Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Mhatamaitic

I Matamaitic na hArdteistiméireachta tógtar ar an mhatamaitic a foghlaimíodh sa tsraith shóisearach agus féachtar leis an eolas, na scileanna agus an tuiscint mhatamaiticiúil is gá chun leanúint den oideachas, dul ar aghaidh sa saol agus dul i mbun oibre a thabhairt don dalta. Cabhraíonn staidéar ar an matamaitic le daltaí smaoineamh ar shlí sholúbtha, dea-araíonachta chun fadbhanna a réiteach i gcomhthéacsanna matamaiticiúla agus i gcomhthéacsanna san fhíorshaol.

Ar thrí leibhéal a chuirtear an siollabas ar fáil –  Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal – agus measúnaítear é ar gach ceann de na leibhéil sin. Bíonn dhá pháipéar scrúdaithe ag an Ardleibhéal agus an nGnáthleibhéal agus scrúdpháipéar amháin ag an mBonnleibhéal.

Gheofar eolas breise ar Tionscadal Mata ag www.ncca.ie/projectmaths