Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Ráiteas

Struchtúr

Tá an creat le haghaidh chorpoideachas na sraithe sinsearaí struchtúraithe thart ar shé mhúnla curaclaim. Tá na múnlaí curaclaim bunaithe ar théamaí agus léiríonn siad fealsúnacht ar leith maidir leis na nithe is mó a bhfuil tábhacht leo sa chorpoideachas. Soláthraítear, le gach múnla, léarscáil mhionsonraithe le haghaidh cinnteoireacht i dtaca leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tá an léarscáil seo dírithe ar chur chuige mionsonraithe, lena n áirítear réasúnaíocht, pleanáil, cur i bhfeidhm agus feidhmeanna measúnaithe. Bíonn an foghlaimeoir chun cinn nuair a bhítear ag pleanáil i dtreo úsáid na múnlaí, agus aird chuí ar na hacmhainní atá ar fáil sa scoil. Cé go soláthraíonn gach múnla tacar uathúil d’eispéiris foghlama, is faoin múinteoir corpoideachais atá sé a shocrú cé na múnlaí a chuimseofar ina churaclam corpoideachais sa tsraith shinsearach. De réir mar a théann an múinteoir i dtaithí ar na múnlaí, tá sé beartaithe go dtabharfar réimse níos leithne de mhúnlaí isteach.

Seo a leanas na sé mhúnla curaclaim:

Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte — lena bhforbraítear tuiscint an fhoghlaimeora ar an ngníomhaíocht choirp ar son na sláinte don am i láthair agus don todhchaí.
Oideachas spóirt — lena soláthraítear taithí shultmhar bharántúil ar an ngníomhaíocht choirp eagraithe don fhoghlaimeoir de réir mar a bhíonn sé ag foghlaim conas tabhairt faoi róil imeartha agus neamhimeartha araon.
Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp — lena spreagtar an foghlaimeoir le machnamh criticiúil a dhéanamh ar a chuid eispéireas féin agus ar eispéiris daoine eile sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt.
Oideachas eachtraíochta — lena spreagtar an foghlaimeoir chun é féin a shíneadh agus le bheith ag comhoibriú le daoine eile de réir mar a fhoghlaimíonn sé dóigheanna le dúshláin gníomhaíochta coirp a shárú.
Freagracht phearsanta agus shóisialta — lena spreagtar an foghlaimeoir le freagracht a ghlacadh as féin agus as a chuid foghlama féin sa rang corpoideachais lena n áirítear meas a bheith aige ar chearta agus ar mhothúcháin daoine eile. 
Teagasc cluichí le haghaidh tuisceana — lena bhforbraítear léargas beartach agus scileanna cinnteoireachta an fhoghlaimeora in éagsúlacht de chluichí.

Na croí ghnéithe a thugtar ar airíonna uathúla an mhúnla curaclaim. Cuimsíonn na croí ghnéithe sin an t ábhar agus na straitéisí teagaisc a meastar iad mar a bheith lárnach maidir le heispéireas barántúil fiúntach ar mhúnla áirithe a sholáthar don fhoghlaimeoir.
Is féidir gach múnla a úsáid ar bhonn ‘saorsheasaimh’ nó in éineacht le múnlaí eile. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go socródh an múinteoir ar theaglaim de dhá mhúnla a úsáid lena chinntiú go mbíonn an foghlaimeoir gníomhach go fisiceach ach é a bheith ag gabháil don fhoghlaim faoin ngníomhaíocht choirp san am céanna. Mar shampla, is minic a cheanglaítear Ceisteanna Comhaimseartha sa Ghníomhaíocht Choirp le hOideachas Spóirt.

Nuair atá an múnla curaclaim nó an teaglaim de mhúnlaí roghnaithe, sainaithnítear chomh maith na straitéisí teagaisc iomchuí d’fhonn an teagasc a threorú agus an fhoghlaim a éascú do gach scoláire sa rang. Tá nasc díreach idir roinnt múnlaí curaclaim agus straitéisí teagaisc ar leith a thacaíonn leis an bhfoghlaimeoir na spriocthorthaí foghlama a bhaint amach.

