Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus Foghlaim

Chun go bhféadfaí tabhairt faoin ábhar go héifeachtach beidh seomraí ag teastáil ina mbíonn

  • taithí ag foghlaimeoirí ar thimpeallacht an tseomra ranga mar áit oscailte agus chomhbhách inar féidir le scoláirí a dtuairim a thabhairt go macánta agus ina bhfáiltítear roimh thriail a bhaint as rudaí, meancóga a dhéanamh agus foghlaim uathu
  • spriocanna soiléire foghlama curtha in iúl d’fhoghlaimeoirí agus gur féidir leo na spriocanna sin a shoiléiriú dóibh féin trína gcur i bhfeidhm agus trí aiseolas
  • deiseanna ag foghlaimeoirí an fhoghlaim a dhéanamh ábhartha bríoch dóibh féin trí choincheapa agus smaointe a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna ón bhfíorshaol agus trí obair a dhéanamh le piaraí chun a dtuiscint ar smaointe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
  • foghlaimeoirí ag fáil aiseolais a insíonn go soiléir dóibh cé na spriocanna foghlama atá bainte amach acu, cé na réimsí ar gá dóibh obair a dhéanamh iontu, agus conas a d’fhéadfadh siad obair a dhéanamh ar na réimsí sin
  • fócas ar fhoghlaim conas foghlaim, agus ar scoláirí a bheith ag stiúradh agus ag glacadh freagrachta as a gcuid foghlama féin.

Is féidir timpeallacht den chineál sin a thógáil go minic ar mheasúnú ar chuir chuige, a bhaineann go príomha le measúnú a úsáid sa seomra ranga mar uirlis chun feabhas a chur ar fhoghlaim scoláirí, agus arb iad a leithéidí seo a gcomharthaí sóirt:  

  • intinní foghlama a roinnt le foghlaimeoirí
  • cabhrú le foghlaimeoirí caighdeáin a bhfuil siad ag díriú orthu a aithint trí chritéir shoiléire ratha nó eiseamláiriú a thabhairt dóibh
  • baint a bheith ag foghlaimeoirí le measúnú ar a gcuid foghlama féin
  • aiseolas a thabhairt a chabhraíonn le foghlaimeoirí a aithint cad é is gá dóibh a dhéanamh chun na caighdeáin inmhianaithe a bhaint amach
  • mothú muiníne a bheith á chur in iúl do gach foghlaimeoir gur féidir leo feabhsú
  • an teagasc a choigeartú chun torthaí an mheasúnaithe a chur san áireamh.

Cé go n-oireann réimse leathan gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama, atá rannpháirteach agus dírithe ar fhiosrú, don Pholaitíocht agus don tSochaí, tá roinnt modheolaíochtaí ar leith ann a thiocfadh a bheith an-luachmhar chun tacú leis an bhfoghlaim.  Áirítear orthu sin díospóireacht agus plé, úsáid meáin chomhaimseartha éagsúla, bailiú agus anailísiú sonraí, punanna agus dialanna machnaimh.

Díospóireacht agus plé

Rud lárnach i staidéar na Polaitíochta agus na Sochaí is ea an smaoineamh gur chóir d’fhoghlaimeoirí blaiseadh a fháil de smaointe iomaíocha faoin domhan s’acu, deis a bheith acu na smaointe sin a chur i bhfeidhm agus meastóireacht a dhéanamh orthu de bharr na fianaise atá ar fáil, agus teacht ar chonclúidí. Dá bhrí sin, is modheolaíochtaí tábhachtacha don Pholaitíocht agus don tSochaí iad an díospóireacht, an plé agus an cur agus cúiteamh. Seachas sin, is gnách anois gur scil ríthábhachtach é le haghaidh rannpháirtíocht dhaonlathach a bheith ábalta dul i gceann plé ar bhonn dearfach d’fhonn teacht ar dhearcthaí machnamhacha agus eolasacha.

