Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Múnlaí curaclaim

Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte

 

Is é is aidhm leis an nGníomhaíocht Choirp ar son na sláinte (GCS) tuiscint an fhoghlaimeora ar an ngníomhaíocht choirp ar son na sláinte a fhorbairt. Is múnla coincheap bhunaithe é arb é is aidhm leis tógáil ar eolas, scileanna agus tuiscint an fhoghlaimeora sa réimse seo ó chorpoideachas na sraithe sóisearaí. Trí rannpháirtíocht i réimse de ghníomhaíochtaí fisiceacha, foghlaimíonn an scoláire mar is féidir a chorpacmhainn ar son na sláinte a fhorbairt agus faoi na coincheapa bainteacha. Aidhm eile de chuid GCS ná léirthuiscint a chothú ar thábhacht na rannpháirtíochta i ngníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil. 

Seo a leanas na gnéithe riachtanacha den Ghníomhaíocht choirp ar son na sláinte:

  • Staidéar ar choincheapa — foghlaimíonn an scoláire faoi choincheapa agus cleachtais corpacmhainne agus sláinte agus folláine.
  • Gníomhaíochtaí coirp saoil — bíonn an foghlaimeoir rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coirp ar feadh an tsaoil.
  • Léirthuiscint ar ghníomhaíocht choirp agus folláine — déanann an foghlaimeoir breithniú ar a thábhachtaí atá sé leibhéil leorga gníomhaíochta coirp agus dea chleachtais cothaithe a fhorbairt agus a chothú.
  • Clár gníomhaíochta pearsanta a phleanáil — forbraíonn an foghlaimeoir an t eolas, an tuiscint agus na scileanna atá ag teastáil le cláir gníomhaíochta pearsanta a phleanáil agus a chur i bhfeidhm.

Is iad na cuspóirí de chorpoideachas na sraithe sinsearaí a ndírítear orthu in GCS ná tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:

  • tuiscint a chur ar an ngníomhaíocht choirp lena bhforbraítear corpacmhainn shláintebhunaithe agus tabhairt faoin ngníomhaíocht choirp sin
  • a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil
  • a bheith ina rannpháirtithe oilte sa ghníomhaíocht choirp
  • imscrúdú a dhéanamh ar luach na gníomhaíochta coirp i gcomhthéacsanna éagsúla.

Tá leagtha amach sa tábla thíos an t ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte. Féadann an foghlaimeoir, i gcomhairle lena mhúinteoir, na torthaí foghlama a roghnú ar mhaith leis díriú orthu sa mhúnla seo, agus aird chuí aige ar na háiseanna atá ar fáil laistigh den scoil.

 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Corpacmhainn sláintebhunaithe agus fheidhmíochtbhunaithe
  1. 1

    a gcorpacmhainne shláintebhunaithe féin a mheas 

  2. 2

    comparáid a dhéanamh idir comhpháirteanna na corpacmhainne sláintebhunaithe agus feidhmíochtbhunaithe

  3. 3

    monatóireacht a dhéanamh ar a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí atá deartha le ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na corpacmhainne sláintebhunaithe a fheabhsú tríd an bhfoirmle MDAC a úsáid (Minicíocht, Déine, Am agus Cineál)

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp
  1. 4

    na buntáistí a thagann le gníomhaíocht choirp rialta, atá blaiste aige féin as ucht a rannpháirtíochta inti, a phlé

  2. 5

    tacaí éagsúla a shainaithint a chuidigh leis féin tosú agus/nó leanúint de bheith gníomhach go fisiceach

  3. 6

    próifíl gníomhaíochta phearsanta a chruthú lena sainaithneofaí cumais, meonta, spreagthachtaí agus bacainní maidir lena rannpháirtíocht féin, tar éis féinmheasúnaithe 

  4. 7

    réimse straitéisí a úsáid d’fhonn bacainní roimh an rannpháirtíocht rialta sa ghníomhaíocht choirp a shárú

  5. 8

    deiseanna le haghaidh gníomhaíocht choirp ar scoil nó sa phobal a shainaithint  

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Clár gníomhaíochta coirp a dhearadh
  1. 9

    áiseanna iontaofa a shainaithint le tacú leis clár corpacmhainne sláintebhunaithe agus/nó fheidhmíochtbhunaithe a phleanáil

  2. 10

    a chuid torthaí pearsanta corpacmhainne a úsáid le clár corpacmhainne éifeachtach, sultmhar agus cothromaithe a phleanáil agus a chur i bhfeidhm arb é is aidhm leis corpacmhainn shláintebhunaithe/fheidhmíochtbhunaithe a fheabhsú

  3. 11

    clár gníomhaíochta coirp a phleanáil a bheadh deartha chun an chorpacmhainn shláintebhunaithe a fheabhsú le haghaidh duine ag a mbeadh próifíl gníomhaíochta a bheadh éagsúil lena phróifíl féin

