Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Corpoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil

Soláthraíonn creat chorpoideachas na sraithe sinsearaí deiseanna don fhoghlaimeoir a bheith ag ullmhú i dtreo staidéar amach anseo in éagsúlacht réimsí, mar shampla i ngairm na múinteoireachta, na cóitseála nó an chúraim sláinte. De bhreis ar a luach gairmiúil, feistíonn foghlaim an scoláire sa chorpoideachas é leis an eolas, na scileanna agus an tuiscint a thacóidh le rannpháirtíocht oilte fadsaoil agus/nó baint amach an bharr feabhais ina chuid spóirt agus gníomhaíochtaí coirp féin. Tá moll suntasach taighde ann ina sainaithnítear na buntáistí fadsaoil a thagann le rannpháirtíocht rialta sa ghníomhaíocht choirp i dtaca le sláinte agus folláine (C3 Collaborating for Health, 2011).

Tacóidh an bhéim atá ar fhorbairt na bpríomhscileanna in CCSS le rannpháirtíocht éifeachtach a fhoghlaimeora i réimse deiseanna breisoideachais mar a mbíonn tábhacht le féintreorú, ceannasaíocht, scileanna eagrúcháin agus machnaimh.

Tá d’acmhainn ag CCSS cur go suntasach le feabhsú thiomantas an fhoghlaimeora i leith rannpháirtíocht fadsaoil sa ghníomhaíocht choirp. Is féidir an fhoghlaimeoir a spreagadh le deiseanna gníomhaíocht choirp a fhiosrú laistigh agus lasmuigh den scoil. De réir mar a dhéanann sé é sin, is féidir leis a bheith ina rannpháirtí oilte agus é ag machnamh ar na tosca pobail agus sochaí a thacaíonn leis an rannpháirtíocht fadsaoil sa ghníomhaíocht choirp nó a chuireann bac roimhe sin. Is féidir an foghlaimeoir a spreagadh leis an ngníomhaíocht choirp a mholadh agus a chur chun cinn, tríd an sampla pearsanta a léiríonn sé agus tríd an méid a chuireann sé le tionscnaimh éagsúla spóirt agus gníomhaíochta coirp, sa scoil agus sa phobal. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.