Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú

Is bunchuid den teagasc agus foghlaim i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí é an measúnú. Éascaíonn measúnú leanúnach don scoláire a chuid foghlama a léiriú le go bhfaighidh sé aiseolas múnlaitheach maidir lena rannpháirtíocht, a fheidhmíocht agus a fhoghlaim a fheabhsú. Féadann an scoláire aiseolas a fháil de réir mar a thugann sé faoi ghníomhaíochtaí amhail taibhiú, dul in iomaíocht, imeachtaí gníomhaíochta coirp a eagrú, cuir i láthair a ullmhú, feachtais abhcóideachta le haghaidh gníomhaíocht choirp a dhearadh, féinmheasúnú agus piarmheasúnú, machnamh agus glacadh le róil eile seachas róil taibheora. Is féidir go bhfaighfí aiseolas cuiditheach ó phiaraí, ón múinteoir agus/nó trí úsáid TFC lena n áireofaí aipeanna, le linn nó tar éis imeachtaí measúnaithe. Trí fhreagracht mhéadaithe a ghlacadh as a fhoghlaim féin, féadann an scoláire na scileanna a fhorbairt atá ag teastáil le haghaidh rannpháirtíocht fhéintreoraithe ar feadh an tsaoil sa ghníomhaíocht choirp. Soláthraítear freisin, tríd an measúnú, faisnéis don mhúinteoir agus don scoláire maidir leis an méid atá á fhoghlaim ag an scoláire, na dóigheanna a mbíonn sé ag foghlaim agus mar is féidir an teagasc agus an fhoghlaim a phleanáil agus a fheabhsú. Is féidir faisnéis agus comhairle bhreise maidir leis na dóigheanna a bhféadann an measúnú leanúnach tacú le foghlaim an scoláire sa chorpoideachas a aimsiú i  Sraith Straitéisí Measúnaithe CNCM: Díriú ar an bhFoghlaim.

Punanna a úsáid le tacú leis an measúnú chun foghlama in CCSS

Soláthraíonn úsáid na punainne solúbthacht don fhoghlaimeoir le fianaise a bhailiú maidir le cur chun cinn a fhoghlama agus a fheidhmíochta in CCSS. De réir mar a chuireann an scoláire gníomhaíochtaí éagsúla measúnaithe leanúnaigh i gcrích, lena n áirítear athmhachnamh le linn agus ag deireadh na mbloc oibre éagsúil, bailíonn sé píosaí éagsúla fianaise dá chuid foghlama i bpunann. Níl sé i gceist go mbaileoidh an foghlaimeoir fianaise de gach gníomhaíocht a chuirtear i gcrích. Spreagtar an foghlaimeoir le meáin éagsúla a úsáid, lena n áirítear grianghraif, taifeadtaí físe agus/nó fuaime, leis an bpunann a chomhlánú. Cuireann úsáid TFC ar chumas an fhoghlaimeora a bheith ag oibriú go neamhspleách ar a phunann agus na cineálacha scileanna a fhorbairt a thacóidh leis forbairt ina fhoghlaimeoir féintreoraithe. Is féidir na punanna a dhéanamh ar pháipéar nó i bhformáid dhigiteach, ag brath ar na tosca ar leith i ngach scoil. Tá comhairle bhreise maidir le bainistiú phunann an scoláire ar fáil in Aguisín A. Tá cuntas ar mhíreanna samplacha ó na bloic éagsúla oibre a bhféadfaí iad a chur isteach i bpunann in Aguisín B.

Punann taispeántais

Féadann an múinteoir a ligean don fhoghlaimeoir rogha de mhíreanna óna phunann a úsáid chun punann taispeántais a thiomsú. Ba cheart go léireodh an rogha seo fianaise den fhoghlaim thábhachtach atá déanta aige i ngach bloc oibre i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí. Féadann an foghlaimeoir na tréithe cáilíochta thíos a úsáid chun tacú leis punann taispeántais a bheadh curtha le chéile go cúramach aige a thiomsú. Is féidir comhairle bhreise maidir le conas míreanna a roghnú agus leis na rudaí a d’fhéadfaí a chur isteach i bpunann taispeántais a fháil in Aguisín C.
Is féidir freisin go mbeadh ról gníomhach ag an bhfoghlaimeoir i measúnú na punainne taispeántais, nó is dóchúla ansin go nglacfadh sé úinéireacht chucu féin agus tairbhe a bhaint as an eispéireas. Is féidir é a spreagadh freisin le measúnú a dhéanamh ar a fheabhas a léiríonn a phunann na tréithe cáilíochta le haghaidh na punainne taispeántais trí na scileanna féinmheasúnaithe agus piarmheasúnaithe atá foghlamtha aige le linn an chúrsa a úsáid.

Critéir Mheasúnaithe le haghaidh na punainne taispeántais

Tá gach comhpháirt den phunann curtha isteach ar shlí dhea eagraithe agus clár ábhar san áireamh. Tá meáin éagsúla san áireamh. Léiríonn míreanna go soiléir fianaise den fhoghlaim le haghaidh éagsúlacht de thorthaí foghlama don bhloc oibre seo. Léiríonn an foghlaimeoir tuiscint shuntasach ar na coincheapa atá i gceist agus ar an bhfeidhm atá leo. Tá fianaise shuntasach ann de chumas breithniú a dhéanamh ar an méid atá an fhoghlaim ag dul i bhfeidhm ar a mheonta, a thuairimí agus a iompraíocht. Tá comhpháirt an fhéinmheasúnaithe comhlánaithe ina léirítear grinneas smaointe agus léargais.

Tá an chuid is mó de chomhpháirteanna na punainne san áireamh. Léiríonn na míreanna foghlaim i roinnt de na torthaí foghlama roghnaithe le haghaidh an bhloic oibre seo. Tá an scoláire tar éis tuiscint éigin a fháil ar na coincheapa agus tá iarracht déanta iad a chur i bhfeidhm. Tá fianaise éigin ann de chumas breithniú a dhéanamh ar an méid atá an fhoghlaim ag dul i bhfeidhm ar a mheonta, a thuairimí agus a iompraíocht. Tá comhpháirt an fhéinmheasúnaithe comhlánaithe agus léirítear leis fianaise de smaoineamh agus de bhreithniú cúramach.

Tá an phunann neamhchríochnaithe den chuid is mó. Tá beagán fianaise nó fianaise ar bith ann d’fhoghlaim thábhachtach. Tá tuiscint iontach teoranta nó níl tuiscint ar bith ag an scoláire ar na coincheapa. Tá beagán fianaise nó níl fianaise ar bith ann de chumas machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim. Níl comhpháirt an fhéinmheasúnaithe comhlánaithe.

Tá sé tábhachtach go n aithníonn an scoil go foirmiúil rannpháirtíocht an fhoghlaimeora i gcorpoideachas na sraithe sinsearaí, lena n áirítear comhlánú na punainne, ar bhealach atá bríoch don scoláire.  

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.