Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus foghlaim

Tá rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíocht choirp lárnach do theagasc agus d’fhoghlaim i gcorpoideachas. Iarrann na torthaí foghlama i gcorpoideachas ar an bhfoghlaimeoir spriocanna feidhmíochta pearsanta a leagan síos sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe agus plean a chur i bhfeidhm d’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach. Spreagtar an foghlaimeoir chun a chuid foghlama féin a bhainistiú, oibriú ar bhonn aonair agus le daoine eile agus machnamh a dhéanamh ar a chuid foghlama i ngníomhaíocht choirp, trí ghníomhaíocht choirp agus maidir leis.

Tá raon leathan gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama rannpháirteacha agus dírithe ar an bhfiosrúchán cuí i gcorpoideachas. Áirítear orthu seo an foghlaimeoir a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coirp difriúla, eolas agus tuiscint theoiriciúil á gcur i bhfeidhm aige sa taispeántas praiticiúil, é a bheith ag gabháil do róil anuas ar ról an imreora/rannpháirtí, rannpháirteach i gcomhphlé agus i ndíospóireacht ranga, ag úsáid cur chuige ilmheán, ag úsáid rólghlacadh, ag scrúdú cás-staidéar, agus é a bheith ag machnamh ar a thaispeántas féin agus ar thaispeántas agus ar rannpháirtíocht daoine eile i ngníomhaíocht choirp. Is cuir chuige solúbtha i leith na foghlama iad sin. Cuireann siad ar chumas an fhoghlaimeora teacht ar réitigh dhifriúla ar dhúshláin chomhchosúla a bhíonn os a chomhair agus é ag iarraidh taispeántas barrmhaith a bhaint amach.

Cinntíonn an úsáid a bhaintear as measúnú le haghaidh cuir chuige foghlama i gcorpoideachas go mbeidh an foghlaimeoir cinnte faoi na torthaí foghlama agus faoi na critéir i gcomhair rathúlachta. Sainaithníonn go leor de na torthaí foghlama gníomhaíochtaí sonracha trínar féidir leis an bhfoghlaimeoir a thuiscint a thaispeáint agus tacaíonn siad leis an múinteoir pleanáil i gcomhair teagaisc agus foghlama. Ach aiseolas stuama, dírithe a úsáid is féidir leis tacú freisin le toilteanas an fhoghlaimeora dul i ngleic go hiomlán le cásanna nua foghlama, agus teacht aniar an fhoghlaimeora a chur chun cinn nuair a bhíonn an dul chun cinn mall agus crua. Is meicníocht thábhachtach é aiseolas chun brí a chur arís i rannpháirtíocht an fhoghlaimeora le cleachtais leanúnacha rud a chabhróidh dá réir sin leis an bhfoghlaimeoir a spriocanna feidhmíochta a bhaint amach.

Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC)

Tá feidhmchláir theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide áirithe i ngníomhaíochtaí chun foghlaim an scoláire a fheabhsú, trí chur ar chumas an scoláire foghlaim ar bhealach níos éifeachtúla, obair nach mbeifí ábalta a dhéanamh murach sin a éascú agus machnamh a dhéanamh ar a chuid foghlama féin. Úsáidtear raon leathan uirlisí bogearraí chun faisnéis a bhailiú, a thaifeadadh, a anailísiú agus a thaispeáint agus féadfaidh an scoláire iad a úsáid, mar shampla, chun físeáin, tuarascálacha, grafaicí, mapaí coincheapa, bunachair shonraí agus cuir i láthair a ullmhú. Tá an t-uafás uirlisí digiteacha iniompartha sothuigthe ar fáil na laethanta seo le tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú sa chorpoideachas. Foghlaimíonn an scoláire le TFC a úsáid go heiticiúil freagrach mar bhunchuid den fhoghlaim agus den mheasúnú.

Foghlaimíonn an scoláire le faisnéis a mheas, a bhainistiú agus a úsáid go criticiúil de réir mar a dhéanann sé anailís ar a thaispeántas féin agus ar thaispeántas daoine eile. Is féidir leis a iarracht agus a rannpháirtíocht féin a thaifeadadh agus na torthaí a úsáid ina phlé, machnamh agus chun a chlár a phleanáil. D’fhéadfadh TFC a bheith ina uirlis mhór spreagthach freisin d’fhoghlaim an scoláire agus dá chuid oibre i ngníomhaíocht choirp de réir mar a bhíonn idirghníomhú ag an scoláire leis na cineálacha difriúla aiseolais is féidir a fháil ó bheith ag úsáid TFC ar bhonn cruthaitheach.

De réir mar a fhoghlaimíonn an scoláire faoi chorpoideachas, is féidir é a spreagadh chun léirmheas a dhéanamh ar na bealaí ina n-úsáidtear TFC i gcúrsaí spóirt agus i ngníomhaíocht choirp, lena n-áirítear anailís ar cé na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe sna meáin, an chaoi a gcumhdaítear iad agus tionchar an chumhdaigh sin ar eispéiris grúpaí difriúla i spórt agus i ngníomhaíocht choirp. Mar fhocal scoir, tá ról tábhachtach ag TFC ó thaobh obair chúrsa a ullmhú agus a chur i láthair chun críche measúnaithe i gcorpoideachas.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.