Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Cuimsiú

Tá corpoideachas na sraithe sinsearaí saindeartha le rannpháirtíocht ghníomhach an fhoghlaimeoir sa chorpoideachas a spreagadh, beag beann ar a leibhéal cumais agus/nó a thiomantas i leith na gníomhaíochta coirp. Éascaíonn nádúr solúbtha an chreata don fhoghlaimeoir spriocanna a bhaint amach atá bríoch agus ábhartha dó féin.  

In CCSS, ní hiad na gníomhaíochtaí coirp ar leith is príomhfhócas agus pleanáil á déanamh le haghaidh teagaisc agus foghlama. Ina áit sin, is iad a fheidhmíonn mar mheán trína mbíonn an scoláire ag foghlaim sa chorpoideachas. Iarrtar ar an múinteoir na gníomhaíochtaí coirp sin a mbeifear ag gabháil dóibh a phlé roimh ré le go mbeidh an fhoghlaim sa rang bríoch agus spéis ag gach duine inti.

Tá an úsáid dhifreáilte a mbaintear as éagsúlacht de chuir chuige foghlama agus mionathrú an trealaimh, lena n áirítear trealamh oiriúnaithe agus/nó cúnta, ríthábhachtach maidir le timpeallacht ionchuimsitheach a chruthú agus a chothú sa chorpoideachas.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.