Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réamhrá: Creat Corpoideachais

Is bunchuid d’oideachas an duine óig sa tsraith shinsearach é an corpoideachas.  Mar thoradh ar a bhfoghlaimíonn sé sa chorpoideachas, is féidir leis an duine óg cur lena fhéinmhuinín agus a inniúlacht i réimse de ghníomhaíochtaí coirp agus leis an sult a bhaineann sé astu. Foghlaimíonn sé faoin ngaol atá idir an chorpacmhainn agus an tsláinte agus glacann sé freagracht air féin as bheith gníomhach go fisiceach anois agus amach anseo. Ar an iomlán, is féidir leis meon dearfach a fhorbairt i leith na gníomhaíochta coirp agus a thábhachtaí atá sí i dtaca le stíl bheatha shláintiúil shásúil.

Mar chuid d’oideachas na sraithe sinsearaí, tá sé beartaithe go mbeidh an corpoideachas ar fáil in dhá fhormáid. Tá Corpoideachas na hArdteistiméireachta mar ábhar as féin, a ndéanfar measúnú air mar chuid de na scrúduithe Ardteistiméireachta, á fhorbairt i láthair na huaire. Tá fócas agus cuspóir eile ag gabháil le creat corpoideachais na sraithe sinsearaí (CCSS). Is ionann é agus uirlis sholúbtha pleanála le haghaidh corpoideachais do gach scoláire sa tsraith shinsearach agus ní dhéanfar aon mheasúnú air mar chuid den scrúdúchán Ardteistiméireachta. 

Tugann an duine óg sa ghrúpa seo éagsúlacht mhór de scileanna, de bhuanna agus de leibhéil inspreagtha leis le cur lena fhoghlaim sa chorpoideachas. Baineann siad sin le gach aon phointe de chontanam an chorpoideachais. Bíonn roinnt daoine óga ann agus iad gníomhach ar bhonn rialta agus/nó rannpháirteach ag leibhéal ard feidhmíochta. Bíonn daoine eile ann, áfach, nach mbíonn ag comhlíonadh na n íosmholtaí le haghaidh gníomhaíocht choirp do dhaoine óga (Ionaid um Smachtú agus Cosc Galar/Centers for Disease Control and Prevention [CDC], 2015) 

Tacaíonn foghlaim an scoláire sa chorpoideachas le fís fhoriomlán oideachas na sraithe sinsearaí, mar atá, scoláire a fhorbairt mar fhoghlaimeoir seiftiúil, muiníneach, spreagtha agus gníomhach. Forbraíonn an foghlaimeoir a fhéinmhuinín agus a inniúlacht de réir mar a shealbhaíonn sé an t eolas, na scileanna agus an meon atá ag teastáil le go n éireoidh leis i réimse de ghníomhaíochtaí coirp le linn dó a bheith ag gabháil don tsraith shinsearach agus níos faide anonn sa saol. Is ionann an ghníomhaíocht choirp, ina hiliomad foirmeacha, agus meán trína mbíonn an scoláire ag foghlaim sa chorpoideachas, tríd an gcorpoideachas agus faoin gcorpoideachas. 

Is féidir go mbainfeadh an foghlaimeoir rathúlacht amach ar bhealaí éagsúla sa chorpoideachas. I gcás foghlaimeoirí áirithe, is ar bharr feabhais agus spriocanna spóirt a bhaint amach a bheas a n aird. I gcás foghlaimeoirí eile, is ar dhaoine eile a eagrú, a stiúradh agus a éascú le bheith gníomhach go fisiceach a bheas an rathúlacht bunaithe. Agus ag daoine eile, is ionann gníomhaíocht choirp rialta a chuimsiú mar chuid de stíl bheatha shláintiúil agus toradh rathúil. 

Luíonn úsáid na múnlaí curaclaim éagsúla in éineacht leis na gníomhaíochtaí coirp sin, arna roghnú ag an rang agus ag a múinteoir, ag croí an teagaisc agus na foghlama in CCSS. Trí mhúnlaí éagsúla curaclaim a úsáid, is féidir an foghlaimeoir a spreagadh, ní hamháin lena fheidhmíocht a fheabhsú i ngníomhaíochtaí coirp difriúla, ach chomh maith leis sin, lena thuiscint ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar a fheidhmíocht agus a rannpháirtíocht phearsanta sa ghníomhaíocht choirp a fhorbairt.  
Is féidir an foghlaimeoir a spreagadh le róil agus freagrachtaí éagsúla a ghlacadh, lena n áirítear róil cheannaireachta, chóitseála agus réiteoireachta. Is féidir leis an bhfoghlaimeoir foghlaim faoin dóigh le gníomhaíocht choirp a phleanáil agus a eagrú, le bheith rannpháirteach inti agus le machnamh a dhéanamh ar a chuid eispéireas inti. Is féidir leis an scoláire foghlaim faoi chothrom na Féinne, faoin obair bhuíne agus mar is féidir a bheith ag comhoibriú go measúil. Dá thoradh seo, foghlaimíonn sé mar is féidir a bheith éifeachtach sna suíomhanna éagsúla iomaíocha, cruthaitheacha agus dúshlánacha a chuirtear ina láthair go leanúnach tríd an ngníomhaíocht choirp.

CCSS agus an fholláine

Sa chúrsa seo, foghlaimíonn an scoláire faoina thábhachtaí atá sé a bheith gníomhach go fisiceach mar chuid de stíl bheatha shláintiúil. Tá an foghlaimeoir sa tsraith shinsearach ag céim thábhachtach ina shaol mar a ndéanann sé a chinntí féin maidir le cé acu a chuimseoidh sé agus cén dóigh a gcuimseoidh sé an ghníomhaíocht choirp mar chuid dá stíl bheatha. Tá an fhoghlaim i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí deartha lena chinntiú go dtuigeann an scoláire tábhacht na gníomhaíochta coirp, ní hamháin i dtaca lena fholláine fhisiceach ach i dtaca lena fholláine shíceolaíoch agus shóisialta freisin. Glactar leis go forleathan go bhfuil an ghníomhaíocht choirp rialta ríthábhachtach maidir leis an tsláinte agus leis an bhfolláine trí chéile. Is ionann leibhéal molta na gníomhaíochta coirp do dhaoine óga agus seasca nóiméad ar a laghad de ghníomhaíocht ar dhéine mheasartha gach lá den tseachtain (CDC, 2010). Is suíomh lárnach í an scoil agus is mórsprioc é an duine óg sna straitéisí d’fhonn leibhéil de ghníomhaíocht choirp a d’fheabhsódh an tsláinte a chur chun cinn don uile dhuine. Tá ról tábhachtach ag an gcorpoideachas maidir le bheith ag tacú leis an duine óg teacht ar bhealaí trínar féidir leo tabhairt faoi ghníomhaíocht choirp ar bhonn rialta agus sult a bhaint aisti. Mar thoradh ar an bhfoghlaim i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí, ba cheart go mbeadh tuiscint mhéadaithe ag an scoláire ar a ról féin agus a thiomantas féin maidir le ghníomhaíocht fhisiceach rialta a fheabhsaíonn an tsláinte mar chuid de stíl bheatha shláintiúil. Is féidir é seo a bhaint amach nuair a bhíonn an scoláire ag gabháil do phleanáil chomhpháirteach in éineacht leis an múinteoir i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin a mbeidh sé rannpháirteach iontu agus i dtaca leis na torthaí foghlama a ndíreoidh sé orthu.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.