Creat Is é Aistear (2009) an creatchuraclam do gach páiste in Éirinn idir breith agus sé bliana. Déantar cur síos ann ar na cineálacha foghlama is tábhachtaí do pháistí ag an gcéim seo dá saoil. Treoir is ea Aistear chun eispéiris spreagúla, spéisiúla, spraíúla a phleanáil do pháistí i seirbhísí cúram lae agus i seirbhísí seisiúnacha, i ranganna naíonán i mbunscoileanna agus i suíomhanna cúram leanaí. Tá raidhse smaointe praiticiúla ann do thuismitheoirí, leis, ar an tslí le cabhrú lena bpáistí rudaí tábhachtacha a fhoghlaim ó ghníomhaíochtaí agus nósanna laethúla. Déantar cur síos sa chreat ar fhoghlaim agus ar fhorbairt páistí i bhfoirm cheithre théama: Folláine Féiniúlacht agus muintearas I mbun cumarsáide Taiscéalaíocht agus smaointeoireacht Tuilleadh eolais in Aistear: an Creatchuraclam Luath-Óige