Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus foghlaim in CCSS

Is é ról uathúil an chorpoideachais san fhoghlaim sa réimse sícealuaile an toisc lárnach sa phleanáil le haghaidh an teagaisc agus na foghlama. Bíonn an bhéim i gcónaí ar an bhfoghlaimeoir a bheith gníomhach go fisiceach, rud a chuidíonn leis a chuid scileanna sícealuaile a fhorbairt i réimse de ghníomhaíochtaí coirp.
I gcorpoideachas na sraithe sinsearaí, spreagtar an foghlaimeoir le ról gníomhach a bheith acu i ngach gné dá chuid foghlama. Is féidir réimse leathan de chuir chuige foghlama rannpháirtíochta agus ar bhonn fiosraithe a úsáid chun é sin a bhaint amach. Áirítear orthu seo an foghlaimeoir ag glacadh le róil imeartha agus neamhimeartha, eolas agus tuiscint theoiriciúil á gcur i bhfeidhm aige san fheidhmíocht phraiticiúil, é a bheith rannpháirteach i gcomhphlé agus i ndíospóireachtaí ranga agus é a bheith ag machnamh ar a fheidhmíocht féin agus ar fheidhmíocht daoine eile sna gníomhaíochtaí coirp. Is féidir gníomhaíochtaí foghlama a roghnú i gcomhairle leis na scoláirí lena chinntiú go gcuireann gach scoláire taithí ar chlár leathan cothrom agus go mbíonn na gníomhaíochtaí sultmhar agus fiúntach aige. Baileoidh an foghlaimeoir fianaise dá gcuid foghlama i bpunann ar feadh na sraithe sinsearaí. 

Foghlaim dhifreáilte sa chorpoideachas

Éascaíonn nádúr solúbtha an chreata le haghaidh chorpoideachas sa tsraith shinsearach don fhoghlaimeoir spriocanna a bhaint amach atá bríoch atá ábhartha dó féin. Cinntítear gur féidir freastal ar riachtanais éagsúla foghlama an scoláire trí éagsúlacht de chuir chuige teagaisc agus foghlama a úsáid. Ba cheart, dá réir, go n éascódh cuir chuige measúnaithe don fhoghlaimeoir freagairt do thascanna cosúla ar shlite difriúla.

Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC)

Tá ról suntasach ag TFC san fhoghlaim sa chorpoideachas. Tá i bhfad níos mó uirlisí digiteacha iniompartha ar fáil na laethanta seo le tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú sa chorpoideachas agus iad ar phraghas réasúnta agus furasta a úsáid. Mar shampla, féadann an foghlaimeoir aipeanna a úsáid le spriocanna a shocrú, lena leibhéil gníomhaíocht choirp a rianú, le pictiúir dá fheidhmíocht a ghlacadh agus le hanailís a dhéanamh orthu. Féadann sé TFC a úsáid le cuir i láthair a dhéanamh, agus le grafaicí, mapaí coincheap agus bunachair sonraí a fhorbairt maidir lena fhoghlaim agus a fheidhmíocht sa chorpoideachas. Féadann an scoláire foghlaim freisin mar is féidir TFC a úsáid go heiticiúil freagrach mar bhunchuid dá fhoghlaim sa rang corpoideachais. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.