Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Intreoir

Is í an aidhm atá leis an bPolaitíocht agus an tSochaí forbairt a dhéanamh ar chumas an scoláire a bheith páirteach i saoránacht ghníomhach mhachnamhach de réir na léargas atá acu ar na heolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla agus na scileanna ata acu iontu.

Is iomaí dúshlán agus deis a thugann an timpeallacht áitiúil, náisiúnta agus dhomhanda do dhaoine óga agus í ag athrú. Éilíonn sí freisin orthu réimse scileanna, eolais, luachanna agus meonta a bheith acu ionas gur féidir leo a gcuid spriocanna a bhaint amach sa timpeallacht sin. Áirítear orthu sin:

  • scileanna chun eolas agus foinsí eolais a mheas go grinn agus chun eolas a bhailiú agus a phróiseáil
  • scileanna idirchultúrtha lena chur ar a gcumas cumarsáid agus obair a dhéanamh le daoine eile ó chúlraí éagsúla i gcúrsaí fostaíochta agus i suíomhanna eile
  • tuiscint ar phróisis an domhandaithe agus an indibhidiúlaithe agus ar na deiseanna agus na dúshláin a roinneann leo
  • an tsamhlaíocht chun smaoineamh go cruthaitheach agus chun malairtí todhchaí agus leaganacha nua den todhchaí a mholadh
  • fonnmhaireacht chun ról gníomhach a imirt ina sochaí
  • meon chun freagracht  a ghlacadh as iarmhairtí a gcuid gníomhartha.

Ag baint leasa go háirithe as scileanna na smaointeoireachta criticiúla agus na samhlaíochta agus as eolas ábhair na socheolaíochta, na hantraipeolaíochta, an staidéir pholaitiúil agus na fealsúnachta, is féidir leis an bPolaitíocht agus an tSochaí, i gcomhar le foghlaim scoláirí lasmuigh den scoil, i gcomhthéacsanna baile agus pobail, deis a sholáthar do scoláirí chun na scileanna, an t-eolas, na luachanna agus na meonta thuas a fhorbairt. Is féidir le creat tagartha anailíseach ar leith na n-ábhar seo cabhrú freisin chun scileanna anailís chriticiúil a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine ionchur eolasach, tomhaiste agus éifeachtach a bheith acu ina sochaí.  Is féidir le hinneachar na n-ábhar seo tacú le tuiscint a fhorbairt ar chothroime, éagothroime agus éagsúlacht i réimsí éagsúla de shaol an duine, lena n-áirítear inscne, eitneacht agus aicme shóisialta. Sa chaoi sin, cuireann an Pholaitíocht agus an tSochaí le forbairt na saoránachta gníomhaí agus rannpháirtí tríd an oideachas. Féadann sé ról fíorthábhachtach a imirt maidir le daoine a chur ar an eolas faoin gcaoi a n-oibríonn institiúidí sóisialta agus polaitiúla ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda, agus faoi thábhacht institiúidí sóisialta agus polaitiúla i múnlú na sochaí againn.

Tríd an fhoghlaim ghníomhach agus rannpháirteach agus tríd an taithí a bheith ag foghlaim sa phobal mór, cabhraíonn an Pholaitíocht agus an tSochaí le daoine óga na scileanna cuí a fhorbairt le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach agus stuama i saol a bpobail. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.