Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Tuairisc ar thionscadal saoránachta

Tá an Tuairisc ar thionscadal saoránachta le fáil i scrúdú na hArdteistiméireachta de bharr nádúr an ábhair. Tugtar deis d’iarrthóirí páirt a ghlacadh i dtaighde, anailís agus eispéireas sínte machnaimh.  Déanfar measúnú sa tuairisc ar chumas an iarrthóra eolas, coincheapa agus scileanna na Polaitíochta agus na Sochaí a úsáid chun breithiúnais a dhéanamh ar an gcaoi le bheith gníomhach i gcomhphobail, chomh maith le cumas an scoláire chun machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim siad nó a bhain siad amach trí bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa saol sibhialta, sóisialta agus polaitiúil.  Cé gur féidir na scileanna maidir le cinnteoireacht mhachnamhach agus eolasach, gníomhartha a phleanáil agus a luacháil, agus obair le daoine eile a fhorbairt i rith fhoghlaim uile an chúrsa seo, is trí rannpháirtíocht an scoláire i dtionscadal saoránachta go sonrach a dhéanfar na scileanna sin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.  Leagtar amach i dtorthaí foghlama snáithe 2 na sainscileanna ata i gceist sa tionscadal saoránachta.

Beidh an tionscadal saoránachta bunaithe ar threoir a eiseofar gach bliain.  Tabharfar breac-chuntas sa treoir ar roinnt topaicí óna roghnóidh scoláirí ceann amháin le haghaidh a dtionscadail saoránachta.  Leagfar amach inti freisin paraiméadair an tionscadail agus na tuairisce a chuirfear isteach chuig an CSS le haghaidh a measúnaithe. 

I gcás tionscadal grúpa, cuirfidh gach iarrthóir tuairisc ar leith isteach.  Cé go dtagróidh na hiarrthóirí i gcásanna den sórt sin d’aidhmeanna agus do ghníomhartha an ghrúpa go pointe áirithe, beidh príomhfhócas thuairisc gach iarrthóra dírithe ar a ról indibhidiúil féin, a gcuid aidhmeanna, gníomhartha, foghlama, forbartha agus machnaimh.

Beidh 3 rannán sa tuairisc:

Rannán A: Réasúnaíocht agus taighde (3.2, 3.3, 3.4)

Leagfaidh sé seo amach an réasúnaíocht atá leis an tionscadal saoránachta a shocraigh an foghlaimeoir a dhéanamh agus achoimre ar an taighde a rinneadh.  Clúdaíodh sé:

  • réasúnaíocht a dhéanann soiléir conas a d’imir foghlaim ón gcúrsa tionchar ar an gcur chuige a leanadh.  Ba chóir go bhfaighfí sa réasúnaíocht cosaint ar an ngníomh a roghnaíodh i bhfianaise na roghanna malartacha a bhí ann.
  • cuntas soiléir ar aidhmeanna an tionscadail shaoránachta agus plean gnímh in a leagtar amach na modhanna a roghnaíodh chun na haidhmeanna sin a bhaint amach
  • achoimre ar an taighde a rinneadh lena n-áirítear príomhthorthaí an taighde a bhí mar bhonn agus mar thaca ag an ngníomh a rinneadh agus a chuir bonn eolais faoi chinntí an scoláire i dtaca leis an ngníomh a rinneadh. 
  • na foinsí eolais a úsáideadh chun cinneadh ar thionscadal agus iad siúd a chuir bonn eolais faoin saothar, amhail ábhair ghreasáin-bhunaithe, litríocht, agallaimh, cainteanna agus foinsí eile.
Rannán B: Tionscadal Saoránachta á chur i gcrích (3.4, 3.5)

Ba chóir go bhfaighfí ann:

  • achoimre ar na próisis a lean an scoláire (ina aonar agus i gcomhar) agus iad ag cur i bhfeidhm idir eolas agus choincheapa na Polaitíochta agus na Sochaí le linn dóibh an tionscadal a dhéanamh
  • cur síos ar thorthaí an tionscadail
  • anailís chriticiúil ar na gnéithe éagsúla den phlean gnímh (m. s. róil, acmhainní, spriocanna, amscálaí), lena n-áirítear mar is cuí aon dúshlán ar thángthas orthu agus an chaoi ar tugadh faoi na dúshláin sin.
Rannán C: Machnamh ar an eolas a fuarthas agus ar na scileanna a forbraíodh le linn an tionscadail

Ba chóir go ndéanfaí cur síos ann:

  • ar an eolas agus ar na scileanna a forbraíodh, lena n-áirítear scileanna breithiúnais agus cinnteoireachta, trí pháirt a ghlacadh sa tionscadal saoránachta agus tagairt ar leith á dhéanamh d’obair le daoine eile agus a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta
  • ar na róil a d’imir a gcuid machnaimh féin, aiseolas ó dhaoine eile agus a gcuid foghlama ón gcúrsa san fhoghlaim seo
  • ar aon rud a chabhraigh leo na scileanna sin a fhoghlaimar na rudaí a rinne deacair foghlaim na scileanna sin
  • ar shamplaí ar leith chun na pointí sin a léiriú. 

