Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna sa tsraith shinsearach

Fíor 1: Cúig phríomhscil na sraithe sinsearaí

key skills diagram

Aithníodh cúig phríomhscil atá lárnach don teagasc agus don fhoghlaim in oideachas na sraithe sinsearaí. Is iad sin próiseáil faisnéise; a bheith éifeachtach go pearsanta; cumarsáid; smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach; agus obair le daoine eile. Faigheann foghlaimeoirí deis uathúil tríd an gcorpoideachas d’fhonn na príomhscileanna a fhorbairt trí fhoghlaim sa réimse sícealuaile.

Is ionann torthaí foghlama i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí agus ráitis shoiléire ar an méid a mheastar a bhainfidh an foghlaimeoir amach ó thaobh eolais agus tuisceana, scileanna agus meoin de. Tá gach ceann de na príomhscileanna neadaithe sna torthaí foghlama i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí. Mar shampla, tá scileanna a bhaineann le bheith éifeachtach go pearsanta, cumarsáid, agus comhoibriú le daoine eile leagtha amach go soiléir sna torthaí foghlama i múnla curaclaim na Freagrachta pearsanta agus sóisialta. Tá scileanna smaointeoireachta criticiúla agus cruthaithí lárnach sna torthaí foghlama a bhfuil tascanna comhdhéanta ag baint leo, mar shampla, sa damhsa nó sa ghleacaíocht san Oideachais spóirt, nó i ndearadh cluichí nua, rud a mbeifí ag dúil leis sa mhúnla curaclaim Teagasc cluichí le haghaidh tuisceana. 

  • Fágann úsáid réimse straitéisí teagaisc agus foghlama gur féidir freastal ar riachtanais éagsúla foghlama an scoláire ach, ina theannta sin, gur féidir na príomhscileanna a fhorbairt freisin. Mar shampla:
  • Is féidir scileanna cumarsáide a fhorbairt trí fhoghlaimeoirí a chur ag obair i dtascanna réitithe fadhbanna grúpa nó beirte. 
  • Tá forbairt agus cothú an dea chaidrimh lárnach sa phríomhscil a bhaineann le hobair le daoine eile. Tagann ann go rialta do dheiseanna leis an scil seo a fhorbairt le linn rannpháirtíocht agus/nó iomaíocht sa ghníomhaíocht choirp.
  • Cuimsíonn ‘a bheith éifeachtach go pearsanta’ an cumas machnamh a dhéanamh ar d’fheidhmíocht féin i ngníomhaíochtaí coirp éagsúla agus pleanáil a dhéanamh le haghaidh feabhsúcháin. Soláthraíonn gach ceann de na múnlaí peirspictíochtaí áirithe don fhoghlaimeoir faoi fúthu féin mar rannpháirtí sa ghníomhaíocht choirp.

Cuirfidh úsáid dhea phleanáilte na dtorthaí foghlama ar chumas an mhúinteora tacú le forbairt na bpríomhscileanna agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an fhoghlaimeora iontu. De réir mar a bhreathnaíonn an múinteoir ar an bhfoghlaimeoir agus é ag tabhairt faoi eispéiris foghlama éagsúla, is féidir leis na deiseanna sin a úsáid d’fhonn aiseolas múnlaitheach a sholáthar don fhoghlaimeoir maidir le húsáid na bpríomhscileanna.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.