Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ceol

Sraith gníomhaíochtaí ceoil idirghaolaithe atá i gceist i gCeol na hArdteistiméireachta, i ngach ceann de thrí chroí-réimse an cheoil – seinm, cumadóireacht agus éisteacht. Sa tseinm, roghnaíonn scoláirí as rogha gníomhaíochtaí seanma aonair agus/nó grúpa. Sa chumadóireacht, sealbhaíonn scoláirí tuiscint ar struchtúr agus ar fhoirm an cheoil, agus san éisteacht, foghlaimíonn siad conas eispéireas saibhir éisteachta a bheith acu trí iad féin a nochtadh do cheoil ó thréimhsí, stíleanna agus seánraí difriúla.

Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.