Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

Sa tsraith shinsearach, aithnítear cúig phríomhscil atá lárnach don teagasc agus don fhoghlaim trasna an churaclaim.  Is iad sin próiseáil eolais, a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta, cumarsáid a dhéanamh, smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach agus obair le daoine eile. Tá na príomhscileanna neadaithe laistigh de thorthaí foghlama na Polaitíochta agus na Sochaí agus meastar iad i gcomhthéacs na dtorthaí foghlama sin.

Cuireann na gnéithe seo a leanas de chuid na Polaitíochta agus na Sochaí le forbairt na bpríomhscileanna.

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama ar na scileanna, an t-eolas, na luachanna agus na meonta atáthar ag súil le foghlaimeoirí a bheith ábalta a léiriú de thoradh na foghlama a bhaineann leis an topaic. Tá príomhscileanna ar nós próiseáil eolais agus smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach le fáil go rialta sna torthaí foghlama de bhrí go ndírítear ar fhoinsí éagsúla eolais a úsáid, ar sheasaimh dhifriúla a thuiscint agus ar fhianaise a mheas a thacaíonn leis na seasaimh sin nó a bhréagnaíonn iad. Tá scileanna a bhaineann le bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta agus obair le daoine eile le fáil go follasach sna torthaí foghlama sa snáithe ar Shaoránacht Ghníomhach.

Teagasc agus foghlaim

Ciallaíonn an fócas ar fhoghlaim ghníomhach agus rannpháirteach atá lárnach i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí gur féidir le foghlaimeoirí a bheith gafa sna gníomhaíochtaí foghlama is mó a bhaineann go díreach lena riachtanais foghlama agus lena modhanna foghlama féin.  Is é atá i gceist leis an bPolaitíocht agus an tSochaí go mbítear i mbun díospóireacht dhaonlathach agus ag baint brí as tuairimí agus as seasaimh a bheidh ag plé go gníomhach leis an ábhar atá idir chaibidil. Dá réir sin, oireann réimse leathan gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama atá rannpháirteach agus ar bhonn fiosraithe don Pholaitíocht agus don tSochaí.  Cabhraíonn na gníomhaíochtaí sin leis an bhfócas a bheith ar phríomhscileanna a fhorbairt.

Measúnú

Cabhróidh soiléireacht na dtorthaí foghlama le múinteoirí chun foghlaim scoláirí a mheas ar bhonn leanúnach agus chun aiseolas soiléir tacúil a sholáthar maidir leis an gcaoi ar féidir leo breis forbartha a dhéanamh ar a gcuid scileanna agus inniúlachtaí.  Cruthaíonn an cur chuige gníomhach dioscúrsach i leith na foghlama sa chúrsa go leor deiseanna le haghaidh cleachtais fhoirmitheacha measúnaithe a chothóidh forbairt na gcúig phríomhscil.  Éileoidh na socruithe mheasúnaithe atá beartaithe don chúrsa seo ar fhoghlaimeoirí ábhar a chur i láthair a cruthaíodh de thoradh baint a bheith acu le príomhscileanna. Tarraingeoidh an tuairisc ar an tionscadal saoránachta, go háirithe, ar na príomhscileanna, obair le daoine eile agus a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta.  Éascóidh roinn an chás-staidéir sa scrúdú deireanach fócas ar na príomhscileanna próiseáil eolais; agus smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach. Is féidir freisin na scileanna próiseáil eolais, smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach chomh maith le cumarsáid éifeachtach a mheas trí gach gné eile den mheasúnú.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.