Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teicneolaíocht na hArdteistiméireachta

Cuireann Teicneolaíocht na hArdteistiméireachta an t-eolas agus na scileanna atá i gceist le hoideachas teicneolaíochta ar fáil do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas. Cuireann scoláirí a gcuid eolais agus scileanna i bhfeidhm go cruthaitheach i gcur chuige bunaithe ar dhearadh chun fadhbanna laethúla sa teicneolaíocht a réiteach, ag cur san áireamh an tionchar a bheidh ag na réitithe sin ar acmhainní nádúrtha agus ar an gcomhshaol. Cúig réimse staidéir éigeantach atá sa siollabas, mar aon le cúig réimse roghnacha as a roghnaíonn an dalta dhá réimse.

Ar dhá leibhéal a dhéantar Teicneolaíocht  na hArdteistiméireachta a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa agus tionscadal scoláíre.