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Imeacht gníomhaíochta coirp a eagrú
  1. 12

    imeacht gníomhaíochta coirp sláintebhunaithe a eagrú

  2. 13

    páirt a ghlacadh in imeacht gníomhaíochta coirp sláintebhunaithe agus machnamh a dhéanamh air 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Breithmheas ar áiseanna, seirbhísí agus táirgí gníomhaíochta coirp
  1. 14

    breithmheas a dhéanamh ar chlub sláinte/seomra aclaíochta áitiúil nó seirbhís corpacmhainne ó roinnt peirspictíochtaí lena n‑áirítear mar rannpháirtí 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Buarthaí sábháilteachta a bhaineann le héagsúlacht de ghníomhaíochtaí saoil agus corpacmhainne
  1. 15

    comhairle a sholáthar maidir le héadaí oiriúnacha, hiodráitiú, cleachtas sábháilte agus trealamh oiriúnach le haghaidh gníomhaíochtaí coirp sláintebhunaithe, bunaithe ar a thaithí féin

  2. 16

    úsáidí agus mí‑úsáid na bhforlíontaí/na ndrugaí sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt a dhoiciméadú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7 Folláine/Sláinte
  1. 17

    gníomhaíocht choirp a chur san áireamh ina phlean bainistithe struis

  2. 18

    teicnící scíthe a chleachtadh 

  3. 19

    breithmheas a dhéanamh ar nósanna pearsanta aiste bia agus cothaithe  

      

  4. 20

    glacadh le plean itheacháin sláintiúil cothromaithe a bheadh saindeartha aige le freastal ar riachtanais fuinnimh agus cothaithe a leibhéal gníomhaíochta coirp féin 

Is éard is aidhm leis an oideachas spóirt cur le forbairt an fhoghlaimeora mar imreoir agus mar rannpháirtí inniúil, liteartha díograiseach i réimse de ghníomhaíochtaí coirp. Baintear é seo amach trí eispéireas barántúil den spórt agus de ghníomhaíocht choirp eagraithe a sholáthar don fhoghlaimeoir, mar a bhfoghlaimíonn sé an dóigh le róil imeartha agus neamhimeartha a chomhlíonadh, amhail rannpháirtí/imreoir, réiteoir, cóitseálaí, cóiréagrafaí agus staitisteoir. Tríd an teagasc agus an fhoghlaim a dhíriú ar eispéireas níos iomláine den ghníomhaíocht, is dóchúla go bhforbróidh gach foghlaimeoir tacar leathan de scileanna agus go gcuirfidh sé eolas ar na straitéisí atá ag teastáil le go n éireoidh leis ina rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp eagraithe anois agus níos faide anonn sa saol.

San Oideachas spóirt, tuigtear gurb ionann an spórt agus


…gach foirm den ghníomhaíocht choirp arb é is aidhm léi, trí rannpháirtíocht ócáideach nó eagraithe, an chorpacmhainn agus an fholláine mheabhrach a chleachtadh nó a fheabhsú, caidreamh sóisialta a dhéanamh nó torthaí a bhaint amach san iomaíocht ag gach leibhéal. (Comhairle na hEorpa, 2001)

Seo a leanas eilimintí riachtanacha an Oideachais spóirt:
Séasúir—faigheann an foghlaimeoir taithí ar an ngníomhaíocht i séasúr ina gcleachtann sé na scileanna, na teicnící agus/nó na míreanna comhdhéanta den ghníomhaíocht roghnaithe agus tugann sé faoi iomaíocht nó taibhiú foirmiúil. 
Ceangal—bíonn an foghlaimeoir ceangailte d’fhoirne/grúpaí/buíonta/scuaid atá ag oibriú i dtreo sprioc chomhchoiteann.  
Comórtas foirmiúil—bíonn deiseanna ar fáil gach séasúr le haghaidh rannpháirtíochta i gcomórtas nó i dtaibhiú foirmiúil.
Taifid a choimeád—coimeádann an foghlaimeoir taifid maidir le gnéithe éagsúla dá rannpháirtíocht agus dá fheidhmíocht.
Buaic Imeacht—ag deireadh gach séasúir, eagraítear imeacht le deireadh an tséasúir a cheiliúradh agus le barr feabhais agus sáriarracht a aithint.
Spleodar—Ar aidhmeanna an Oideachais spóirt, áirítear an spleodar, na dathanna agus an ceiliúradh atá ag baint leis an ngníomhaíocht roghnaithe a chuimsiú (dathanna foirne, amhráin, bratacha, éadaí agus pictiúir).

