Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Struchtúr

Struchtúr

Tá an Pholaitíocht agus an tSochaí eagraithe ina gceithre snáitheanna, agus gach ceann acu sin struchtúrtha thart ar phríomhchoincheapa. Is iad sin:

Snáithe 1

Cumhacht agus cinnteoireacht

Snáithe 2

Saoránacht ghníomhach

Snáithe 3

Cearta agus freagrachtaí an Duine 

Snáithe 4

Domhandú agus logánú

Snáithe 1 Breathnaítear sa snáithe seo ar choincheapa bunúsacha i staidéar na Polaitíochta agus na Sochaí agus ba cheart staidéar a dhéanamh air seo ar dtús.

Snáithe 2 Dírítear go mór sa snáithe seo ar roinnt de na príomhscileanna a bhaineann leis an bPolaitíocht agus an tSochaí: scileanna chun teacht ar chinntí machnamhacha agus eolasacha trí smaointe a phlé agus a chíoradh le daoine eile agus scileanna chun a bheith i do shaoránach gníomhach.  Ba ghá na scileanna sin a theagasc go follasach, agus ba cheart am a chur i leataobh lena dteagasc. Ag an am céanna, forbrófar iad trína gcur i bhfeidhm go leanúnach agus mar sin de ba cheart leanúint ar aghaidh á gcleachtadh trí na gníomhaíochtaí foghlama a roghnaítear a theagasc sna ceithre haonaid uile. Déanfar forbairt ar a lán de na scileanna a dtugtar fúthu i snáithe 2 agus cuirfear i bhfeidhm iad trí rannpháirtíocht an fhoghlaimeora i dtionscadal saoránachta.  Is deis phríomha é an tionscadal seo le haghaidh foghlama i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí agus freisin is cuid é de mheasúnú an ábhair. Is iad na scileanna go príomha a aithnítear i snáithe 2 na cinn a fhorbrófar sa tionscadal seo. Cruthóidh an tionscadal deis freisin, áfach, chun roinnt de na príomhchoincheapa a chur i bhfeidhm a dtugtar aghaidh orthu i snáitheanna 1, 3 agus 4.

Tugann Snáithe 3 agus 4 deiseanna chun bunchoincheapa agus bunscileanna na Polaitíochta agus na Sochaí a chur i bhfeidhm ag leibhéal níos doimhne agus níos doimhne.  

Tá roinnt gnéithe bainte leis na snáitheanna seo. Is iad sin:

  • plé ar ghnéithe áitiúla, náisiúnta, Eorpacha  agus domhanda na gceisteanna a ndéantar staidéar orthu
  • fiosrúchán ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí i gcleachtais shóisialta agus pholaitiúla thart timpeall an domhain
  • anailís agus léirmhíniú ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla taighde sóisialta agus polaitiúil  
  • úsáid cleachtais ghníomhacha, rannpháirtíochta, dhaonlathacha agus dhioscúrsacha sa teagasc agus san fhoghlaim.

Ceann de chomharthaí sóirt na Polaitíochta agus na Sochaí is ea iniúchadh ar smaointe difriúla faoi na bealaí agus na spriocanna is oiriúnaí den rannpháirtíocht dhaonna sa saol poiblí, sóisialta agus polaitiúil.  Tógann foghlaimeoirí ceisteanna áirithe agus breathnaíonn orthu ina gcomhthéacs áitiúil féin, ansin meabhraíonn siad orthu i gcomhthéacs níos leithne: agus dá réir sin tugann siad faoi staidéar comparáideach. Le linn a gcuid staidéir, beidh foghlaimeoirí ag plé le meascán cothrom de chomhthéacsanna náisiúnta, Eorpacha agus domhanda agus le sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla. 

Ciallaíonn sé sin go mbeidh struchtúr comónta ag baint le mórán de na topaicí a dtugtar fúthu i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí:

  • féadann foghlaimeoirí tosú a phlé le topaic trína fhiosrú conas a bhaineann sé lena saol féin nó le comhthéacs a bhfuil ciall acu dó
  • is féidir leo ansin fiosrú níos mine a dhéanamh ar an topaic sin trí réimse argóintí difriúla a úsáid ina leith
  • agus sin á dhéanamh acu forbraíonn siad a gcuid scileanna caibidle agus cíortha agus anailís eolais; ag úsáid na scileanna sin dóibh, tig leo teacht ar chonclúidí
  • féadann siad a gcomhthéacs féin a chur i gcomparáid le comhthéacs eile ag leibhéal náisiúnta, Eorpach nó domhanda
  • is féidir leo breathnú ar an gcaoi ar chuidigh gníomhaithe agus smaointeoirí éagsúla le roinnt de na príomhsmaointe sin a fhorbairt.

Cé go dtugann an struchtúr sin ord loighciúil ina dtabharfaí faoi na topaicí seo, ba ghá don mhúinteoir na cinntí a dhéanamh faoi cén seicheamh agus struchtúr is oiriúnaí don fhoghlaim i bhfianaise a gcuid eolais féin ar a rang.   

Is é ceann de ghnéithe na Polaitíochta agus na Sochaí go mbeidh foghlaimeoirí ag plé le smaointe réimse smaointeoirí, gníomhaithe agus scríbhneoirí ar cheisteanna sóisialta agus polaitiúla. Beidh na scoláirí a bhíonn ag déanamh staidéir ag Ardleibhéal ábalta roinnt scríbhneoirí ar leith a aithint agus an cion a rinne siad don smaointeoireacht shóisialta agus pholaitiúil.  Áirítear i measc na scríbhneoirí a roghnaíodh don tsonraíocht mná agus fir as Éirinn, as an Eoraip agus ón domhan mór. Tá scríbhneoirí comhaimseartha i gceist chomh maith le pearsana níos stairiúla. Níltear a mhaíomh go measfaí iad sin ina rogha dheifnídeach de mhórsmaointeoirí an réimse sin.  Is é atá i gceist áfach go léireodh siad an éagsúlacht, agus an t-athrú leanúnach sa smaointeoireacht i leith ceisteanna sóisialta agus polaitiúla.

Leithdháileadh ama

Beartaítear go ndéanfar an Pholaitíocht agus an tSochaí a theagasc laistigh de 180 uair. Moltar go gcuirtear i leataobh tréimhse dhúbailte gach seachtain chun deis a thabhairt dóibh a bheith páirteach i gceann gníomhaíochtaí foghlama rannpháirtíochta agus in obair thionscadail.

Meastar go mbeidh tuairim is 30 uair ag teastáil chun an tionscadal saoránachta a éascú. Mar sin de, dearadh an tsonraíocht ionas go bhféadfaí gach ceann de na snáitheanna a theagasc trí 30 uair tosaigh rannpháirtíochta, agus 7.5 uair bhreise per snáithe le haghaidh dul siar agus atreisiú san fhoghlaim.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.