Ag an leibhéal is bunúsaí, is é atá i ndíospóireacht sraith d’argóintí foirmiúla ó bhéal ar son agus in éadan moladh cinnte.  Cé gur fiú iad díospóireachtaí astu féin chun scileanna anailíse, feasacht chriticiúil agus léirthuiscint ar thuairimí contrártha a chothú, braithfidh forbairt na scileanna sin ar an gcaoi a ndéantar an díospóireacht a struchtúrú agus ar thimpeallacht ghinearálta an tseomra ranga ina dtarlaíonn sí. Is fiú amanna idirdhealú a dhéanamh idir modh na díospóireachta agus a sprioc dheiridh. I gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí beidh foghlaimeoirí difriúla i gceist agus iad ag cumadh argóintí a bhfuil sonraí taobh thiar dóibh, agus iad ag éisteacht le hargóintí daoine eile, agus ag déanamh critíc orthu, agus ag freagairt do na hargóintí sin ar dhóigh chuiditheach.  Is í an sprioc dheiridh a ba chóir a bheith ag gach duine bogadh i dtreo conclúid níos machnamhaí agus níos eolasaí (seachas go mbeadh taobh amháin ag ‘baint’ agus an taobh eile ag ‘cailleadh’). Is tábhachtach a chuimhneamh go mbíonn tionchar dearfach níos mó ar fhoghlaim scoláirí ag dul le cuir chuige foghlama chomhoibríocha ná a bhíonn leis an bhfoghlaim iomaíoch; mar sin de ba chóir díospóireachtaí a struchtúrú laistigh de chomhthéacs timpeallacht foghlama chomhoibríoch. Cruthaíonn plé an deis freisin go mbeadh smaointe difriúla ag dul i gcomórtas le chéile. Ach is gnách go ndéanann sé amhlaidh i gcomhthéacs nach bhfuil chomh struchtúrtha leis an gceann a úsáidtear i ndíospóireacht. Ar nós na díospóireachta, ba chóir gur i dtimpeallacht foghlama dhearfach agus chomhoibríoch a thitfeadh plé amach.

Is iad na scileanna céanna a bhíonn de dhíth le páirt a ghlacadh i bplé agus i ndíospóireacht, a bhfuil cur síos orthu i snáithe 2, agus a bhíonn ag teastáil chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile. Ba ghá go minic scileanna den chineál sin a léiriú d’fhoghlaimeoirí agus iad cleachtadh a dhéanamh orthu, agus is minic gur fearr an suíomh ina mbíonn grúpa beag chun cabhrú le gach foghlaimeoir a bheith rannpháirteach i ndíospóireacht, chun a gcuid scileanna a chleachtadh agus aiseolas a fháil orthu.  Bíonn grúpaí beaga le cumas measctha an-éifeachtach ar fad chun tacú le raon cumas laistigh de rang. Nuair a bhíonn foghlaimeoirí ag obair i ngrúpaí, ba chóir go ndearfaí na tascanna a shocraítear ionas go mbeidh ionchur agus rannpháirtíocht ag teastáil ó gach ball den ghrúpa chun go mbeidh an tasc curtha díobh go sásúil. Spreagfadh sé sin rannpháirtíocht éigin ó gach ball den ghrúpa agus chuirfeadh sé in iúl do bhaill an ghrúpa a thábhachtaí atá scileanna éisteachta.

Meáin chomhaimseartha éagsúla a úsáid

Baileoidh foghlaimeoirí eolas faoina saol sóisialta agus polaitiúil ó réimse meán, lena n-áirítear meáin chlóite (amhail leabhair, nuachtáin agus irisí), meáin chraolta (teilifís agus raidió) chomh maith le raon de mheáin dhigiteacha eile, ar nós suíomhanna gréasáin, meáin shóisialta agus foilseacháin ar líne. Níl na catagóirí seo comheisiach sa mhéid is gur féidir meáin chlóite agus chraolta, ó fhoinsí áitiúla agus domhanda, a rochtain trí na meáin dhigiteacha. Is é ceann de phríomhspriocanna na Polaitíochta agus na Sochaí go bhforbródh an foghlaimeoir an cumas chun na tuairimí difriúla a aithint atá mar bhonn agus mar thaca ag argóintí a chuirtear trasna i meáin dá leithéid. Tá torthaí foghlama a bhaineann go háirithe leis an sprioc sin le fáil i rannáin 2.6 agus 4.4 agus ar bhonn níos ginearálta ar fud na sonraíochta ar fad.  Nuair a bhaintear úsáid as na teachtaireachtaí a chuirtear i láthair i réimse leathan meán agus nuair a dhéantar anailís orthu, cabhraíonn sé sin le múinteoirí ceisteanna agus comhthéacsanna reatha a roghnú inar féidir smaointe agus coincheapa na Polaitíochta agus na Sochaí a fhiosrú.

