Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim ghaolmhar

Soláthraíonn Corpoideachas na hArdteistiméireachta leanúnachas agus dul chun cinn sa chorpoideachas, rud a gcuirtear tús leis in oideachas luathóige an fhoghlaimeora agus a leanann trí Churaclam na Bunscoile agus trí chorpoideachas na sraithe sóisearaí.

  • Leis an gCreat Luath-Óige, Aistear, déantar ceiliúradh ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an páiste ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach. 
  • Faoi Théama na Folláine, aithnítear go bhfuil an fholláine fhisiceach tábhachtach le haghaidh foghlama agus forbartha nó cuireann sí ar chumas an pháiste fiosrú agus iniúchadh a dhéanamh agus é féin a shíneadh sa timpeallacht. Mar chuid de sin, tá feasacht mhéadaitheach ar a chorp agus ar a chumais fhisiceacha féin.

  • Tríd an gCorpoideachas i gCuraclam na Bunscoile, soláthraítear réimse cothrom gníomhaíochtaí don pháiste agus spreagtar scoileanna chun cur chuige solúbtha a ghlacadh i leith na pleanála le haghaidh corpoideachais. 
  • Cuimsíonn an curaclam sé shnáithe: lúthchleasaíocht, damhsa, gleacaíocht, gníomhaíochtaí allamuigh agus eachtraíochta, agus uiscíocht.

Corpoideachas na Sraithe Sóisearaí

  • Leanann an foghlaimeoir air ag forbairt a chuid eolais, scileanna agus dearcaí i gcorpoideachas trí na ráitis foghlama a thugann an bunús chun sraith nua shóisearach a phleanáil. Tá tábhacht ar leith leo seo a leanas:
  • RF 12: Is rannpháirtí muiníneach agus cumasach é an scoláire i ngníomhaíocht choirp agus spreagtar é bheith gníomhach go fisiceach.
  • RF 11: Déanann an scoláire gníomh lena f(h)olláine féin agus folláine daoine eile a  chosaint agus a chur chun cinn.
  • RF 4: Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist.

Réimse nua foghlama í an Fholláine sa tSraith Shóisearach. Tá an Corpoideachas ar cheann de na ceithre bhunchloch sa churaclam Folláine. Baineann gearrchúrsa Corpoideachais CNCM leas as creat Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí agus cuimsítear ann torthaí foghlama ina dtéitear i ngleic leis an bhfoghlaim thábhachtach i gCorpoideachas na Sraithe Sóisearaí. Ar chur i gcrích an ghearrchúrsa dó, bíonn an deis ag an scoláire a chuid foghlama a chuimsiú ar Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS).

Soláthraíonn Corpoideachas na hArdteistiméireachta deiseanna don fhoghlaimeoir a bheith ag ullmhú i dtreo staidéar amach anseo i réimsí éagsúla, mar shampla i ngairm na múinteoireachta, na cóitseála nó an chúraim sláinte. De bhreis ar a luach gairmiúil, feistíonn foghlaim an scoláire sa chorpoideachas é leis an eolas, na scileanna agus an tuiscint a thacóidh le rannpháirtíocht oilte fadsaoil agus/nó baint amach an bharr feabhais ina chuid spóirt agus gníomhaíochtaí coirp féin.  Tacóidh an bhéim atá ar fhorbairt na bpríomhscileanna i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta le rannpháirtíocht éifeachtach foghlaimeora i réimse deiseanna breisoideachais mar a mbíonn tábhacht le féintreorú, ceannasaíocht, scileanna eagrúcháin agus machnamh.

Tá d’acmhainn ag Corpoideachas na hArdteistiméireachta cur go suntasach le feabhsú thiomantas an fhoghlaimeora i leith rannpháirtíocht fadsaoil sa ghníomhaíocht choirp. Is féidir an foghlaimeoir a spreagadh le deiseanna gníomhaíochta coirp a fhiosrú laistigh agus lasmuigh den scoil. De réir mar a dhéanann sé é sin, is féidir leis a bheith ina rannpháirtí oilte agus é ag machnamh ar na tosca pobail agus sochaí a thacaíonn leis an rannpháirtíocht fadsaoil sa ghníomhaíocht choirp nó a chuireann bac roimhe sin. Is féidir an foghlaimeoir a spreagadh leis an ngníomhaíocht choirp a mholadh agus a chur chun cinn, tríd an sampla pearsanta a léiríonn sé agus tríd an méid a chuireann sé le tionscnaimh éagsúla spóirt agus gníomhaíochta coirp.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.