Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Fisic

Féachtar i bhFisic na hArdteistiméireachta le tuiscint ar bhunphrionsabail na fisice agus a bhfeidhmiú sa saol laethúil a thabhairt do scoláirí. Tairgeann sé oideachas ginearálta san fhisic do scoláirí, as a leanann tuiscint ar an modh eolaíoch agus an cumas rudaí a bhreathnú, smaoineamh go loighciúil agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Dlúthchuid den siollabas is ea An Eolaíocht, an Teicneolaíocht agus an tSochaí, ionas go mbeidh na scoláirí feasach ar na prionsabail a ghabhann le cur chun feidhme na fisice sa saol laethúil. 

Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.