Is ionann cuspóirí chorpoideachas na sraithe sinsearaí agus a bheith ag tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:

  • muinín, inniúlacht agus cruthaitheacht a fhorbairt i réimse gníomhaíochtaí coirp
  • tabhairt faoi róil éagsúla sa ghníomhaíocht choirp
  • a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil
  • iompraíocht fhreagrach shóisialta agus phearsanta a léiriú sa ghníomhaíocht choirp, lena n áirítear féinmheas agus meas ar dhaoine eile
  • a bheith ina rannpháirtithe oilte sa ghníomhaíocht choirp.

Tá leagtha amach sa tábla a leanas an t ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Oideachas spóirt. Féadann an foghlaimeoir, i gcomhairle lena mhúinteoir, na torthaí foghlama a roghnú ar mhaith leis díriú orthu sa mhúnla seo, agus aird chuí aige ar na háiseanna atá ar fáil laistigh den scoil.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Róil agus freagrachtaí
  1. 1

    tabhairt faoi róil éagsúla imeartha agus neamhimeartha sa ghníomhaíocht choirp roghnaithe  

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 A bheith mar bhall éifeachtach foirne
  1. 2

    a bheith rannpháirteach mar bhall éifeachtach foirne, ag oibriú i dtreo sprioc chomhchoiteann—mar shampla, buaicimeacht, taispeántas nó taibhiú

  2. 3

    ceannasaíocht éifeachtach a léiriú i róil imeartha agus neamhimeartha

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Feidhmíocht éifeachtach phearsanta
  1. 4

    úsáid éifeachtach scileanna, teicnící agus straitéisí na gníomhaíochta a léiriú

  2. 5

    cloí le gnásanna agus nósanna na gníomhaíochta

  3. 6

    cloí le riachtanais sábháilteachta na gníomhaíochta 

  4. 7

    na riachtanais corpacmhainne is gá le haghaidh na gníomhaíochta coirp roghnaithe a fhorbairt 

  5. 8

    éagsúlacht de theicnící, de phrionsabail chóiréagrafacha agus de chuir chuige i leith na hoibre buíne a ionchorprú ina thaibhiú damhsa/gleacaíochta  

  6. 9

    tuiscint a léiriú ar cheisteanna aeistéitiúla agus ealaíne ina thaibhiú ar gá breithniú orthu

  7. 10

    a bheith ag oibriú go cruthaitheach le prapaí sa damhsa agus le fearas mór agus fearas beag sa ghleacaíocht 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Buaicimeacht gníomhaíochta coirp
  1. 11

    buaicimeacht a eagrú le haghaidh na gníomhaíochta coirp roghnaithe  

  2. 12

    machnamh a dhéanamh ar an taithí a fuair sé féin ar bhuaicimeacht a eagrú agus ar pháirt a ghlacadh ann óna thaobh féin de nó ó thaobh an ghrúpa de 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Deiseanna le haghaidh gníomhaíocht choirp lasmuigh den rang corpoideachais
  1. 13

    teacht i dtír ar dheiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí coirp bainteacha lasmuigh den rang corpoideachais 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Gortuithe coitianta spóirt agus an t athshlánúchán a bhaineann leo, gnásanna garchabhrach lena n áirítear comhtholgadh agus athbheochan chardascamhógach (ACS/CPR).
  1. 14

    eolas agus tuiscint a léiriú ar ghortuithe coitianta sa ghníomhaíocht roghnaithe trí bhreathnú ar bhealaí lena seachaint agus é ag gabháil don ghníomhaíocht

Is éard is aidhm le ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp ná an foghlaimeoir a fhorbairt ina rannpháirtí oilte criticiúil sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt. Foghlaimíonn an scoláire dóigheanna le breithniú criticiúil a dhéanamh, ní hamháin ar a chuid eispéireas féin sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt, ach ar a bharr sin, ar na tionchair áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta níos leithne ar an rannpháirtíocht agus ar an soláthar. Spreagtar an foghlaimeoir le breithniú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht choirp agus ar an spórt ó pheirspictíochtaí pearsanta, sóisialta agus cultúrtha.
Seo a leanas na croí ghnéithe de Cheisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp:
Gníomhaíocht phraiticiúil—foghlaimíonn an scoláire faoi ghníomhaíocht ar leith, arna roghnú ag an bhfoghlaimeoir féin i gcomhairle leis an múinteoir, agus glacann sé páirt ann.
Athmhachnamh criticiúil—is ionann an ghníomhaíocht choirp roghnaithe agus lionsa trína bhfoghlaimíonn an scoláire faoi na nithe seo a leanas:

  • Ceisteanna sóisialta—comhphlé agus critíc ar cheisteanna comhaimseartha sa spórt, sa tsláinte agus sa ghníomhaíocht choirp
  • Naisc phearsanta leis an ngníomhaíocht choirp, an scoil, an tsochaí—ról agus brí an spóirt ina shaol agus sa mhórphobal ina gcónaíonn sé.

