Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna sa tsraith shinsearach

Key Skills of Senior Cycle

Sa tsraith shinsearach, aithnítear cúig phríomhscil atá lárnach don teagasc agus don fhoghlaim trasna an churaclaim. Is iad sin próiseáil faisnéise; a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta; cumarsáid; smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach; agus obair le daoine eile. De réir mar a théann an foghlaimeoir i ngleic le gach ceann de na príomhscileanna, foghlaimíonn sé faoi féin mar fhoghlaimeoir i dtéarmaí ginearálta ach freisin i gcomhthéacs corpoideachais, gníomhaíochta coirp agus spóirt. Dá bhrí sin, de réir mar a fhorbraíonn an foghlaimeoir na cúig phríomhscil, foghlaimíonn sé freisin conas rud a fhoghlaim. Tá na príomhscileanna fite fuaite i dtorthaí foghlama an chorpoideachais.

Faigheann an foghlaimeoir deis uathúil tríd an gcorpoideachas chun na príomhscileanna a fhorbairt trí fhoghlaim laistigh den réimse sícealuaile. Mar shampla, tá scileanna a bhaineann le bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta leagtha amach go soiléir sna torthaí foghlama maidir le taispeántas.  Tá scileanna smaointeoireachta criticiúla agus cruthaithí lárnach do thorthaí foghlama dá bhfreagraíonn an scoláire, mar shampla, tascanna comhdhéanaimh sa damhsa nó sa ghleacaíocht nó smaointeoireacht straitéiseach i gcluichí.
Fágann úsáid modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama difriúla gur féidir freastal ar riachtanais éagsúla foghlama an scoláire ach, ina theannta sin, gur féidir na príomhscileanna a fhorbairt i gcorpoideachas freisin. Mar shampla:

  • Forbraítear scileanna próiseála faisnéise ina n-iarrtar ar an bhfoghlaimeoir faisnéis a rochtain agus a phróiseáil ag úsáid foinsí difriúla mar chuid de thasc taighde. Mar shampla, sa tasc measúnaithe, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir scéalchlár digiteach a chur le chéile bunaithe ar fhaisnéis a bhailigh sé agus anailís a dhéanamh ar a thaispeántas féin agus ar thaispeántas daoine eile i ngníomhaíocht choirp.
  • Forbraítear scileanna cumarsáide de réir mar a úsáideann an foghlaimeoir an fhaisnéis a bhailítear i bplé, díospóireachtaí, cur i láthair agus/nó i dtascanna réitigh fadhbanna i ngrúpaí. Tá go leor de na topaicí sa tsonraíocht seo oiriúnach mar bhunús don chur i láthair agus don phlé grúpa. Mar shampla, i snáithe 2, foghlaimíonn an scoláire faoi shaincheisteanna comhaimseartha cosúil le murtall, stíl mhaireachtála neamhghníomhach agus an tionchar a bhíonn ag inscne ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp. Is topaicí iad seo go léir atá oiriúnach i gcomhair plé agus díospóireachta.
  • Forbraítear scileanna smaointeoireachta criticiúla agus cruthaithí sa phleanáil a bhaineann le taispeántas barrmhaith a bhaint amach, mar shampla, chun spriocanna feidhmíochta a shainaithint agus pleanáil chun feabhas a chur ar ghníomhaíocht choirp roghnaithe. I gCorpoideachas na hArdteistiméireachta bíonn baint ag an bhfoghlaimeoir féin le spriocanna feidhmíochta is féidir a bhaint amach a leagan síos agus pleanáil chun dul i ngleic le haon chliseadh a d’fhéadfadh tarlú.
  • Tá an cumas dea-chaidrimh a fhorbairt agus a chothú lárnach sa phríomhscil a bhaineann le hobair le daoine eile. Forbraíonn an foghlaimeoir an scil sin de réir mar a oibríonn sé chun comhspriocanna feidhmíochta a bhaint amach, mar shampla, i gcluichí foirne. Tagann deiseanna den sórt sin chun cinn go minic i socruithe gníomhaíochta coirp.
  • Cuimsíonn ‘a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta’ an cumas machnamh a dhéanamh ar a thaispeántas féin agus/nó aiseolas a thabhairt do dhuine eile maidir lena thaispeántas ar bhealach éifeachtach. I dTopaic 4, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir machnamh a dhéanamh ar a thaispeántas, ar a chleachtas agus ar a thaithí oiliúna féin.

Cuirfidh úsáid fhollasach agus dhea-phleanáilte na dtorthaí foghlama ar chumas an mhúinteora measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an fhoghlaimeora sna príomhscileanna. De réir mar a bhreathnaíonn an múinteoir ar an bhfoghlaimeoir agus é ag tabhairt faoi eispéiris fhoghlama éagsúla, is féidir leis na deiseanna sin a úsáid d’fhonn aiseolas follasach agus tacúil a sholáthar don fhoghlaimeoir maidir lena úsáid as na príomhscileanna. Mar shampla, d’fhéadfadh an foghlaimeoir a bheith ag gabháil do mheasúnú ar a fheidhmiú féin sa damhsa bunaithe ar shraith critéar comhaontaithe. Fad is a fhoghlaimíonn an scoláire conas a láidreachtaí féin a shainaithint agus a bheartaíonn sé a thaispeántas a fheabhsú, is féidir leis aiseolas a fháil freisin faoin bpríomhscil a bhaineann le héifeachtacht phearsanta.

Sa mheasúnú i gcomhair teistiúcháin i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta, iarrfar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint go bhfuil sé ag gabháil do na príomhscileanna trí mheasúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama na sonraíochta.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.