Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Idirbhliain

Clár bliana is ea an Idirbhliain (IB), an chéad bhliain den tsraith shinsearach trí bliana ina lán scoileanna. Tá sé ceaptha feidhmiú mar dhroichead idir clár an Teastais Shóisearaigh agus clár na hArdteistiméireachta. Bunaíodh an Idirbhliain i 1984 agus tá sí ar fáil do na scoileanna dara leibhéal uile ó 1994 i leith. Tairgeann thart ar 75% de na scoileanna an clár faoi láthair. Is rogha í an Idirbhliain do na daltaí i roinnt mhaith scoileanna.Tairgeann an Idirbhliain deis do dhaltaí fás agus forbairt a dhéanamh gan aon bhrú ó scrúduithe. Soláthraíonn sí deis do dhaltaí freisin machnamh a dhéanamh agus tuiscint a fhorbhairt ar luach an oideachais agus na hoiliúna, chun iad a ullmhú do na héilimh shíorathraitheacha i saol na hoibre agus an chaidrimh mar dhaoine fásta.

Aidhmeanna

Trí phríomhaidhm atá ag an gclár:

  • Oideachas don aibíocht, agus an bhéim ar an bhforbairt phearsanta, lena n-áirítear feasacht shóisialta agus inniúlacht shóisialta mhéadaithe.
  • Scileanna ginearálta, teicniúla agus acadúla a chothú, agus béim ar an bhfoghlaim idirdhisciplíneach féintreoraithe.
  • Oideachas trí thaithí ar shaol duine fásta agus shaol na hoibre mar bhonn don fhorbairt phearsanta agus aibíochta.

Struchtúir an Chláir

Dearann gach scoil a clár féin, laistigh de threoirlínte atá leagtha síos, de réir riachtanais agus spéiseanna na ndaltaí. Agus a clár ábhair sainiúil á chur le chéile ag scoil, cuireann an scoil san áireamh na féidearthachtaí a thairgeann na leasa pobail áitiúla.Cé nach páirt de chlár na hArdteistiméireachta é, tá staidéar acadúil san Idirbhliain ceaptha bonn daingean a leagan síos don staidéar ar ball, agus tugtar deiseanna do dhaltaí ábhair/modúil a thriail sula roghnaíonn siad a gcuid ábhar don Ardteistiméireacht. Is féidir an Idirbhliain a úsáid mar bhliain feabhais, ar mhaithe le leigheasachán, mura bhfuil oiread dul chun cinn déanta ag daltaí sa tsraith shóisearach agus a mbeifí ag súil leis. Cuidíonn cur chuige idirdhisciplíneach chun peirspictíocht chomhaontaithe a chrúthú, rud a bhíonn in easnamh go minic ar theagasc agus fhoghlaim ábhar aonair faoin modh oibre deighilte traidisiúnta. Féadfaidh an Idirbhliain treoshuíomh a sholáthar i dtreo saol na hoibre trí Thaithí Oibre iarbhír nó trí ionsamhlú oibre/scáthfhoghlaim.

Measúnacht

Ní bhíonn aon scrúdú stáit ann i ndeireadh na hIdirbhliana. Déantar an measúnú ar bhonn leanúnach de ghnáth, agus is féidir measúnú scoilbhunaithe ar thionscadail nó punanna, gníomhaíochtaí béil, cluastuisceana, praiticiúla agus scríofa a bheith san áireamh. Is minic a bhíonn soláthraithe/óstaigh gníomhaíochtaí ar nós Taithí Oibre, Seirbhís Phobail, etc. bainteach le measúnú na ngníomhaíochtaí sin. Baineann socruithe measúnachta dá gcuid féin le roinnt de na modúil. Ó 2000 i leith, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag tairiscint teastais oifigiúil na hIdirbhliana do na rannpháirtithe, le cois teistiméireachtaí scoilbhunaithe a sholáthraíonn na scoileanna féin.Mar aon le cláir eile na sraithe sinsearaí, tá an Idirbhliain i gceist sa mhór-athbhreithniú ar an tsraith shinsearach atá ar súil faoi láthair. - An Idirbhliain | NCCA

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.