Is iad na cuspóirí de chorpoideachas na sraithe sinsearaí a ndírítear orthu in Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp ná tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:

  • imscrúdú a dhéanamh ar luach na gníomhaíochta coirp i gcomhthéacsanna éagsúla
  • iompraíocht fhreagrach shóisialta agus phearsanta a léiriú sa ghníomhaíocht choirp, lena n áirítear féinmheas agus meas ar dhaoine eile
  • a bheith ina rannpháirtithe oilte sa ghníomhaíocht choirp
  • muinín, inniúlacht agus cruthaitheacht a fhorbairt i réimse gníomhaíochtaí coirp
  • a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil.


Tá leagtha amach sa tábla a leanas an t ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp. Féadann an foghlaimeoir, i gcomhairle lena mhúinteoir, na torthaí foghlama a roghnú ar mhaith leis díriú orthu sa mhúnla seo, agus aird chuí aige ar na háiseanna atá ar fáil laistigh den scoil. Is dóchúla go mbainfear na torthaí foghlama seo amach nuair a dhéantar nasc sainiúil idir iad agus an spórt nó an ghníomhaíocht choirp a bhfuil an foghlaimeoir ag gabháil di le linn an chorpoideachais.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Eispéiris éagsúla den ghníomhaíocht choirp
  1. 1

    athbhreithniú a dhéanamh ar dhá cheann nó níos mó de bheathaisnéisí gníomhaíochta coirp daoine, lena n‑áirítear a bheathaisnéis féin

  2. 2

    ról an teaghlaigh, na gcairde, na scoile agus an phobail maidir le feabhsú na rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht choirp nó bac a chur roimpi a mhíniú 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 A bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil
  1. 3

    breithniú a dhéanamh ar dheiseanna le haghaidh gníomhaíocht choirp don scoláire laistigh agus lasmuigh den scoil  

  2. 4

    fianaise a léiriú de rannpháirtíocht choirp eile lasmuigh den rang corpoideachais

  3. 5

    daoine eile a spreagadh le bheith rannpháirteach ina rogha gníomhaíochta coirp 

  4. 6

    deiseanna le haghaidh gníomhaíocht choirp a aibhsiú lena n‑áirítear imeachtaí le haghaidh rannpháirtíocht ar scála mór ina cheantar áitiúil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Bacainní agus tacaí sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp
  1. 7

    breithniú a dhéanamh ar na bacainní agus ar na tacaí, idir iarbhír agus mheabhairbhráite, maidir le rannpháirtíocht grúpaí éagsúla sa ghníomhaíocht choirp  

  2. 8

    ócáidí agus/nó cleachtais mar a n‑úsáidtear an spórt agus an ghníomhaíocht choirp le tacú le grúpaí éagsúla d’fhireannaigh agus baineannaigh, nó lena gcur faoi chois, a shainaithint

  3. 9

    anailís a dhéanamh ar ról na mbeartas náisiúnta agus áitiúil maidir le cur chun cinn na gníomhaíochta coirp agus na sláinte

  4. 10

    ról na Comhpháirtíochta Áitiúla Spóirt a mhíniú, lena n‑áirítear conas mar a thacaíonn sí le rannpháirtíocht leanúnach na ndaoine óga sa ghníomhaíocht choirp

  5. 11

    áis a fhorbairt lena n‑aibhseofaí an obair a dhéanann Bord Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus/nó grúpaí eile arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn

  6. 12

    critíc a dhéanamh ar na háiseanna le haghaidh gníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil ó roinnt peirspictíochtaí, lena n‑áirítear sábháilteacht, tarraingteacht, inscne, aois, agus sainriachtanais 

  7. 13

    achainí a dhéanamh leis na forais iomchuí d’fhonn deiseanna/áiseanna gníomhaíochta coirp sa phobal áitiúil a fheabhsú 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Deiseanna gníomhaíochta coirp do chách
  1. 14

    imeacht gníomhaíochta coirp a eagrú sa scoil/pobal áitiúil a bheadh saindeartha le bheith cuimsitheach 

  2. 15

    feachtas bolscaireachta a dhearadh le deiseanna le haghaidh gníomhaíocht choirp chuimsitheach sa phobal a aibhsiú 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Tionchar na meán sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt
  1. 16

    anailís chriticiúil a dhéanamh ar ról na meán maidir le rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp i measc na bhfear agus na mban agus/nó grúpaí mionlaigh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 An spórt agus úsáid drugaí
  1. 17

    úsáidí agus mí‑úsáid na bhforlíonta/drugaí sa spórt a dhoiciméadú

  2. 18

    cairt a dhearadh le haghaidh rannpháirtíocht shábháilte sna gníomhaíochtaí spóirt

