Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Oideachas um fhorbairt inbhuanaithe

Leagann an Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe 2014 – 2020 béim ar an ngá chun Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) a chomhtháthú sa churaclam ón réamhscéil suas chomh fada leis an tsraith shinsearach.  Is í aidhm na Straitéise Náisiúnta a chinntiú go gcuireann an t-oideachas le forbairt inbhuanaithe tríd an eolas cuí (an ‘rud’), na príomh-mheonta agus na scileanna (an ‘chaoi’) agus na luachanna (an ‘fáth’) a thabhairt d’fhoghlaimeoirí a spreagfaidh agus a chuirfidh ar a gcumas i rith a saoil a bheith ina saoránaigh eolasacha ghníomhacha a ghníomhóidh ar son todhchaí níos inbhuanaithe. 

Tacaíonn an tsonraíocht seo na Polaitíochta agus na Sochaí le hoideachas don fhorbairt inbhuanaithe trí phríomhscileanna na sraithe sinsearaí atá comhtháthaithe ar fud na gceithre snáitheanna. Tá an t-eolas agus na scileanna a fhorbraítear ar fud na gceithre snáitheanna uile: Cumhacht agus cinnteoireacht; Saoránacht ghníomhach; Cearta agus freagrachtaí an duine agus Domhandú agus logánú tá siad ar fad lárnach don oideachas um fhorbairt inbhuanaithe. Lena chois sin, tugann Topaic 8, Forbairt Inbhuanaithe deiseanna den chéad scoth do scoláirí a bheith ag plé leis an réimse tábhachtach foghlama seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.