Sonraí < Ar ais chuig Sonraí agus seans Sonraí Céim 1 Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann Céim 2 Rang 1 agus Rang 2 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 3 Rang 3 agus Rang 4 Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann Céim 4 Rang 5 agus Rang 6 Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann sonraí a fhiosrú, a léirmhíniú agus a mhíniú ar roinnt bealaí le haghaidh réimse críocha. ceisteanna atá ina n-ábhair spéise a chur agus sonraí a thaifeadadh agus a úsáid mar fhianaise chun na ceisteanna céanna a fhreagairt, agus chun na torthaí a chur in iúl. ceisteanna atá ina n-ábhair spéise a chur agus sonraí a bhailiú agus a thaispeáint agus a anailísiú go criticiúil ar réimse bealaí le haghaidh réimse críocha, agus na torthaí a chur in iúl. ceisteanna a chur agus sonraí a bhailiú, a chur i gcomparáid, a achoimriú agus a léiriú go roghnach chun na ceisteanna céanna a fhreagairt. torthaí a anailísiú go criticiúil agus a mheas; agus tátail, conclúidí agus impleachtaí na dtorthaí a chur in iúl. Coincheapa Tá sonraí thart timpeall orainn agus cuidíonn siad linn an domhain a léirmhíniú. Is bailiúchán eolais é tacar sonraí atá in ann freagraí a chur ar fáil dúinn ar na ceisteanna a chuirimid. Is féidir sonraí a bhailiú agus a léiriú ar bhealaí difriúla. Is féidir sonraí a bhailiú agus a léiriú ar bhealaí difriúla. Is bealach áisiúil chun eolas a chur in iúl iad léaráidí sonraí (m.sh., táblaí, graif phictiúir, graif bhloic) chun eolas a thabhairt chun solais. Is uirlisí iad graif a chuireann dáileadh, cruth, lár agus éagsúlacht sonraí in iúl. Is féidir réada agus tacair a réiteach de réir aitreabúid amháin nó níos mó. Tá iniúchtaí cioglach agus cuirtear tús leo ach ceist a chur. Cuimsítear próiseas le hiniúchtaí sonraí, ina ndéantar sonraí a thiomsú, a léiriú agus a anailísiú agus torthaí a chur in iúl a fhreagraíonn ceisteanna. Uaireanta bíonn sonraí cáilíochtúil (déanann siad cur síos ar rud éigin) nó bíonn siad cainníochtúil (tá luach uimhriúil i gceist leo). Bíonn graif dhifriúla agus tomhais dhifriúla ag teastáil ó chineálacha éagsúla sonraí. Is uirlisí iad graif a chuireann dáileadh, cruth, lár agus éagsúlacht sonraí in iúl. Is féidir le léaráidí sonraí go leor eolais a bheith iontu is féidir a dhéanamh amach chun cinntí agus infeiris a dhéanamh. Roghnaítear taispeántais sonraí agus cosnaítear iad bunaithe ar a fheabhas a chuireann réimsí na sonraí in iúl agus a fhreagraíonn siad na ceisteanna a chuirtear. Is féidir tuilleadh comparáide agus anailíse a dhéanamh ach athrú idir léaráidí na sonraí. Is achoimrí aon-uimhreach iad tomhais ar lár (m.sh. meán mar sciar cothrom, agus airmheán mar luach atá ordaithe sa lár de na sonraí) ar dháilte iomlána. Is tomhas é réimse a úsáidtear chun inathraitheacht nó scaipeadh na sonraí a fháil. Is féidir anailísiú a dhéanamh ar shonraí chun breathnuithe nó tátail a dhéanamh agus chun teacht ar chonclúidí. Is éard atá i gceist le hinfeireas neamhfhoirmeálta, breathnú taobh thiar de na sonraí a bailíodh (sampla) i gcomhthéacs níos leithne (daonra). Is féidir sonraí a dháileadh ar bhealaí éagsúla. Is féidir a leithéid de dháilte sonraí a chur i gcomparáid lena chéile de réir a gcrutha. Is tomhais ar lár iad meán, airmheán agus/nó mód a chuireann láir dhifriúla de na sonraí in iúl agus cuireann siad réimse léargas ar fáil. Is féidir samplaí a fháil ó réimse sonraí mar fhianaise ionadaíoch, chun teacht ar ghinearáluithe agus fáil amach a mhuiníní agus a chinnte atá an ginearálú. Is féidir sonraí tuairiscithe a mheas de réir a ionadaíoch, a thoiliúil agus a iontaofa atá siad. Is féidir léaráidí sonraí (m.sh. graif) a úsáid chun inathraitheacht sna sonraí a chur in iúl, chomh maith leis na tomhais ar lár agus chun comparáid a dhéanamh idir an dá ghrúpa. Contanam Dul chun Cinn Cliceáil ar an íomhá chun teacht ar chontanam dul chun cinn an tsnáithaonad de ‘Sonraí'