Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réamhrá: Corpoideachas na hArdteistiméireachta

Is é aidhm ghinearálta an chorpoideachais sa tsraith shinsearach forbairt a dhéanamh ar chumas an fhoghlaimeora a bheith rannpháirteach i gcorpoideachas agus i ngníomhaíocht choirp ar bhealach muiníneach agus eolach. I gCorpoideachas na hArdteistiméireachta, gheobhaidh an foghlaimeoir deis staidéar a dhéanamh ar chorpoideachas i gcomhair teastasú. Tá an tsonraíocht ceaptha chun dul i gcion ar an bhfoghlaimeoir a bhfuil spéis aige agus atá tiomanta do rannpháirtíocht agus taispeántas i ngníomhaíocht choirp. Is é aidhm Chorpoideachas na hArdteistiméireachta forbairt a dhéanamh ar chumas an fhoghlaimeora corpoideachas agus gníomhaíocht choirp a dhéanamh sa tsraith shinsearach agus ina shaol amach anseo ar bhealach eolach, oilte, féintreoraithe agus smaointeach.

Cuirtear an bhéim ar eispéiris fhoghlama chomhtháite a thabhairt don fhoghlaimeoir áit a bhfuil cothroime idir dícheall pearsanta a fhorbairt i rogha gníomhaíochtaí coirp agus a thuiscint ar na peirspictíochtaí teoiriciúla a mbíonn tionchar acu ar thaispeántas agus ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp a neartú. I measc na bpeirspictíochtaí sin tá foghlaim sna daonnachtaí/eolaíochtaí sóisialta agus eolaíochtaí saoil.

Is é is aidhm le teagasc agus foghlaim i gcorpoideachas tacú leis an bhfoghlaimeoir a bheith ina dhuine óg a bhfuil oideachas air maidir lena chorp féin. Féachann an foghlaimeoir lena thaispeántas i rogha gníomhaíochtaí coirp a fheabhsú. Foghlaimíonn sé conas eolas agus tuiscint a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht choirp chun bonn eolais a chur faoin gcaoi a n-ullmhaíonn sé, a mbíonn sé rannpháirteach agus mar a éiríonn leis i ngníomhaíocht choirp. Trí rannpháirtíocht agus taispeántas i ngníomhaíocht choirp, foghlaimíonn an scoláire faoi bheith éifeachtach go pearsanta mar lúthchleasaí aonair ach freisin mar chuid d’fhoireann nó de ghrúpa. Forbraíonn sé scileanna agus inniúlachtaí sóisialta difriúla de réir mar a oibríonn sé i gcomhar le daoine eile i dtreo comhsprice.

Foghlaimíonn an scoláire faoin tábhacht atá le gníomhaíocht choirp mar chuid de stíl mhaireachtála shásúil agus shláintiúil. Déanann sé scrúdú ar na cúinsí a mbíonn tionchar acu ar a rannpháirtíocht féin agus ar rannpháirtíocht daoine eile i ngníomhaíocht choirp. Pléann sé eispéiris dhifriúla maidir le gníomhaíocht choirp, idir rannpháirtíocht ar bhonn caitheamh aimsire go dtí iarracht barr feabhais a bhaint amach agus luach gach eispéiris le haghaidh na sláinte agus na folláine.

Is iomaí deis a fhaigheann an foghlaimeoir sa chorpoideachas oibriú mar dhuine aonair, i ngrúpaí agus i bhfoirne áit ar féidir leis tuiscint níos géire a fhorbairt ar na coincheapa a bhaineann le cothroime agus le freagracht phearsanta agus shóisialta. Cé gur cuid lárnach d’fhoghlaim an scoláire i gcorpoideachas é an taispeántas a thugann sé i ngníomhaíocht choirp, spreagtar an foghlaimeoir tabhairt faoi róil eile seachas ról an lúthchleasaí. Spreagtar an foghlaimeoir, go háirithe, róil cheannaireachta agus chóitseála a ghlacadh mar chuid dá chuid foghlama i gcorpoideachas. Tacaíonn na heispéiris dhifriúla seo chun gach ceann de na príomhscileanna a fhorbairt in oideachas na sraithe sinsearaí ach go háirithe iad sin a bhaineann le bheith éifeachtach go pearsanta agus a bheith in ann oibriú le daoine eile. Ach na príomhscileanna a fhorbairt, is féidir leis an bhfoghlaimeoir éirí níos muiníní agus níos inniúla mar rannpháirtí i ngníomhaíocht choirp anois agus amach sa saol nuair a bheidh sé níos sine.

Sa chorpoideachas, tuigtear go gcuimsítear leis an téarma gníomhaíocht choirp gach cineál gníomhaíochta coirp le chéile áit a bhfuil rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp mar chuid de stíl mhaireachtála shláintiúil ar thaobh amháin agus a bheith in iomaíocht le rud a bhuachan ar an taobh eile.

Faigheann an foghlaimeoir taithí ar chorpoideachas mar phróiseas comhreathach foghlama i ngníomhaíocht choirp, trí ghníomhaíocht choirp agus maidir le gníomhaíocht choirp.

Ag foghlaim i ngníomhaíocht choirp ina dtagraítear do thorthaí turgnamhacha áit a mbíonn an foghlaimeoir ag gabháil go gníomhaíoch do ghníomhaíocht choirp. Cuireann an foghlaimeoir a chuid eolais agus an tuiscint atá aige ar pheirspictíochtaí teoiriciúla i bhfeidhm ar a iarracht spriocanna a bhaint amach sa saol spóirt. Bíonn an foghlaimeoir ag gabháil do mhachnamh leanúnach maidir lena chuid foghlama agus dul chun cinn i ngníomhaíocht choirp.

Ag foghlaim trí ghníomhaíocht choirp ina dtagraítear do thorthaí ríthábhachtacha áit arb í an ghníomhaíocht choirp an meán trína bhfoghlaimíonn an scoláire. Níltear dírithe go príomha ar an toradh ná ar chur i gcrích ach in ionad sin dírítear ar fhoghlaim phearsanta, shóisialta agus intleachtúil an scoláire trína rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp. 

Ag foghlaim faoi ghníomhaíocht choirp ina dtagraítear don fhiosrú a dhéantar faoin gcaoi a mbíonn tionchar ag peirspictíochtaí teoiriciúla difriúla ar an ngníomhaíocht choirp a dhéantar. Foghlaimíonn an scoláire conas cinntí eolacha a dhéanamh faoina chuid spriocanna feidhmíochta a bhaint amach. De réir mar a fhoghlaimíonn an scoláire faoi ghníomhaíocht choirp, foghlaimíonn sé freisin le ceist a chur faoin méid a tharlaíonn i ngníomhaíocht choirp ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Cuimsítear corpoideachas ar dhá bhealach sa tsraith shinsearach: tugann creat corpoideachais na sraithe sinsearaí uirlis phleanála do scoileanna chun clár a dhearadh don fhoghlaimeoir sin nach bhfuil ag tabhairt faoi chlár sa chorpoideachas mar chuid den Ardteistiméireacht. Ar an taobh eile den scéal, is ábhar iomlán é Corpoideachas na hArdteistiméireachta, a ndéanann an foghlaimeoir staidéar air agus déantar measúnú air ann, mar chuid dá scrúduithe Ardteistiméireachta.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.