Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Litearthacht agus uimhearthacht

Tá an litearthacht agus an uimhearthacht i measc na scileanna is tábhachtaí a mhúintear sna scoileanna. Gan scileanna litearthachta agus uimhearthachta is deacair do dhaoine saol tairbhiúil sásúil a bheith acu agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí. 

In 2011, sheol an Roinn Oideachais a straitéis náisiúnta ar mhaithe le scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú i measc páistí agus daoine óga.

Seo a leanas na cúig réimse ina ndéanfar beart láithreach:

  • Forbairt ghairmiúil níos fearr do mhúinteoirí
  • Níos mó ama a chur ar fáil chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta a mhúineadh
  • Feabhsú a dhéanamh ar na modhanna measúnachta ar ghnóthachtáil páistí sa litearthacht agus san uimhearthacht
  • Feabhsú ar an tslí ina dtuairiscítear dul chun cinn páistí
  • Comhoibriú le riar na staidéar measúnachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Léigh tuilleadh mar gheall ar Literacy and Numeracy for Learning and Life: The National Strategy to Improve Literacy and Numeracy among Children and Young People, 2011 – 2020.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.