhorbairt ar an dóigh lena smaointe a chur in iúl trí mheáin éagsúla agus chuí. 

Obair le daoine eile  An dea-chaidreamh a fhorbairt agus plé le coimhlint Foghlaimeoidh na scoláirí conas caidreamh a dhéanamh le piaraí agus le múinteoirí le linn cleachtaí agus gníomhaíochtaí grúpa eile; caitheann siad am ag éisteacht go gníomhach lena chéile agus ag comhroinnt smaointe go hionraic agus go leochaileach; foghlaimeoidh siad conas dearcthaí/smaointe daoine eile a urramú agus a chuimsiú.
Fanacht folláin   A bheith muiníneach Forbraíonn an scoláire muinín agus é ag rannchuidiú le cinntí a dhéanamh laistigh de ghrúpa ceoil agus gníomhaíochtaí agus iarrachtaí cruthaitheacha comhoibríocha á ndéanamh aige. Forbraíonn siad teacht aniar nuair atá deacrachtaí rompu agus ciall don sásamh nuair a bhaineann siad spriocanna amach.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.