Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Difreáil

Is rud bunriachtanach é an difreáil sa teagasc agus san fhoghlaim, sa tsonraíocht agus i socruithe ábhartha measúnaithe, d’fhonn freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí go léir agus iad a shásamh.

Tugann an Pholaitíocht agus an tSochaí iliomad deiseanna do mhúinteoirí chun an t-ábhar a theagasc agus gnéithe de a roghnú ionas go bhfreastalaíonn sé go díreach ar riachtanais agus ar ábhair spéise na bhfoghlaimeoirí go léir. Mar gheall ar an aird a dhírítear ar fhoghlaim ghníomhach agus rannpháirteach atá lárnach i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí is féidir le foghlaimeoirí a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí is mó a réitíonn lena gcuid riachtanais agus modhanna foghlama féin.

Is féidir difreáil a chur i bhfeidhm i dtaca leis an méid a chlúdaítear sa rang.  Déantar sonrú i dtéarmaí ginearálta ar ábhar an chúrsa chun roghnú agus iniúchadh na dtopaicí a éascú ar na bealaí is suimiúla agus is ábhartha i saol na bhfoghlaimeoirí.

Faoi mar atá le sonraíochtaí eile, déanfar measúnú ar an bPolaitíocht agus an tSochaí ag Ardleibhéal agus Ghnáthleibhéal araon. Tá na torthaí foghlama atá le clúdach faoin Ardleibhéal amháin le feiceáil faoi chló trom.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.