Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Scrúdú scríofa

Beidh an scrúdú scríofa ar fáil ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal agus scrúdófar na nithe seo a leanas:

  • eolas agus tuiscint
  • anailís agus léirmhíniú ar shonraí cáilíochtúla agus / nó cainníochtúla taighde sóisialta agus polaitiúil
  • cumas chun argóint réasúnach agus loighciúil a chumadh—soiléire agus  léirchruinneas san argóint agus i mbainistiú smaointe.

Is é 80% an céatadán den mharc iomlán a thugtar don chomhpháirt seo. Mairfidh an scrúdú scríofa dhá uair go leith agus beidh trí chuid ann, a eagrófar de réir chineál na ceiste.

Cineál ceiste Roghanna Formáid an fhreagra Ualú Gnáthleibhéil Ualú Ardleibhéil

Ceisteanna gearrfhreagra

Líon socraithe ceisteanna

Déanta ar pháipéar

20%

10%

Ceisteanna le freagra gearr agus sínte ar chás-staidéar ar bhunachar sonraí

Sraith de cheisteanna nach bhfacthas roimhe

Freagra comhthógtha

30%

30%

Aistí dioscúrsacha

Roinnt
Topaicí tugtha

Aiste

30%

40%

Rannán 1 (Ceisteanna gearrfhreagra): éascaíonn sé seo measúnú a bheith déanta ar eolas an iarrthóra maidir le cumhacht agus cinnteoireacht, saoránacht ghníomhach, cearta agus freagrachtaí an duine agus domhandú agus logánú.

Rannán 2 (Ceisteanna le freagra gearr agus sínte ar chás-staidéar ar bhunachar sonraí): éascaíonn sé seo measúnú a dhéanamh ar an iarrthóir i dtaca lena gcuid scileanna chun smaointeoireacht chriticiúil agus neamhspleách a dhéanamh; chun anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla taighde sóisialta agus polaitiúil; agus chun a leithéid sin de shonraí a úsáid go cúramach chun tátail a bhaint astu. I dtaca leo siúd a bheidh á meas ag Ardleibhéal déanfar measúnú freisin ar a gcumas chun teacht ar chonclúidí trí tharraingt ar an eolas níos fairsinge atá acu ón staidéar a rinne siad ar an bPolaitíocht agus an tSochaí, cumhacht agus cinnteoireacht, saoránacht ghníomhach, cearta agus freagrachtaí an duine agus domhandú agus logánú.

Rannán 3 (Aistí dioscúrsacha): éascaíonn sé seo measúnú a dhéanamh ar eolas an iarrthóra i dtaca le cumhacht agus cinnteoireacht, saoránacht ghníomhach, cearta agus freagrachtaí an duine agus domhandú agus logánú chomh maith lena gcuid scileanna i smaointeoireacht chriticiúil, dhioscúrsach agus neamhspleách agus in úsáid chúramach a bhaint as sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun tátail a bhaint astu.

  

Critéir ghinearálta mheasúnaithe don scrúdú scríofa

Is iad eolas agus tuiscint iomlán ar fhíricí, coincheapa agus modhanna na Polaitíochta agus na Sochaí ón tsonraíocht iomlán agus gan mórán easnaimh shuntasacha na comharthaí sóirt a bhaineann le hardleibhéal gnóthachtála sa scrúdú scríofa. Cuireann iarrthóirí i dtólamh a gcuid eolais agus a dtuiscint ar chúrsaí na Polaitíochta agus na Sochaí i bhfeidhm i gcomhthéacsanna coiteanna agus nua araon. Déanann siad anailís agus measúnú cruinn ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla ó fhoinsí difriúla de réir mar is cuí; beidh ionramháil sonraí, más cuí, gan locht.  Cuireann iarrthóirí argóintí agus smaointe loighciúla i láthair ar léir go bhfuil siad bunaithe ar fhianaise.

Is iad eolas agus tuiscint mhaith ar fhíricí, coincheapa agus modhanna na Polaitíochta agus na Sochaí óna lán codanna den tsonraíocht na comharthaí sóirt a bhaineann le gnáthleibhéal gnóthachtála sa scrúdú scríofa. Cuireann iarrthóirí a gcuid eolais agus a dtuiscint ar chúrsaí na Polaitíochta agus na Sochaí i bhfeidhm i gcomhthéacsanna coiteanna agus i roinnt comhthéacsanna nua. Déanann siad anailís agus measúnú réasúnta ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla ó fhoinsí difriúla de réir mar is cuí; beidh a lán dá n-ionramháil sonraí déanta mar is ceart.  Cuireann iarrthóirí argóintí agus smaointe loighciúla i láthair a bhíonn bunaithe ar fhianaise, den chuid is mó.

Is iad eolas agus tuiscint theoranta ar fhíricí, coincheapa agus modhanna na Polaitíochta agus na Sochaí na comharthaí sóirt a bhaineann le leibhéal íseal gnóthachtála sa scrúdú scríofa. Roghnaíonn iarrthóirí na fíricí, na coincheapa agus na modhanna cuí le cur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna coiteanna.  Déanann siad ionramháil bhunúsach ar shonraí mar is ceart.  Cuireann iarrthóirí míniúcháin i láthair a mbíonn roinnt fianaise ag dul leo, ó chomhthéacsanna coiteanna go minic.

 

Difreáil ag tráth an Mheasúnaithe

Dála sonraíochtaí eile, déantar an Pholaitíocht agus an tSochaí a mheas ag Ardleibhéal agus ag Gnáthleibhéal.  Ní bhíonn na ranna den tsonraíocht a bhfuil staidéar le déanamh orthu ag Ardleibhéal le fáil ach faoi chló trom. Beidh difreáil freisin sna ceisteanna i dtéarmaí an leibhéil anailíse, meastóireachta agus cur i bhfeidhm a theastaíonn.

Maidir leis an tuairisc ar thionscadal saoránachta, beidh difreáil i gceist ag tráth an mheasúnaithe trí scéimeanna éagsúla marcála a úsáid ag Ardleibhéal agus ar Gnáthleibhéal.  Beidh an scéim a úsáidfear ag brath ar an leibhéal a ghlac an t-iarrthóir sa scrúdú scríofa.

I gcás na scrúduithe scríofa, cuirfear ar fáil páipéir don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.