Déantar an corpoideachas sa tsraith shinsearach a phleanáil ina bhloic oibre. Socraíonn an múinteoir corpoideachais cén múnla nó cén teaglaim de mhúnlaí a ndíreofar orthu i ngach bloc oibre. Ansin, i gcomhairle leis na scoláirí, roghnaíonn sé na torthaí foghlama a mbeifear ag tabhairt fúthu. Cé nach bhfuil sé beartaithe gach aon toradh foghlama a chuimsiú, ba cheart go dtabharfadh na torthaí foghlama a roghnaítear tús áite do na croí ghnéithe atá leagtha amach i ngach ceann de na múnlaí. Tá sé tábhachtach go mbíonn go leor ama agus taithí ag an bhfoghlaimeoir ar an mhúnla/na múnlaí ar a bhfuil staidéar á dhéanamh le tairbhe a bhaint as na heispéiris éagsúla teagaisc agus foghlama a thagann leis/leo. Moltar gur cheart líon nach lú ná trí agus nach mó ná cúig bhloc oibre a chuimsiú i ngach bliain de chorpoideachas na sraithe sinsearaí.

Is féidir an phleanáil le haghaidh gach bloic oibre a fhrámú maidir leis na ceisteanna a leanas:

  • Cé acu de chuspóirí chorpoideachas na sraithe sinsearaí a mbeifear ag díriú orthu sa bhloc oibre seo?
  • Cén múnla nó cé na múnlaí is fearr a thacódh le baint amach na gcuspóirí sin?
  • Cé na torthaí foghlama sa mhúnla nó sna múnlaí a dtabharfar fúthu sa bhloc oibre seo?
  • Cé acu de na gníomhaíochtaí coirp a ghabhfaidh spéis an scoláire a d’oirfeadh go maith don mhúnla curaclaim seo?
  • Cé na straitéisí teagaisc is fearr a chuirfeadh ar chumas an fhoghlaimeora na torthaí foghlama seo a bhaint amach?
  • Cén fhianaise dá chuid foghlama a d’fhéadfadh an scoláire a sholáthar le linn an bhloic oibre nó ar chríochnú an bhloic oibre dó? Is féidir an fhianaise sin a choimeád sa phunann.

Tá an creat saindeartha d’fhonn cur chuige comhoibritheach solúbtha a sholáthar i leith na pleanála le haghaidh an chorpoideachais sa tsraith shinsearach. Aithnítear anseo tábhacht na pleanála laistigh de chomhthéacs uathúil gach scoile. Is tosca suntasacha iad an suíomh scoile féin, áiseanna, pearsanra, saineolas, airíonna an ranga áirithe agus spéiseanna an fhoghlaimeora ar gá meabhrú orthu agus torthaí foghlama agus cuir chuige iomchuí i leith an mheasúnaithe á roghnú agus á seicheamhú. Beidh tréimhse dhúbailte sa tseachtain ag teastáil le tacú leis an bhfoghlaim seo. Tá achoimre i dTáblaí 1 agus 2 thíos ar dhá chlár shamplacha i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí.

Is féidir an creat le haghaidh chorpoideachas na sraithe sinsearaí a úsáid go heisiach d’fhonn corpoideachas na hidirbhliana a phleanáil. É sin, nó tá roinnt idiraonad ann atá saindeartha le haghaidh an chorpoideachais, mar shampla, cóitseáil spóirt, ar féidir iad a úsáid i gcomhar leis an gcreat. Tá fearadh na fáilte roimh mhúinteoirí freisin a gcuid idiraonad féin a dhearadh. Tá treoirlínte maidir lena leithéid d’aonaid a dhearadh ar fáil ag www.ncca.ie/SeniorCycle.

Seo a leanas samplaí den mhéid a d’fhéadfaí a chuimsiú i bplean dhá bhliain nó trí bliana le haghaidh chorpoideachas na sraithe sinsearaí.

