Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim ghaolmhar

Soláthraíonn creat chorpoideachas na sraithe sinsearaí leanúnachas agus dul chun cinn sa chorpoideachas, rud a gcuirtear tús leis in oideachas luath óige an fhoghlaimeora agus a leanann trí Churaclam na Bunscoile agus trí chorpoideachas na sraithe sóisearaí.

Leanúnachas agus an fhoghlaim bhainteach i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí

  • Leis an gCreat Luath-ÓigeAistear, déantar ceiliúradh ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an páiste ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach. 
  • Faoi Théama na Folláine, aithnítear go bhfuil an fholláine fhisiceach tábhachtach le haghaidh foghlama agus forbartha nó cuireann sí ar chumas an pháiste fiosrú agus taiscéaladh a dhéanamh agus é féin a shíneadh sa timpeallacht. Mar chuid de sin, tá feasacht mhéadaitheach ar a chorp agus ar a chumais fhisiceacha féin.

  • Tríd an gCorpoideachas i gCuraclam na Bunscoile, soláthraítear réimse chothrom de ghníomhaíochtaí don pháiste agus spreagtar scoileanna le glacadh le cur chuige solúbtha i leith na pleanála le haghaidh corpoideachais. 
  • Cuimsíonn an curaclam sé shnáithe: lúthchleasaíocht, damhsa, gleacaíocht, gníomhaíochtaí allamuigh agus eachtraíochta, agus uiscíocht.

Corpoideachas na sraithe sóisearaí

  • Leanann an foghlaimeoir air ag forbairt a chuid eolais, scileanna agus dearcthaí i gcorpoideachas trí na ráitis foghlama a thugann an bunús chun sraith nua shóisearach a phleanáil. Tá tábhacht ar leith leo seo a leanas
    • RF 12: Is rannpháirtí muiníneach agus cumasach é an scoláire i ngníomhaíocht choirp agus spreagtar é bheith gníomhach go fisiceach. •
    • RF 11: Déanann an scoláire gníomh lena f(h)olláine féin agus folláine daoine eile a  chosaint agus a chur chun cinn.
    • RF 4: Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist.
  • Réimse nua foghlama í an Fholláine sa tSraith Shóisearach. Tá an Corpoideachas ar cheann de na ceithre bhunchloch sa churaclam Folláine. Baineann gearrchúrsa Corpoideachais CNCM leas as creat Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí agus cuimsítear ann torthaí foghlama ina dtéitear i ngleic leis an bhfoghlaim thábhachtach i gCorpoideachas na Sraithe Sóisearaí. Ar chur i gcrích an ghearrchúrsa dó, bíonn an deis ag an scoláire a chuid foghlama a chuimsiú ar Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS).
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.