Is éard is aidhm leis an Oideachas eachtraíochta ná an foghlaimeoir a spreagadh chun é féin a shíneadh agus le foghlaim conas a bheith ag comhoibriú le daoine eile, le muinín as féin agus as daoine eile a fhorbairt, le haird chuí a bheith aige ar a shábháilteacht féin agus le dúshláin gníomhaíocht choirp a shárú le cúnamh agus treoir ó dhaoine eile. Ag tógáil ar an bhfoghlaim faoi ghníomhaíochtaí eachtraíochta i gcorpoideachas na sraithe sóisearaí, cuimsíonn an tOideachas eachtraíochta réimse leathan de ghníomhaíochtaí, lena n áirítear gníomhaíochtaí comhoibritheacha, gníomhaíochtaí muiníne agus tionscnaimh réitigh fadhbanna. Cuimsíonn sé chomh maith gníomhaíochtaí a tharlaíonn sa timpeallach allamuigh amhail cnocadóireacht agus treodóireacht. Tá gach ceann de na gníomhaíochtaí bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na coincheapa a leanas: dúshlán, comhoibriú, riosca, muinín agus réiteach fadhbanna. 
Is gné lárnach de gach gníomhaíocht é an machnamh, mar a bhfoghlaimíonn an foghlaimeoir ní hamháin an dóigh le machnamh a dhéanamh ar eispéireas na gníomhaíochta eachtraíochta ach le smaoineamh chomh maith ar dhóigheanna lena bhfuil foghlamtha aige a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna barántúla eile amach anseo. Cuirtear an bhéim ar an scoláire a bheith ag foghlaim faoi féin agus é ag gabháil don ghníomhaíocht eachtraíochta, seachas ar thoradh na gníomhaíochta. 

Seo a leanas na croí ghnéithe den Oideachas eachtraíochta:

  • Foghlaim ó thaithí—glacann an foghlaimeoir páirt sa ghníomhaíocht eachtraíochta, déanann machnamh ar an eispéireas, ginearálaíonn a chuid foghlama agus cuireann i bhfeidhm i suíomhanna úra í.
  • Comhghealltanas—briathar an focal a úsáidtear le cur síos ar an gcomhaontú a dhéanann an foghlaimeoir go gcloífidh sé le tacar de rialacha réamhbheartaithe atá saindeartha le hiompraíocht mheasúil fhreagrach, ar bhonn pearsanta agus ar bhonn grúpa, a spreagadh.
  • Rogha Dúshlán—roghnaíonn an foghlaimeoir na dóigheanna a mbíonn sé rannpháirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla eachtraíochta atá deartha lena leibhéil compoird fhisiceacha, meabhrach, agus mhothúchánacha a shíneadh.
  • Deiseanna le hathmhachnamh agus próiseáil a dhéanamh ar an eispéireas—tá sé seo riachtanach le tacú leis an bhfoghlaimeoir ciall a dhéanamh den mhéid atá foghlamtha aige.
  • Gné allamuigh–faigheann an foghlaimeoir taithí ar ghníomhaíochtaí éagsúla eachtraíochta taobh amuigh.
  • Forbairt scileanna—forbraíonn an foghlaimeoir scileanna agus teicnící a bhaineann le gníomhaíocht allamuigh ar leith.
  • Dúshlán pearsanta—glacann an foghlaimeoir le dúshláin fhisiceacha agus meabhrach mar eachtra ar féidir leis tabhairt fúithi.
  • Dúshlán foirne—déanann baill an ghrúpa cumarsáid éifeachtach, comhoibriú agus comhghéilleadh lena chéile trí rannpháirtíocht trialach is earráide i sraith chéimnithe de ghníomhaíochtaí réitigh fadhbanna.
  • Méid áirithe riosca—foghlaimíonn an scoláire mar is féidir a sábháilteacht fhisiceach agus mhothúchánach phearsanta a fhágáil i muinín daoine eile agus é ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a mbíonn roinnt rioscaí fisiceacha nó mothúchánacha ag baint leo.

Is iad cuspóirí chorpoideachas na sraithe sinsearaí a ndírítear orthu san Oideachas eachtraíochta ná tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:

  • iompraíocht fhreagrach shóisialta agus phearsanta a léiriú sa ghníomhaíocht choirp, lena n áirítear féinmheas agus meas ar dhaoine eile
  • muinín, inniúlacht agus cruthaitheacht a fhorbairt i réimse gníomhaíochtaí coirp
  • tabhairt faoi róil éagsúla sa ghníomhaíocht choirp
  • a bheith ina rannpháirtithe oilte sa ghníomhaíocht choirp
  • a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil.

