Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Polainnis

Fáilte chuig an tsonraíocht nua do Pholainnis na hArdteistiméireachta.

Is é is aidhm le Polainnis na hArdteistiméireachta cumas foghlaimeoirí a fhorbairt chun an sprioctheanga a úsáid chun críocha cumarsáideacha, an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint a chothú do luach teangacha. Tá sé mar aidhm aici freisin inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt.

Úsáideadh cur chuige creata chun an tsonraíocht seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht, an Pholainnis ina measc. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige measúnaithe.

Tá na hionchais d’fhoghlaimeoirí a chuirtear in iúl sa tsonraíocht seo ailínithe ag leibhéal cosúil leis an leibhéal reatha Ardteistiméireachta do theangacha na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise agus na hIodáilise agus tá siad ailínithe go forleathan le leibhéil A2/B1 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha  

Cuirfear measúnú ar fáil ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal araon. Cliceáil ar an ngrafaic chun rochtain a fháil ar an tsonraíocht ar líne.

Cliceáil thíos chun breathnú ar PDF den tsonraíocht nó chun PDF di a íoslódáil.