Is féidir le foghlaimeoirí dul i ngleic le meáin chomhaimseartha éagsúla ar roinnt bealaí, ina measc:

  • anailís a dhéanamh ar íomhánna, teachtaireachtaí, tuairimí agus toimhdí faoi cheisteanna sóisialta agus polaitiúla atá le fáil ar mheáin dhifriúla
  • anailís chriticiúil a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear fianaise agus sonraí chun tacú le hargóintí ar leith ina leithéid sin de mheáin
  • a gcuid inneachair meáin féin a chumadh (mar shampla nuachtlitreacha, blaganna nó vicithe) chun tuiscint a fháil ar an bpróiseas ina ndéantar inneachar meáin a ghiniúint
  • meabhrú ar chlaontacht na meán
  • teicneolaíochtaí cumarsáide a úsáid mar mheán chun plé a dhéanamh, agus tuiscint a fháil, ar choincheapa agus ar smaointe ón Pholaitíocht agus ón tSochaí (mar a  dhéantar trí fhóraim dhíospóireachta ar líne, forbairt chomhoibríoch láithreoireachtaí, forbairt vicithe nó úsáid na meán sóisialta).

Is féidir TFC a úsáid chun tacú le cuir chuige eile i leith na foghlama.  Mar shampla, coimeádtar punanna nó dialanna machnaimh agus déantar iad a bhainistiú i bhformáid leictreonach agus is féidir sonraí a bhailítear le linn tionscadail bheaga taighde a anailísiú ag úsáid scarbhileog nó bogearraí próiseáil focal.

Bailiú agus anailís sonraí

Is ceann de spriocanna tábhachtacha na Polaitíochta agus na Sochaí é scileanna anailísiú agus léirmhíniú sonraí a fhorbairt i bhfoghlaimeoirí.  I dtaca leis sin de, tógfaidh an Pholaitíocht agus an tSochaí ar na scileanna bailiú agus anailísiú sonraí a fhorbraíonn scoláirí trína gcuid staidéir ar an matamaitic.  Ach taithí a bheith acu i mbailiú agus in anailísiú sonraí, idir cháilíochtúil agus chainníochtúil, tagann scoláirí isteach ar an tuiscint chun sonraí a úsáid in eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla ón taobh istigh. Cabhróidh tionscadal beag taighde freisin a dhéanfar ar cheann de na coincheapa nó na smaointe i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí, cabhróidh sé sin leo an smaoineamh a cheangal le comhthéacsanna coincréiteacha a bhfuil cur amach acu orthu agus a gcuid foghlama a fheabhsú dá réir. Thiocfadh lena leithéid de thionscadal beag taighde ansin a bheith ina bhunús le tionscadal saoránachta an scoláire don mheasúnú i dtreo na hArdteistiméireachta.