Tá leagtha amach sa tábla a leanas an t ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Oideachas eachtraíochta. Féadann an foghlaimeoir, i gcomhairle lena mhúinteoir, na torthaí foghlama a roghnú ar mhaith leis díriú orthu sa mhúnla seo, agus aird chuí aige ar na háiseanna atá ar fáil laistigh den scoil.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Gníomhaíochtaí eachtraíochta dúshlánacha aonair agus grúpa
  1. 1

    páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eachtraíochta dúshlánacha, idir aonair agus ghrúpa, a thugann a ndúshlán go fisiceach, go meabhrach nó go mothúchánach  

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Spriocanna a bheartú
  1. 2

    spriocanna réadúla pearsanta a bheartú le haghaidh dúshlán, lena n‑aireofaí deiseanna le haghaidh comhoibriú, rioscaí oiriúnacha, cothú muiníne agus/nó réiteach fadhbanna 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Comhoibriú sna tascanna eachtraíochta
  1. 3

    ról réitigh fadhbanna a bheith aige i ngníomhaíochtaí eachtraíochta grúpa 

  2. 4

    cumas agus toilteanas a léiriú le cloí le prótacal comhaontaithe maidir lena iompraíocht phearsanta agus a idirghníomhú le baill eile den ghrúpa

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Machnamh ar eispéiris foghlama
  1. 5

    machnamh a dhéanamh ar na dúshláin eachtraíochta éagsúla, lena n‑áirítear breithniú ar dhóigheanna a bhféadfaí a bhfuil foghlamtha aige a chur i bhfeidhm i ndúshláin amach anseo

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Dúshláin gníomhaíochta eachtraíochta a chruthú
  1. 6

    a chuid tascanna gníomhaíochta eachtraíochta féin a fhorbairt lena n‑áirítear iad a eagrú do dhuine nó grúpa eile 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Sábháilteacht sna gníomhaíochtaí eachtraíochta
  1. 7

    cloí leis na réamhchúraimí sábháilteachta is gá i ndúshláin gníomhaíochta eachtraíochta 

  2. 8

    garchabhair éigeandála bhunúsach le haghaidh suíomhanna eachtraíochta allamuigh a léiriú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7 Gnéithe timpeallachta
  1. 9

    a bheith meabhrach ar ghnéithe éagsúla timpeallachta agus é ag gabháil do ghníomhaíochtaí eachtraíochta lena n‑áirítear gnéithe den tírdhreach, athruithe taoide agus aimsire 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
8 Turas gníomhaíochta eachtraíochta a dhéanamh
  1. 10

    turas gairid a dhéanamh ina gcomhcheanglófaí pleanáil, loingseoireacht agus gníomhaíochtaí eachtraíochta  

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
9 Róil agus freagrachtaí san Oideachas eachtraíochta
  1. 11

    freagracht a ghlacadh as ról amháin nó níos mó i ndúshlán gníomhaíochta eachtraíochta 

  2. 12

    na hiompraíochtaí aonair agus foirne a chuireann le meanma agus éifeachtacht foirne a eiseamláiriú le linn rannpháirtíochta sna gníomhaíochtaí eachtraíochta

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10 Buntáistí a thagann le gníomhaíocht eachtraíochta
  1. 13

    plé a dhéanamh ar bhuntáistí na ngníomhaíochtaí eachtraíochta ó thaobh sláinte agus folláine de

Is éard is aidhm leis an bhfreagracht phearsanta agus shóisialta ná scileanna saoil a theagasc trí mheán an chorpoideachais. Is gné lárnach í forbairt na freagrachta pearsanta agus sóisialta de phróiseas an oideachais agus aithnítear leis an múnla seo an ról uathúil atá le comhlíonadh ag an gcorpoideachas sa réimse seo. 
Sa rang corpoideachais, cuireann an duine óg taithí ar na dúshláin a thagann leis an mbua agus leis an mbriseadh, leis an rathúlacht agus leis an teip, le coimhlint idirphearsanta agus le dúshláin inphearsanta. Ní gá, áfach, go n eascródh forbairt phearsanta agus shóisialta go huathoibríoch ó na heispéiris sin. Faoi Fhreagracht phearsanta agus shóisialta, déantar soiléir na spriocanna sonracha seo a leanas; meas, iarracht, féintreoir, cabhrú le daoine eile, ceannasaíocht agus cur i bhfeidhm na foghlama lasmuigh den rang corpoideachais. Tugtar faoi na spriocanna seo ar bhonn céimnitheach, ag tosú le meas agus iarracht agus d’fhéadfadh sé gurb iad ab fhócas don ghníomhaíocht choirp a mbeifí ag gabháil di sa chorpoideachas.

