Skip to content

Consultation on the Primary Curriculum now open

Consultation on the Primary Curriculum now open

View Info

Stór focal

< Back to Léitheoireacht

Stór focal

Vocabulary

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste le focail agus frásaí nua a seasann téacs dóibh, múnlaithe ag duine eile.

Gníomh an pháiste...

Éisteann an páiste leis an múinteoir ag fuaimniú focal agus frásaí nua a bhíonn ag teastáil chun téacsanna a léitear dó a thuiscint, agus déanann spraoi le roinnt acu sa léitheoireacht éiritheach agus é/í á rá arís is arís eile.

Gníomh an pháiste...

Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht le réimse téacsanna a léitear os ard agus déanann focail agus frásaí nua a athrá sa léitheoireacht éiritheach.

Gníomh an pháiste...

Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir ag fuaimniú focail agus frásaí nua agus léiríonn roinnt tuisceana de réir a chéile.

Gníomh an pháiste...

Sealbhaíonn an páiste focail agus frásaí nua ó réimse téacsanna teagaisc agus neamhspleácha agus ón múinteoir agus labhraíonn ar an mbrí atá leo.

Úsáideann an páiste roinnt focal nua mar fhreagairt ar théacsanna.

Sealbhaíonn an páiste focail/frásaí nua ó bheith ag éisteacht leis an teanga á labhairt i gcomhthéacsanna difriúla agus ag cainteoirí eile Gaeilge seachas an múinteoir.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste réimse straitéisí chun focail nua i dtéacsanna a thuiscint agus a phlé agus tuigeann gur féidir an smaoineamh céanna a chur in iúl le frásaí difriúla.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus úsáideann an páiste focail agus frásaí nua mar is cuí i gcomhthéacsanna éagsúla agus tosaíonn ar fhoclóirí a úsáid chun teacht ar bhrí focal.

Aithníonn an páiste roinnt comhchiallach, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna agus fréamhfhocal.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste foclóirí agus foinsí tagartha eile chun chun teacht ar bhrí focal.

Baineann an páiste úsáid mhuiníneach as raon straitéisí chun focail nua a thuiscint, lena n-áirítear eolas ar chomhchiallaigh, contrárthachtaí agus  Fréamhfhocail
Focal gan aon táthmhír ná aon infhilleadh gramadaí is ea an fréamhfhocal m.sh. bus, déan, brón, tóg, fear. Féadtar go leor focal eile a chruthú ach focail fréimhe nó bunfhocail a úsáid:
focail infhillte: fréamh + infhilleadh gramadaí m.sh. busanna, déanamh.
focail dhíorthaithe: fréamh + táthmhír m.sh. brónach, tógálaí
comhfhocail m.sh. saorfhear.
.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teasárais agus foinsí eile tagartha chun brí focal a aimsiú agus a úsáid trasna an churaclaim.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste  Comhchiallaigh
Comhchiallach is ea focal a bhfuil an chiall chéanna aige le focal eile, nó ciall atá cosúil leis, m.sh. áthasach, sona, sásta.
 ,  Comhainmneacha
Focail a fhoghraítear mar a chéile ach nach ionann a mbrí, m.sh. cóir agus comhair, suí agus saoi, téigh agus téigh.
 , contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna, agus  Fréamhfhocail
Focal gan aon táthmhír ná aon infhilleadh gramadaí is ea an fréamhfhocal m.sh. bus, déan, brón, tóg, fear. Féadtar go leor focal eile a chruthú ach focail fréimhe nó bunfhocail a úsáid:
focail infhillte: fréamh + infhilleadh gramadaí m.sh. busanna, déanamh.
focail dhíorthaithe: fréamh + táthmhír m.sh. brónach, tógálaí
comhfhocail m.sh. saorfhear.
 i dtéacsanna agus déanann sé cur síos orthu.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste straitéisí éagsúla chun brí a bhaint as focail i dtéacsanna.

Successfully added to the clipboard.