Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Eispéireas na Sraithe Sinsearaí

De réir fhís oideachas na sraithe sinsearaí bíonn an foghlaimeoir i lár an eispéiris oideachasúil. Cuirfidh an t-eispéireas sin ar chumas foghlaimeoirí a bheith seiftiúil, a bheith muiníneach, a bheith rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí, agus suim a chothú iontu san fhoghlaim ar feadh a saoil amach anseo.

Tá an fhís seo den fhoghlaimeoir (Fíor 2) bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail ar a bhfuil an tsraith shinsearach tógtha.  Is é an curaclam-lena n-áirítear ábhair agus cúrsaí, príomhscileanna leabaithe, torthaí foghlama curtha in iúl go soiléir, agus cuir chuige éagsúla i leith an mheasúnaithe-is é an meán é trína bhfíoraítear an fhís seo don fhoghlaimeoir.

Ag leibhéal praiticiúil, tacaítear le soláthar eispéireas oideachasúil d’ardchaighdeán a tsraith shinsearach trí na nithe seo a leanas

  • pleanáil, forbairt, eagrú agus meastóireacht éifeachtach curaclaim
  • cuir chuige teagaisc agus foghlama a spreagann agus a chothaíonn spéis i measc foghlaimeoirí, a chuireann ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh, a gcuid foghlama a dhoimhniú agus a chur i bhfeidhm, agus a fhorbraíonn a gcumas chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama
  • forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do lucht bainistíochta scoileanna a chuireann ar a gcumas forbairt agus athruithe curaclaim ina gcuid scoileanna a threorú 
  • cultúr scoile a léiríonn meas ar fhoghlaimeoirí, a spreagann iad chun freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama féin thar am, agus a chothaíonn grá don fhoghlaim.

Fíor 1: Forbhreathnú ar an tsraith shinsearach

overview of senior cycle

Fíor 2: An léargas ar an bhfoghlaimeoir

vision of senior cycle diagram

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.