Codáin < Ar ais chuig Uimhreas Codáin Céim 1 Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Céim 2 Rang 1 agus Rang 2 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 3 Rang 3 agus Rang 4 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 4 Rang 5 agus Rang 6 Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann feasacht a fhorbairt ar choibhneasa ‘cuidiomlán’ trí úsáid a bhaint as réimse samhlacha (achar, fad agus tacar). codáin a aithint agus a ainmniú de réir a ngaol ‘cuid-iomlán’. coincheap na coibhéise a fhiosrú i dtéarmaí codáin shimplí. codáin a chur i gcomparáid, a chur in iúl i dtéarmaí coibhéiseacha, agus a chur in ord. codán de cháinníochtaí a ríomh agus a chur in iúl ar roinnt bealaí. na coibhneasa idir codáin, deachúlacha agus céatadáin a fhiosrú (a shamhaltú, a chur i gcomparáid agus a aistriú). comhréireacht agus cóimheasa cáinníochtaí (tacair) a fhiosrú. Coincheapa Is féidir tacair, rudaí agus spásanna a roinnt ar bhealaí difriúla. Léiríonn codáin caidrimh ‘cuid-iomlán’. Ainmnítear codáin i dtaca le líon na gcodanna nó na sciartha cothroma atá acu. Bíonn an luach céanna ag gach sciar cothrom de thacar. Is féidir uimhreacha a chur in iúl mar neart codán coibhéiseach. Bíonn méid níos lú ag gach sciar nuair a bhíonn líon níos mó de sciartha an iomláin acu. Seasann an t-uimhreoir do mhéid na gcodanna, seasann an t-ainmneoir do mhéid iomlán na gcodanna. Is féidir breathnú ar chodán mar léiriú roinnte. Cuidíonn finte codán chun coibhneas na gcodán agus / coibhéis a thaispeáint, agus nuair a bhíonn codáin á gcur le chéile nó á mbaint as a chéile. Is féidir le codáin luach níos mó ná a haon a chur in iúl. Tá uimhreoirí atá níos airde ná na hainmneoirí ag leaschodáin. Is féidir codáin a chur le chéile / a bhaintear as a chéile go héasca nuair atá ainmneoir coitianta acu. Is féidir codáin a chur in iúl i bhfoirm dheachúlach nó chéatadánach. Baintear úsáid as cóimheasa chun dhá shlánuimhir nó níos mó a chur i gcomparáid le chéile agus bíonn léirithe comhfhreagracha acu mar chodáin. Ní athraíonn luach an chodáin nuair a iolraítear é faoi choibhéis chodánach d’aon nó nuair a roinntear é ar cheann. D’fhéadfadh leis seo a bheith úsáideach chun coibhéis agus / nó ríomh ina bhfuil páirt ag codáin a phlé. Contanam Dul chun Cinn Cliceáil ar an íomhá chun teacht ar chontanam dul chun cinn an tsnáithaonad de 'Codáin'