Seo a leanas na croí ghnéithe den Fhreagracht phearsanta agus shóisialta:
Cuimsiú gach foghlaimeora—pléitear leis an bhfoghlaimeoir ag leibhéil a oireann dá chuid spéiseanna, scileanna agus cumas.
Éisteacht le guth an fhoghlaimeora—tá guth ag an bhfoghlaimeoir ar cheart éisteacht leis, rud a n eascródh braistint mhéadaithe úinéireachta amach as i dtaca le gníomhaíochtaí agus idirghníomhuithe ranga.
Ligean don fhoghlaimeoir roghnú a chleachtadh—bíonn deiseanna ag an bhfoghlaimeoir a roghanna féin a dhéanamh
Machnamh ar na roghanna a dhéantar a éascú—déanann an foghlaimeoir machnamh ar iarmhairtí na roghanna a dhéantar, idir dhearfach agus dhiúltach.
Cur chuige foghlaimeoir lárnach—mothaíonn an foghlaimeoir go ndéantar a mhór de agus cúram de, beag beann ar an ngníomhaíocht choirp atá á teagasc. 
Agus an múnla seo á úsáid, is é is príomhfhócas don mhúinteoir corpoideachais ná cumhachtú, de réir a chéile, an fhoghlaimeora le go bhféadann sé glacadh le leibhéil oiriúnacha de fhreagracht phearsanta agus shóisialta, lena n áirítear meas a bheith aige ar chearta agus mothúcháin daoine eile.   
Is iad na cuspóirí de chorpoideachas na sraithe sinsearaí a ndírítear orthu faoi Fhreagracht phearsanta agus shóisialta ná tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:

  • iompraíocht fhreagrach phearsanta agus shóisialta a léiriú sa ghníomhaíocht choirp, agus meas a léiriú air féin agus ar dhaoine eile
  • muinín, inniúlacht agus cruthaitheacht a fhorbairt i réimse gníomhaíochtaí coirp
  • tabhairt faoi róil éagsúla sa ghníomhaíocht choirp
  • a bheith ina rannpháirtithe oilte sa ghníomhaíocht choirp.

Tá leagtha amach sa tábla a leanas an t ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Freagracht phearsanta agus shóisialta. Féadann an foghlaimeoir, i gcomhairle lena mhúinteoir, na torthaí foghlama a roghnú ar mhaith leis díriú orthu sa mhúnla seo, agus aird chuí aige ar na háiseanna atá ar fáil laistigh den scoil.
 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Comhaontuithe a dhéanamh agus cloí leo
  1. 1

    spriocanna an ranga corpoideachais a réamhshocrú

  2. 2

    a chuid barúlacha agus moltaí a chur in iúl go soiléir measúil

  3. 3

    difríochtaí a réiteach go síochánta measúil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Iarracht agus rannpháirtíocht
  1. 4

    spriocanna aonair agus grúpa maidir le hiarracht agus rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe a chur chun cinn

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Féinsmacht
  1. 5

    cumas a léiriú freagracht a ghlacadh as a iompraíocht, a thiomantas agus a dhul chun cinn sa rang corpoideachais 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Féintreoir
  1. 6

    spriocanna réadúla dúshlánacha a leagan síos lena mbaint amach sa ghníomhaíocht choirp

  2. 7

    gníomhaíochtaí éagsúla a stiúradh sa seomra ranga amhail téamh suas, cleachtaí agus cluichí/taibhithe le foirne beaga

  3. 8

    machnamh a dhéanamh ar a dhul chun cinn, lena n‑áirítear na chéad chéimeanna eile a phleanáil 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Meas ar chearta agus ar mhothúcháin daoine eile
  1. 9

    páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht choirp ar shlí chuimsitheach, agus é meabhrach ar riachtanais agus mothúcháin daoine eile  

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Ceannasaíocht
  1. 10

    cáilíochtaí na ceannasaíochta éifeachtaí a léiriú de réir mar a thugann sé faoi róil cheannaireachta in eagrúchán agus rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp 

  2. 11

    cumas a léiriú feidhmiú go freagrach gan mhaoirsiú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7 An méid atá foghlamtha a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs níos leithne
  1. 12

    pleanáil a dhéanamh i dtaca le rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp lasmuigh den rang corpoideachais

  2. 13

    a bhfuil foghlamtha aige i dtaca le freagracht phearsanta agus shóisialta a ghlacadh a chur i bhfeidhm lasmuigh den rang corpoideachais

Is é atá i dTeagasc cluichí le haghaidh tuisceana (TCT) ná cur chuige fadhb bhunaithe i leith theagasc cluichí. Is é príomhaidhm an mhúnla curaclaim seo léargas beartach agus scileanna cinnteoireachta an fhoghlaimeora a fhorbairt in gcluichí éagsúla. 
In TCT, déantar cluichí a rangú faoi cheithre phríomhchatagóir:

  • cluichí ionraidh, amhail peil Ghaelach, sacar agus haca
  • cluichí eangaí/balla, amhail badmantan agus scuais
  • cluichí buailte/gabhála, amhail cluiche corr agus cruicéad
  • cluichí targaide, amhail galf agus babhláil.