Tábla 1: Plean dhá bhliain le haghaidh chorpoideachas na sraithe sinsearaí

Bliain   Bloic oibre  
1      A                                                                   
Teagasc cluichí le haghaidh tuisceana
B     
Oideachas spóirt
agus
Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp
C
Oideachas eachtraíochta
2 Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte Oideachas spóirt
agus
Freagracht phearsanta agus shóisialta (Teaglaim)
Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp  
agus
Oideachas eachtraíochta (Teaglaim)

Tábla 2: Plean trí bliana le haghaidh chorpoideachas na sraithe sinsearaí

Bliain   Bloic oibre    
1 A
Oideachas spóirt
B
Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte
C
Idiraonaid chorpoideachais  
D
Freagracht phearsanta agus shóisialta
2 Teagasc cluichí le haghaidh tuisceana
agus
Freagracht phearsanta agus shóisialta
Oideachas spóirt
agus
Ceisteanna comhaimseartha
sa ghníomhaíocht choirp
  Oideachas eachtraíochta 
3 Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte Oideachas spóirt   Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp  
agus
Oideachas eachtraíochta

Cén ghníomhaíocht choirp ab fhearr?

Tá roghnú na gníomhaíochta coirp a dhéanfar tábhachtach maidir le heispéiris rathúla shultmhara sa chorpoideachas a chinntiú don fhoghlaimeoir. Ar na príomhchritéir a úsáidtear le gníomhaíocht a roghnú, áirítear spéis a bheith ag an bhfoghlaimeoir sa ghníomhaíocht, gur féidir leis an scoil í a éascú, gur féidir freastal ar na torthaí foghlama roghnaithe tríd an ngníomhaíocht agus gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim an scoláire.  
Mar shampla, d’fhéadfaí rugbaí leaiste a úsáid i gcomhar le cúig cinn de na sé mhúnla curaclaim. D’fhéadfadh an scoláire foghlaim faoin nGníomhaíocht choirp ar son na sláinte, faoi Cheisteanna comhaimseartha sa chorpoideachas, faoi Theagasc cluichí le haghaidh tuisceana, agus faoin Oideachas spóirt trí mheán an rugbaí leaiste. I sampla eile, d’fhéadfaí an damhsa a úsáid i gcomhar leis na múnlaí seo a leanas: Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte, Freagracht phearsanta agus shóisialta, Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp, agus Oideachas spóirt.
Ba cheart cinneadh ar na gníomhaíochtaí coirp a roghnófar i gcomhairle leis na foghlaimeoirí lena chinntiú go mbeidh an rogha bunaithe ar thosca, dar leis na foghlaimeoirí, a bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint leo. Cuirtear go leor am ranga ar fáil ansin le haghaidh na ngníomhaíochtaí a roghnaítear le gur féidir leis an bhfoghlaimeoir muinín agus inniúlacht a fhorbairt i gcuid acu mar aon le máistreacht i mbeagán acu. Is é an bhunteoiric anseo ná go spreagfaidh an fhoghlaim shultmhar dhomhain a dhéanfaidh an foghlaimeoir i ngníomhaíocht amháin an foghlaimeoir sin le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cosúla eile. Tá sé beartaithe go dtabharfar isteach réimse de ghníomhaíochtaí coirp lena chinntiú go mbíonn fairsinge agus cothroime sa chlár agus go mbítear ag freastal ar riachtanais agus spéiseanna gach foghlaimeora.

An t am a thugtar

Tá corpoideachas na sraithe sinsearaí deartha lena theagasc thar an dá bhliain nó na trí bliana d’oideachas na sraithe sinsearaí. Moltar tréimhse dhúbailte gach seachtain a chur ar fáil mar íosriachtanas le corpoideachas na sraithe sinsearaí a theagasc. Aon áit ar féidir, ba cheart go n éascódh socruithe clár ama deiseanna foghlama atá bainteach leis an gcorpoideachas i suíomhanna praiticiúla lasmuigh den scoil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.