De ghnáth chun tionscadal beag taighde a fhorbairt téitear trí roinnt céimeanna:

  • Céim an deartha, ina n-aimseoidh na foghlaimeoirí na smaointe a bhfuil siad chun staidéar a dhéanamh orthu, iad a shoiléiriú, cinneadh conas iad a dhéanamh oibríochtúil, meicníocht a fhorbairt chun sonraí a bhailiú (amhail suirbhé le haghaidh sonraí cainníochtúla nó sceideal agallamh nó prótacal breathnóireachta le haghaidh sonraí cáilíochtúla) agus meicníocht éigin a chur i bhfeidhm chun ábhair taighde / rannpháirtithe a aithint (mar shampla trí shampláil randamach le haghaidh sonraí cainníochtúla nó trí phríomhfhaisnéiseoirí a roghnú le haghaidh sonraí cáilíochtúla).
  • Céim bhailiú sonraí, ina mbaileoidh foghlaimeoirí na sonraí (mar a dhéanfá trí shuirbhé, nó trí agallaimh nó breathnuithe a dhéanamh)
  • Céim anailísiú sonraí, ina gcuirfidh foghlaimeoirí a gcuid fianaise le chéile, tátail a bhaint aisti, agus seiceáil dhian a dhéanamh go bhfeicfidh siad an méid a thacaíonn a gcuid sonraí agus dearadh a dtaighde lena leithéid de thátail
  • Céim bhreacadh síos, ina gcinnfidh foghlaimeoirí ar na príomhphointí atá le cur in iúl agus ansin ina gcuirfidh siad a gcuid torthaí i láthair ag úsáid téacs, íomhánna agus bunstaitisticí ar dhóigh a thugann na torthaí sin le fios go héifeachtach.

Trí pháirt a ghlacadh i dtionscadal beag taighde den chineál sin, tuigfidh foghlaimeoirí roinnt de na saincheisteanna móra a imríonn tionchar ar cháilíocht na dtátal is féidir a bhaint as sonraí.  Cabhróidh sé sin leo ar a sheal a bheith ábalta meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar phíosa taighde nach bhfaca siad roimhe, tagairt a dhéanamh do chaighdeán na fianaise agus tátail a bhaint as an staidéar (toradh foghlama a ndéantar trácht air i rannáin 2.5; 6.1; 7.5 agus 8.2 de na snáitheanna staidéir).

Cleachtas Athmhachnaimh

Tá an cleachtas athmhachnaimh tábhachtach ag scoláirí agus ag múinteoirí araon.  Cabhraítear leis an athmhachnamh ar an bhfoghlaim trí phunanna agus/nó dialanna a úsáid.  Le cois tacaíocht a thabhairt don mheasúnú foirmitheach, cabhraíonn siad seo freisin mar ullmhúchán don mheasúnú suimitheach.

Punanna

Is cuid lárnach den Pholaitíocht agus den tSochaí í forbairt scileanna. Tá scileanna ar nós cumarsáid a dhéanamh, obair le daoine eile, agus a bheith obair le faisnéis ó thaighde eolaíocht shóisialta agus ag déanamh anailíse uirthi fíorthábhachtach i dtaca leis an bPolaitíocht agus an tSochaí.  D’fhéadfadh na scileanna sin a bheith bainte leis an gcaoi a n-úsáideann daoine iad sa ghnáthshaol, ach ag an am céanna, éagsúil léi. Mar shampla, cé go ndéanann daoine cumarsáid le grúpaí ina ngnáthshaol, seans nach ndéanfadh siad é sin ar dhóigh a léiríonn gur féidir leo éisteacht go cúramach le dearcthaí eile, ionbhá a bheith acu agus malairt tuairimí a fheiceáil agus mothúcháin a chur in iúl ar bhealaí iomchuí. D’fhonn a bheith soiléir maidir le brí chruinn na scileanna a bheidh á bhforbairt tríd an bPolaitíocht agus an tSochaí, tá tacar beacht Torthaí foghlama do gach ceann de na scileanna sin leagtha amach go follasach i gcreat phríomhscileanna na sraithe sinsearaí. Cabhróidh sé sin le foghlaimeoirí a bheith lánsoiléir faoina bhfuiltear a iarraidh uathu.

