Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim Bhainteach

An luath-óige

Foghlaimíonn páistí, tríd an súgradh go minic, scileanna an chaidrimh rathúil, agus chun leagan bunúsach de choincheapa amhail cothroime agus cearta a chur i bhfeidhm. Agus iad ag teacht ar chinntí foghlaimíonn siad chun eolas a mheas agus a úsáid.

An bhunscoil

Tagann ceisteanna sóisialta aníos ar fud Churaclam na Bunscoile agus beidh deiseanna ag páistí tuiscintí a fhorbairt ar an éagsúlacht, cearta an duine agus forbairt inbhuanaithe trí ábhair amhail stair agus tíreolaíocht agus trí úsáid a bhaint as teangacha, Béarla agus Gaeilge, agus staidéar a dhéanamh orthu.  Tugann Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte go háirithe deiseanna chun forbairt bhreise a dhéanamh ar a dtuiscint orthu féin i dtaca le daoine eile, go háirithe tríd an snáithe ‘Mise agus an domhan mór’.

An tsraith shóisearach

Leanann foghlaimeoirí orthu a fhorbairt a dtuisceana ar a n-áit sa domhan trí na ráitis foghlama atá mar bhunús le sraith nua shóisearach a phleanáil. Ar na cinn is ábhartha áirítear:

  • Ráiteas foghlama 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne.
  • Ráiteas foghlama 9: Tuigeann na scoláirí bunús agus tionchair ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall orthu.
  • Ráiteas foghlama 10: Tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe.

Bíodh is gur féidir le scoileanna roghnú chun freastal ar na ráitis foghlama sin trí réimse d’ábhair agus de ghearrchúrsaí, tugann an gearrchúrsa in Oideachas Saoránachta, Sóisialta agus Polaitiúil (OSPS) bunús san eolas, scileanna agus meonta a theastaíonn chun staidéar a dhéanamh ar an bPolaitíocht agus an tSochaí ag an tsraith shinsearach faoi mar a dhéanann réimsí eile curaclaim lena n-áirítear stair, tíreolaíocht, teangacha agus oideachas reiligiúnach. Cuirfidh na modheolaíochtaí gníomhacha agus rannpháirtíochta a úsáidtear i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí leis na cuir chuige teagaisc agus foghlama sa tsraith shóisearach nua, atá scoláire-lárnach agus saibhir ó thaobh foghlama de.  

An tsraith shinsearach

Tá fócas na Polaitíochta agus na Sochaí ag teacht, go pointe áirithe, le fócas ábhair eile sa tsraith shinsearach, go háirithe an tíreolaíocht, eacnamaíocht bhaile, stair agus oideachas reiligiúnach, agus, ar dhóigh níos lú, eacnamaíocht (i réimsí na gcóras eacnamaíoch agus an smaointeachais eacnamaíochta); Béarla (i dtaca le litearthacht shóisialta agus litearthacht sna meáin); Matamaitic (i dtaca leis an gcumas chun anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar shonraí) agus teicneolaíocht (i dtaca leis an teicneolaíocht agus an tsochaí). Is de bhrí go mbíonn an bhunaird chéanna ag disciplíní difriúla ar ghnéithe bunúsacha de shaol an duine atá na ceangail sin ann. Roghnaíodh na réimsí staidéir chun a chinntiú go mbíonn an chuid is lú den trasnáil idir an méid a chlúdaítear i bPolaitíocht agus Sochaí na hArdteistiméireachta agus an méid a dtugtar faoi in ábhair eile den tsraith shinsearach.  Sa chorrchás ina mbíonn trasnáil mar sin ann, tá an Pholaitíocht agus an tSochaí difriúil le hábhair eile sna tuairimí, modhanna agus anailís a mbaintear leas astu. D’ainneoin na difríochta sin in ábhar agus i gcur chuige áfach, beidh go leor deiseanna ag foghlaimeoirí a gcuid foghlama a cheangal agus a chomhtháthú idir an Pholaitíocht agus an tSochaí agus na réimsí ábhair eile sin. Beidh macallaí freisin idir na réimsí a dtugtar fúthu i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí agus roinnt de na topaicí agus na Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
a chlúdaítear i rith na hIdirbhliana. Beidh na modheolaíochtaí gníomhacha agus rannpháirtíochta a úsáidtear san Idirbhliain ina dtús maith ar roinnt de na modheolaíochtaí a úsáidtear i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí.

Breisfhoglaim

Tugann an Pholaitíocht agus an tSochaí deis chun nascadh le hábhair shóisialta, eolaíochta agus fealsúnachta sa bhreisoideachas agus san ardoideachas. Tá a macasamhail d’ábhair seo á dtairiscint faoi láthair i gcúrsaí ardoideachais faoi chló cláir sa tsocheolaíocht, staidéar polaitiúil, fealsúnacht agus antraipeolaíocht, chomh maith le cláir staidéar sóisialta (a bhíonn ceangailte go minic le forbairt ghairmiúil i réimsí ar nós obair shóisialta, cúram sóisialta agus bainistiú acmhainní daonna).  Is gnách go mbíonn siad freisin ina gcuid de chláir idirdhisciplíneacha ar nós caidrimh idirnáisiúnta, léann na mban, léann forbartha agus staidéar comhionannais.  

An pobal agus an tsochaí

Is buntéama ag an bPolaitíocht agus an tSochaí í an fhoghlaim is féidir a úsáid sa saol laethúil agus a bheidh ábhartha don saol sin. Beidh deiseanna ag foghlaimeoirí chun a scileanna sa chumarsáid a úsáid agus a fhorbairt tuilleadh, trí obair a dhéanamh le daoine eile agus trí anailís a dhéanamh ar eolas, agus conclúidí a bhaint as, i suíomhanna sóisialta agus trí rannpháirtíocht le grúpaí agus le fiontair ina bpobal féin.  Beidh deiseanna acu na coincheapa agus na smaointe a phléitear i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí a chur i bhfeidhm i gcinntí laethúla maidir le conas gníomhú go heiticiúil.  Sa chaoi sin, beidh a gcuid foghlama scoilbhunaithe bainte le, agus níos doimhne de thairbhe, saoránacht ghníomhach mhachnamhach ar feadh a saoil.

Beidh na scileanna, an t-eolas, na luachanna agus na meonta a fhorbrófar tríd an bPolaitíocht agus an tSochaí luachmhar ag foghlaimeoirí agus infheidhme acu ar feadh a saoil ina rannpháirtíocht le próisis pholaitiúla, agus i gcinntí a dhéanfaidh siad ina saol oibre agus pearsanta.  

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.