Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Assessment

Assessment for certification in physical education is based on the aim, objectives and learning outcomes outlined in the specification. There are three assessment components in Leaving Certificate Physical Education: A physical activity project, performance assessment and written examination. Differentiation at the point of assessment will be achieved through examinations at two levels, Ordinary level and Higher level.  The performance assessment will be at a common level.

Assessment component  Weighting  Level 
Physical activity project  20% Higher and Ordinary
Performance assessment  30% Common level
Written examination 50%  Higher and Ordinary

The learner will be required to complete the physical activity project and performance assessment in two different activities.

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir tionscadal gníomhaíochta coirp a chur i gcrích. Féadfaidh gach foghlaimeoir roghnú cén gníomhaíocht ar a ndíreoidh sé dá thionscadal gníomhaíochta coirp. Aithnítear mar sin féin go mbeidh tionchar ag comhthéacs áirithe na scoile, an clár corpoideachais is féidir leis a éascú agus leibhéal na saoráidí pobail, ar an leibhéal rogha is féidir a bhainistiú. Comhaontóidh an múinteoir corpoideachais, i gcomhairle leis an bhfoghlaimeoir, raon na ngníomhaíochtaí ar féidir freastal orthu agus tacú leo dá thionscadal gníomhaíochta coirp.

Féadfaidh an foghlaimeoir rogha a dhéanamh an tionscadal gníomhaíochta coirp a chur i gcrích i gceann de na róil seo a leanas:

  • mar dhuine atá ina bhun
  • mar chóitseálaí/cóiréagrafaí.

Ba cheart go mairfeadh an tionscadal idir ocht nó deich seachtaine agus iarrfar ar an bhfoghlaimeoir a chuid foghlama a chur i bhfeidhm ón tsonraíocht chun forbairt bhreise a dhéanamh ar a thaispeántas pearsanta ina ról roghnaithe.
Cuirtear an tionscadal gníomhaíochta coirp i gcrích i bhformáid dhigiteach.

Is iad na ceithre roinn:
1) Anailís ar an taispeántas
2) Ceithre sprioc feidhmíochta a shainaithint
3) Fianaise ar thraenáil/cleachtadh agus machnamh leanúnach
4) Anailís scoir.

Roghnaíonn an foghlaimeoir ceann de thrí ghníomhaíocht choirp roghnaithe a bhfuil a rang i mbun staidéir orthu i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta dá mheasúnú feidhmíochta. Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir an raon scileanna, teicnící agus/nó gnéithe comhdhéanaimh a bhfuil cuntas orthu don ghníomhaíocht choirp a thaispeáint i Réimsí gníomhaíochta coirp i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta. (lch 50)

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir eolas agus tuiscint a thaispeáint ar na prionsabail súgartha/taispeántais, tuiscint ar rialacha agus ar ghnásanna na gníomhaíochta agus cloí le cleachtas sábháilte roimh an taispeántas, lena linn agus ina dhiaidh. Déantar measúnú ar an bhfoghlaimeoir i gcomhthéacsanna éagsúla lena n-áirítear taispeántas pearsanta, cleachtais atá go hiomlán iomaíoch agus/nó múnlaithe.

Gabhann an foghlaimeoir an taispeántas go digiteach agus gabhtar é i seisiúin arna gceapadh chun an taispeántas pearsanta is fearr ón bhfoghlaimeoir a thaispeáint i gcleachtais nó i socruithe taispeántais atá go hiomlán iomaíoch agus/nó múnlaithe. Beidh an measúnú ar an taispeántas ag leibhéal comónta, a ndéanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú air.

Sa taispeántas i ngníomhaíocht roghnaithe, beifear ag súil go ndéanfaidh an foghlaimeoir na rudaí seo a leanas:

  • fianaise a thaispeáint ar a chumas na scileanna agus na teicnící a bhfuil cuntas orthu sa roinn ar an ngníomhaíocht choirp i gcleachtas múnlaithe a roghnú, a chur i bhfeidhm agus a chur i gcrích, leagan iomlán iomaíoch den ghníomhaíocht, nó taispeántas pearsanta
  • tuiscint agus eolas ar an ngníomhaíocht choirp a thaispeáint, lena n-áirítear an cumas beartaíochtaí, straitéisí agus eolas comhdhéanaimh difriúil a chur i bhfeidhm agus a oiriúnú mar fhreagra ar chásanna difriúla i dtimpeallachtaí múnlaithe nó iomaíocha
  • eolas agus cur i bhfeidhm na rialacha, rialachán agus cóid chleachtais sa ghníomhaíocht roghnaithe a thaispeáint.

Bunófar an scrúdú scríofa ar na haidhmeanna, spriocanna agus torthaí foghlama atá breactha síos sa tsonraíocht. Déanfar scrúdú orthu seo a leanas:

  • eolas agus tuiscint ar na himthosca teoiriciúla a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar thaispeántas i ngníomhaíocht choirp agus na caidrimh eatarthu
  • coincheap agus próiseas eolais an fhoghlaimeora i dtaca leis an tionscadal taispeána
  • rannpháirtíocht an fhoghlaimeora le cás-staidéar atá ceaptha chun iarraidh ar an bhfoghlaimeoir a chuid foghlama a chur i bhfeidhm i gcás gníomhaíochta coirp áirithe
  • soiléire agus leanúnachas i mbainistiú smaointe agus freagraí.

Assessment Guidelines

More detailed material on the coursework assessment in Leaving Certificate Physical Education will be available in separate Assessment Guidelines.  This document will include the assessment criteria and details of the practical arrangements related to each component.

Differentiation

In common with other specifications, physical education is assessed at Higher and Ordinary level. In the written examination, differentiation at the point of assessment will be reflected in the structure of the examination paper and in the style of questioning. Consideration will be given to the language level in the examination questions, the stimulus material provided, the structure of the questions and the amount of scaffolding provided for the learners, especially at Ordinary level.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.