Chun na scileanna sin a fhoghlaim, beidh deiseanna ag teastáil ó fhoghlaimeoirí chun iad a chleachtadh. Is minic a tharlóidh an cleachtadh sin i gcomhthéacsanna seomra ranga ar dtús. Déanfaidh múinteoirí soiléir cén scil ata le foghlaim, léireoidh siad do na foghlaimeoirí í, agus soláthróidh siad deis chun an scil a chleachtadh faoi threoir agus chun aiseolas foirmitheach a thabhairt. Sa deireadh, beidh ar fhoghlaimeoirí na scileanna sin a chleachtadh ar a gconlán féin sa saol lasmuigh de sheomra ranga na Polaitíochta agus na Sochaí.

Tá leagan amach struchtúrtha ag baint le punanna a ligeann d’fhoghlaimeoirí a aithint conas a d’fhéadfadh scileanna, coincheapa agus smaointe na Polaitíochta agus na Sochaí a bheith bainte lena saol féin. Is amhlaidh a bhíonn gaol acu le dialanna machnaimh, ach go mbíonn siad níos struchtúrtha. D’fhéadfadh rogha de na torthaí foghlama le haghaidh na Polaitíochta agus na Sochaí a bheith sa phunann chomh maith le spásanna d’fhoghlaimeoirí chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil siad ag léiriú chur i bhfeidhm na scileanna a ndéantar cur síos orthu i dtorthaí foghlama na Polaitíochta agus na Sochaí; cad faoi a bhfuil siad ag foghlaim agus conas na scileanna sin a fhorbairt; agus a oiread a chuirtear feabhas leis na scileanna sin agus a thugtar chun foirfeachta iad le himeacht aimsire.  

Is uirlis ríluachmhar punann dá leithéid chun cabhrú le gach foghlaimeoir a gcuid foghlama féin a phleanáil (mar shampla, trí na scileanna is gá dóibh a fhorbairt fós a aithint agus an t-eolas sin a úsáid chun gníomhaíocht a roghnú a ligfidh dóibh na scileanna a thaispeáint), monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin agus meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin. Tá baint mhór ag na scileanna pleanála, monatóireachta agus meastóireachta seo ar a gcuid foghlama féin leis an gcumas foghlaim conas foghlaim a fhorbairt, ar ceann de spriocanna oideachas ginearálta na sraithe sinsearaí í.

Bíonn ról tábhachtach ag punanna chun cabhrú le foghlaimeoirí fianaise a bhailiú ar a gcuid foghlama féin, agus úsáidtear iad, mar shampla, mar dhóigh chun doiciméadú a dhéanamh ar a gcuid foghlama sna scileanna obair le daoine eile agus a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta agus iad ag obair i bpobail; scileanna a mheasfar sa deireadh mar chuid den tionscadal saoránachta.

Is féidir le scoláirí smaoineamh ar r-Phunanna a choimeád ach teacht a bheith acu ar an teicneolaíocht chuí. 

Dialann mhachnaimh

Tá sé d’aidhm ag an bPolaitíocht agus an tSochaí cabhrú le foghlaimeoirí coincheapa agus smaointe na n-eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla a chur i bhfeidhm agus iad i mbun saoránacht ghníomhach agus mhachnamhach i measc an phobail. Ar an gcaoi sin, ba cheart go bhfeicfí smaointe—ar cosúil le linn sracfhéachaint a thabhairt orthu gur smaointe teibí iad—amhail cumhacht, daonlathas, féiniúlacht agus cearta an duine, ba cheart go bhfeicfí go mbíonn tionchar díreach acu ar shaol agus ar chinntí an fhoghlaimeora ó lá go lá. Is é a deirtear faoi sin gurb é an cumas é ‘an mórphictiúr a aithint sna mionsonraí’.

Foghlaimeoidh scoláirí chun na coincheapa sin a chur i bhfeidhm ina saol laethúil trí dheis a bheith acu é sin a dhéanamh. Is é an struchtúr atá curtha ar an bPolaitíocht agus an tSochaí gur iniúchadh é ar smaointe ó na heolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla i gcomhthéacs taithí saoil na ndaoine óga iad féin. Ligfidh a lán de na comhthéacsanna a roghnaíodh don staidéar (cinnteoireacht i scoileanna, beartais rialtais a imríonn tionchar ar dhaoine óga, cinntí maidir lena bhfuil nó nach bhfuil ina gcuraclam, na rudaí a cheannaíonn daoine óga agus an chaoi a mbíonn siad ag plé le carthanais nó le hobair dheonach agus mar sin de) ligfidh siad do dhaoine óga breathnú ar a dtaithí féin ar dtús agus ansin coincheapa agus smaointe a úsáid sa taithí sin.

