Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Difreáil

Tarlaíonn difreáil in dhá réimse ar leith: pleanáil i gcomhair teagaisc agus foghlama agus measúnaithe.

Pleanáil i gcomhair teagaisc agus foghlama 

Gnáthleibhéal Ardleibhéal
  • Bíonn an foghlaimeoir ag gabháil do raon leathan eispéireas foghlama atá nithiúil den chuid is mó, ach ina bhfuil gnéithe d’achoimre nó teoiric freisin.
  • Taispeánann an foghlaimeoir raon scileanna sícealuaile, cognaíocha agus mothaitheacha. Taispeánann sé an cumas anailís a dhéanamh ar rogha gníomhaíochtaí coirp agus pleanáil i gcomhair taispeántas feabhsaithe.
  • Cuireann sé réitigh a d’úsáid sé roimhe seo i bhfeidhm ar fhadhbanna éagsúla i gcásanna atá ar eolas aige.
  • Taispeánann sé cumas chun a bheith ag gabháil do phleanáil gníomhaíochta.
  • Taispeánann an foghlaimeoir fianaise ar chleachtas leanúnach machnamhach i gcorpoideachas.
  • Téann an foghlaimeoir i ngleic le raon leathan coincheapa teoiriciúla agus smaointeoireacht theibí, le doimhneacht shuntasach i réimsí roghnaithe.
  • Úsáideann sé raon leathan scileanna sícealuaile, cognaíocha agus mothaitheacha.
  • Taispeánann sé an cumas anailís dhomhain a dhéanamh ar raon gníomhaíochtaí coirp agus chun pleanáil i gcomhair taispeántas feabhsaithe.
  • Gabhann sé do réiteach fadhbanna i raon leathan comhthéacsanna coitianta agus neamhchoitianta.
  • Taispeánann an foghlaimeoir fianaise ar chleachtas leanúnach machnamhach i gcorpoideachas.

Measúnú

Ach an oiread le sonraíochtaí eile de chuid na hArdteistiméireachta, déantar corpoideachas a mheas ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Léirítear difreáil ag tráth an mheasúnaithe i struchtúr na dtascanna scrúduithe agus sna cineálacha dúshlán a bhíonn le réiteach. Déantar an measúnú feidhmíochta a mheas ar leibhéal comónta.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.