Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Eispéireas na Sraithe Sinsearaí

De réir fhís oideachas na sraithe sinsearaí bíonn an foghlaimeoir i lár an eispéiris oideachasúil. Cuirfidh an t-eispéireas sin ar chumas foghlaimeoirí a bheith seiftiúil, a bheith muiníneach, a bheith rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí, agus suim a chothú iontu san fhoghlaim ar feadh a saoil amach anseo.

Tá an fhís seo den fhoghlaimeoir (Fíor 2) bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail ar a bhfuil an tsraith shinsearach tógtha.  Is é an curaclam-lena n-áirítear ábhair agus cúrsaí, príomhscileanna leabaithe, torthaí foghlama curtha in iúl go soiléir, agus cuir chuige éagsúla i leith an mheasúnaithe-is é an meán é trína bhfíoraítear an fhís seo don fhoghlaimeoir.

Ag leibhéal praiticiúil, tacaítear le soláthar eispéireas oideachasúil d’ardchaighdeán a tsraith shinsearach trí na nithe seo a leanas

  • pleanáil, forbairt, eagrú agus meastóireacht éifeachtach curaclaim
  • cuir chuige teagaisc agus foghlama a spreagann agus a chothaíonn spéis i measc foghlaimeoirí, a chuireann ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh, a gcuid foghlama a dhoimhniú agus a chur i bhfeidhm, agus a fhorbraíonn a gcumas chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama
  • forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do lucht bainistíochta scoileanna a chuireann ar a gcumas forbairt agus athruithe curaclaim ina gcuid scoileanna a threorú  
  • cultúr scoile a léiríonn meas ar fhoghlaimeoirí, a spreagann iad chun freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama féin thar am, agus a chothaíonn grá don fhoghlaim.

Fíor 1: Forbhreathnú ar an tsraith shinsearach  

overview of senior cycle diagram

Fíor 2: An léargas ar an bhfoghlaimeoir

vision of senior cycle diagram

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.