Is amhlaidh, a thosaíonn foghlaimeoirí a mhachnamh ar a n-eispéiris féin agus a ndoiciméadú i ndialann mhachnaimh.  Is féidir an dialann seo a chur isteach sa phunann.  D’fhéadfadh siad an sampla as ceann de na torthaí foghlama a ghlacadh a ndéantar cur síos orthu i rannán 1.1, ‘Ba chóir go bhféadfadh scoláirí cur síos a dhéanamh ar phróisis na cumhachta agus na cinnteoireachta ina scoil…i dtaca le gné amháin de rialacha na scoile a bhaineann le sábháilteacht, mar shampla polasaithe ar throdaíocht nó ar bhulaíocht’. D’fhéadfadh rannpháirtíocht sa topaic a thosú agus foghlaimeoirí ag machnamh ar chás ina raibh a sábháilteacht phearsanta féin i gceist ar scoil, agus ar na daoine a bhí bainte le cinntí a dhéanamh faoi na rialacha a bhain leis an gcás áirithe sin. Is féidir le foghlaimeoirí ansin tagairt siar dó sin agus iad ag iarraidh na smaointe agus na coincheapa faoi chúrsaí cumhachta agus rannpháirtíocht sa chinnteoireacht a chur i bhfeidhm a fhorbraítear ar fud Topaic 1. Is féidir le foghlaimeoirí leasuithe agus athbhreithnithe a dhéanamh ar iontrálacha sa dialann mhachnaimh agus iad ag forbairt tuilleadh a dtuiscintí ar choincheapa, smaointe agus sonraí ábhartha.

I gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí beidh foghlaimeoirí ag plé in amanna le ceisteanna a bhaineann leo go pearsanta. Ciallaíonn sé sin, is cuma cén mhodheolaíocht a úsáidtear, gur gá a bheith san airdeall chun timpeallacht shábháilte a chruthú inar féidir le foghlaimeoirí dul i ngleic le ceisteanna.  Sealbhóidh na foghlaimeoirí na scileanna chun timpeallacht shábháilte chuiditheach ghrúpa oibre a chruthú le linn an chúrsa seo agus go speisialta i snáithe 2 na Polaitíochta agus na Sochaí. I gcás dialanna machnaimh, ba chuí ón bhfíorthús plé agus comhaontú a dhéanamh ar na teorainneacha maidir leis an ábhar a roinnfear ina leithéidí sin d’iontrálacha dialainne. Thiocfadh dó go mbeadh siad seo ina measc:

  • foghlaimeoirí ag aithint an mhéid is mian leo a roinnt agus an ceart ata acu nach n-iarrfadh aon duine orthu níos mó a roinnt ná is mian leo
  • foghlaimeoirí a bheith measúil i dtaca le cuid machnamh a chéile
  • foghlaimeoirí a bheith ábalta toimhdí agus tuairimí i machnaimh a chéile a cheistiú ar dhóigh chuiditheach dhearfach.  

Is minic a thugann feasacht ar na teorainneacha céanna sin bunús maith chun obair a dhéanamh i réimse mór ábhar a ardaíonn ceisteanna pearsanta d’fhoghlaimeoirí (oideachas reiligiúnach, Béarla agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte, mar shampla) agus tá nasc láidir idir í agus deimhin a dhéanamh de go mbraitheann foghlaimeoirí an seomra ranga ina thimpeallacht chomhbhách chásnach ina nglactar le smaointe difriúla a bheith á gcur i láthair agus ina bhfáiltítear roimh iarrachtaí agus roimh mheancóga a dhéanamh agus a bheith ag foghlaim uathu.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.