In TCT, foghlaimíonn an scoláire gur féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir prionsabal na himeartha laistigh de chluiche agus cluichí eile a thiteann isteach sa rannóg chéanna. Mar shampla, is féidir prionsabail ghinearálta an ionsaithe agus na cosanta mar a chleachtar iad sa pheil Ghaelach a chur i bhfeidhm freisin sa sacar agus sa chispheil. 
Seo a leanas gnéithe riachtanacha de Theagasc cluichí le haghaidh tuisceana:
Imirt an chluiche—glacann an foghlaimeoir páirt i gcluiche atá oiriúnaithe le haird a dhíriú ar fhadhb áirithe sa chluiche.
Léirthuiscint ar chluiche—tagann an foghlaimeoir isteach ar an tuiscint go múnlaíonn rialacha, oiriúnuithe ó thaobh rialacha de agus líon na n imreoirí foirm an chluiche.
Léargas beartach—forbraíonn an foghlaimeoir feasacht ar bheartaíocht, nó an léargas beartach a bhíonn de dhíth le fadhbanna sa chluiche a réiteach.
Cinntí oiriúnacha a dhéanamh—socraíonn an foghlaimeoir ar an rud atá le déanamh, an uair atá sé le déanamh, an fáth a bhfuil sé le déanamh agus an dóigh lena dhéanamh.
Cleachtadh scileanna—déanann an foghlaimeoir cleachtadh chun a chuid scileanna a fheabhsú agus an imirt aige mar aon lena chuid gluaiseachtaí nuair nach bhfuil an imirt aige.
Feidhmíocht—foghlaimíonn an scoláire mar is féidir léargas beartach a úsáid agus é ag imirt agus mar is féidir a dhul chun cinn a mheas.
Is gné thábhachtach den teagasc agus foghlaim in TCT é déanamh cluichí. Bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir a bheith ag comhoibriú lena phiaraí i ndearadh agus coigeartú cluiche úir atá bunaithe ar a eolas agus tuiscint ar bheartaíocht agus prionsabal na himeartha atá éifeachtach sa chluiche/aicme cluichí atá á himirt sa rang. 

Is iad na cuspóirí de chorpoideachas na sraithe sinsearaí a ndírítear orthu in TCT ná tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:

  • muinín, inniúlacht agus cruthaitheacht a fhorbairt i réimse gníomhaíochtaí coirp
  • a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil
  • tuiscint a chur ar róil éagsúla sa ghníomhaíocht choirp

Tá leagtha amach sa tábla a leanas an t ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Theagasc cluichí le haghaidh tuisceana. Féadann an foghlaimeoir, i gcomhairle lena mhúinteoir, na torthaí foghlama a roghnú ar mhaith leis díriú orthu sa mhúnla seo, agus aird chuí aige ar na háiseanna atá ar fáil laistigh den scoil.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Léirthuiscint ar chluiche
  1. 1

    cuntas a thabhairt ar na gnéithí a mhúnlaíonn foirm an chluiche roghnaithe lena n‑áirítear rialacha, teorainneacha agus scóráil 

  2. 2

    critíc a dhéanamh ar cé acu a fhágann nó nach bhfágann na rialacha gur cluiche taitneamhach dúshlánach é cluiche, agus ar conas a dhéantar é sin

  3. 3

    na ‘rialacha tábhachtacha’ a chomhaontú a gcloífear leo de réir mar a thugann sé faoin spórt roghnaithe

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Beartaíocht agus prionsabail na himeartha iontu seo a leanas: • cluichí buailte agus gabhála • cluichí eangaí/balla • cluichí ionraidh (Imirt ionsaitheach agus chosantach)
  1. 4

    imirt ionsaitheach iomchuí a shocrú, dó féin, nó mar imreoir tacaíochta i gcásanna ionsaithe éagsúla  

  2. 5

    spás ina limistéar imeartha a chosaint agus é faoi ionsaí i gcásanna éagsúla

  3. 6

    a bheith rannpháirteach go héifeachtach mar chuid d’fhoireann, lena n‑áirítear trí chumarsáid éifeachtach a dhéanamh 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Déanamh cluichí
  1. 7

    cluiche nua a chruthú in éineacht lena phiaraí, rud a léireodh tuiscint ar bheartaíocht agus ar phrionsabail phríomha na haicme cluichí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu

  2. 8

    an cluiche a choigeartú trí shraith cleachtaí

  3. 9

    an cluiche nua a theagasc dá phiaraí, lena n‑áireofaí na coigeartuithe riachtanacha

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.