Critéir ghinearálta mheasúnaithe don tuairisc ar an tionscadal saoránachta

Beidh measúnú an tionscadail bunaithe ar na critéir seo a leanas:

  • cumas chun réasúnaíocht shoiléir a thabhairt maidir leis an ngrúpa / tionscnamh / eagraíocht a roghnaíodh / bunaíodh agus leis an  ngníomhaíocht a rinneadh
  • fianaise ar dhea-phleanáil agus ar thaighde ar chuir foinsí a bhaineann leis an ábhar bonn eolas faoi
  • an cumas chun eolas agus coincheapa na Polaitíochta agus na Sochaí a úsáid chun breithiúnais a dhéanamh ar an gcaoi le bheith gníomhach i gcomhphobail
  • fianaise ar eolas agus ar thuiscint faoi cén rud é gníomh éifeachtach saoránachta
  • cumas chun an fhoghlaim a rinneadh ón tionscadal a thaispeáint agus léargais phearsanta a fuarthas as páirt a ghlacadh sa tionscadal.
  • cumas chun cuntas soiléir a thabhairt ar na scileanna a foghlaimíodh le linn an tionscadal a dhéanamh agus úsáid fianaise chun tacú leis sin.

Is iad freagraí iomlána agus pearsanta ar an tasc na comharthaí sóirt a bhaineann le hardleibhéal gnóthachtála. Tugann tuairisc an iarrthóra réasúnaíocht shoiléir don ghníomhaíocht a rinneadh, agus sárchumas chun machnamh a dhéanamh ar an eispéireas agus chun na torthaí a mheas.  Is cuntas grinn é a bhfuil cuspóir leis an cuntas an tuairisc a thugtar. Tá go leor mionsonraí sa bhreac-chuntas inste chun fianaise choincréiteach a thabhairt ar thaithí an iarrthóra ach téann sé níos faide ná athinsint go díreach chun díriú ar léargais agus ar fhoghlaim a fuarthas.  Léiríonn an t-iarrthóir sárchumas chun an t-eolas agus na coincheapa a bhaineann leis an bPolaitíocht agus leis an tSochaí a phleanáil agus a thaighde agus a úsáid chun breithiúnais a dhéanamh ar an gcaoi le bheith gníomhach i gcomhphobail.  Sa chás gur grúpa a rinne an tionscadal, díreoidh an tuairisc go soiléir ar an ról nó ar an bpáirt a bhí ag an iarrthóir sa phróiseas.  Taispeánann an t-iarrthóir cumas soiléir chun machnamh ar an gcaoi a ndeachaigh an fhoghlaim i gcion ar scileanna, dearcthaí, tuairimí agus/nó iompar an scoláire.

Feictear ag meánleibhéal gnóthachtála sa tionscadal saoránachta freagairt mhaith phearsanta don tasc. Tugtar réasúnaíocht don ghníomhaíocht a rinneadh agus tá fianaise ann ar dhea-thaighde agus pleanáil agus ar chumas maith chun an t-eolas agus na coincheapa a bhaineann leis an bPolaitíocht agus leis an tSochaí a phleanáil agus a thaighde agus a úsáid chun breithiúnais a dhéanamh ar an gcaoi le bheith gníomhach i gcomhphobail.   Tá roinnt fianaise ann ar chumas an iarrthóra chun machnamh a dhéanamh ar an eispéireas agus na torthaí a mheas. Tá an insint soiléir agus ar an iomlán tugann sí fianaise ar roinnt léargas agus ar an bhfoghlaim a fuarthas. Sa chás gur grúpa a rinne an tionscadal díreoidh an tuairisc, go soiléir, ar an ról nó ar an bpáirt a bhí ag an iarrthóir sa phróiseas. Tá roinnt fianaise ann ar chumas chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar imir an fhoghlaim tionchar ar scileanna, meonta, tuairimí agus/nó iompar an scoláire.  

Ceann de na comharthaí sóirt a bhaineann le leibhéal íseal gnóthachtála go mbíonn bunfhreagairt ann don tasc.  cé go dtugann an t-iarrthóir roinnt réasúnaíochta don ghníomhaíocht a rinneadh níl mórán léargais phearsanta ann ná fianaise ar chumas chun machnamh ar an eispéireas ná meastóireacht a dhéanamh ar a chuid torthaí. Tá achoimre sa tuairisc ar an tionscadal ach is lagchumas a léiríonn an t-iarrthóir chun an t-eolas agus na coincheapa a bhaineann leis an bPolaitíocht agus leis an tSochaí a phleanáil agus a thaighde agus a úsáid chun breithiúnais a dhéanamh ar an gcaoi le bheith gníomhach i gcomhphobail. Sa chás gur grúpa a rinne an tionscadal, ní léir cén ról pearsanta nó cén ról a bhí ag an iarrthóir sa phróiseas.  Is beag fianaise atá ann ar chumas chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar imir an fhoghlaim tionchar ar scileanna, meonta, tuairimí agus/nó iompar an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.