Staidéar Comhshaoil agus Sóisialta Siollabas daltalárnach is ea Staidéar Comhshaoil agus Sóisialta a chuimsíonn eilimintí de dhisciplíní na Staire, na Tíreolaíochta agus na Saoránachta i gcur chuige téamach do dhaltaí chéad bhliana, dara bliana agus tríú bliana iar-bhunoideachais. Seo mar a dhéanfar é a mheasúnú: (i) Páipéar scrúdaithe (60%) (ii) Imscrúdú stairiúil (20%) (iii) Tasc tíreolaíochta allamuigh (20%) Dhá pháipéar scrúdaithe a bheidh ann, ceann Ardleibhéal agus ceann Gnáthleibhéal. Siollabais Stáidear Imshaoil agus Sóisiolta