Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú

Cuid dhílis den phróiseas foghlama is ea an measúnú, ar gach leibhéal scolaíochta. Tá dhá fheidhm phríomha leis: chun bheith ina bhonn leis an eispéireas foghlama agus chun gnóthachtáil a thuairisciú. Soláthraíonn an measúnú faisnéis mhórluachmhar dúinn faoin méid atá bainte amach ag foghlaimeoir, agus faoin dul chun cinn atá fós le déanamh.

Is iomaí cineál cleachtas measúnaithe atá ann, agus áit ag gach ceann acu sa seomra ranga. Cabhraíonn gach ceann díobh

le múinteoirí an clár foghlama a phleanáil agus cabhraíonn siad le daltaí dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid foghlama. Áirítear ar na cleachtais sin ceistiú, plé, obair thionscadail, punainn, scrúduithe cinn bliana, scrúduithe caighdeánaithe agus scrúduithe stáit. Tá feidhm dhifriúil ag gach ceann de na cleachtais sin. Cuid acu, gabhfaidh siad dul chun cinn dalta thar thréimhse ama nó tabharfaidh siad pictiúr den tslí a bhfuil ag éirí leis an dalta ag pointe ama ar leith, cuid eile, is uirlis dhiagnóiseach iad nó tugann siad léargas ar an tuiscint atá ag dalta ar thopaic. An fhianaise ar fhoghlaim a bhailítear in aon cheann de na cleachtais seo, féadfaidh an múinteoir leas a bhaint as aon cheann de na cleachtais seo chun breithiúnas a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag an dalta agus chun an clár foghlama a cheartú dá réir. Ba cheart do gach cleachtas measúnaithe díriú ar fhoghlaim an dalta thar aon ní eile. Chun tuilleadh eolais a fhail ar mheasúnú san earnáil is spéis duit, cliceáil ar an nasc ceart thíos:

Measúnú i mBlianta na Luath-Óige

Measúnú sa Bhunscoil 

Measúnú sa tSraith Shóisearach

Measúnú sa tSraith Shinsearach

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.